Tá sé aitheanta ag Roinn na Gaeltachta nach bhfuil gnéithe den reachtaíocht teanga curtha i bhfeidhm “chomh tapa agus a bhíothas ag súil leis” ach tá súil acu go ndéanfar dul chun cinn an bhliain seo chugainn.
Mar fhreagra ar cheisteanna faoin mbreis is €10 milliún a bhí curtha i leataobh don Ghaeilge in 2024 ach nár caitheadh, dúirt urlabhraí ón Roinn go raibh obair leanúnach ar bun i dtaca le cur i bhfeidhm iomlán Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, a ritheadh in 2021.
Foilsíodh anuraidh an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a bhí geallta faoin Acht ach níl aon radharc go fóill ar an gcéad cheann den dá phlean gníomhaíochta atá le dul leis.
Bhain €800,000 den €10 milliún le hairgead a bhí le caitheamh ar thionscnaimh seirbhíse poiblí agus cur i bhfeidhm an achta teanga. Dúirt an Roinn go raibh moill le cuid den obair a bhí beartaithe ach go gcuirfear roinnt gnéithe di i bhfeidhm go luath.
“Tá obair stairiúil agus nuálach ar siúl faoin Acht i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach agus, cé go n-aithnítear nach ndearnadh dul chun cinn ar roinnt gnéithe chomh tapa agus a bhíothas ag súil leis, cinnteoidh an méid a rinneadh go dtí seo go mbeidh bunús láidir don mhéid atá le teacht idir seo agus deireadh na bliana – [agus beidh] tairbhe an ama bhreise sin le brath ag pobal labhartha na teanga dá réir.”
Dúradh go dtógann sé am “na struchtúir chuí a chur in áit uaireanta chun caiteachas ciallmhar agus luach ar airgead an Stáit a chinntiú agus a bhainistiú go cuí”.
Bhí cuid den airgead nár caitheadh le caitheamh ar fheachtas feasachta náisiúnta ar na deiseanna fostaíochta atá san earnáil phoiblí do dhaoine le Gaeilge. Tá an feachtas geallta gach bliain le roinnt blianta anuas, ach deir an Roinn anois go bhfuil sé le seoladh in 2026 “i gcomhréir le nithe eile a bheidh le teacht chun cinn faoin Acht”.
Dúirt an t-urlabhraí “nach raibh pobal labhartha na Gaeilge thíos leis mar gheall ar an gcoigilteas” €800,000 mar go ndeachaigh formhór de “i dtreo TG4, a bhí faoin Roinn chéanna ag an am”.
Leagadh amach an t-airgead nár caitheadh ar an nGaeilge i dtuarascáil de chuid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a foilsíodh an tseachtain seo caite.
Léiríodh inti go raibh nach mór €8 milliún a cuireadh ar fáil do scéimeanna Gaeltachta agus Gaeilge fágtha gan caitheamh.
Moill a bhí ar “mhórthionscadail” ba chúis leis an easpa caiteachais a dúradh sa tuarascáil, ach tá tuilleadh sonraí faoi na tionscadail a bhí i gceist faighte ag Tuairisc ón Roinn.
Ina measc, bhí Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna, a bhfuil Ionad Míniúcháin nua le cur leis mar chuid d’fhorbairt nua. Baineadh an chéad fhód ar an suíomh an t-am seo anuraidh agus deir an Roinn go bhfuil súil ann go mbeidh an obair curtha i gcrích “go luath in 2026”.
Dúradh go raibh moill freisin ar an obair ar an ionad oideachais agus óige nua atá beartaithe in Indreabhán. Bronnadh cead pleanála don togra, a bheidh suite ar an suíomh ar a bhfuil Coláiste Lurgan faoi láthair, mí Iúil 2024 ach níl an obair tosaithe go fóill. Deir an Roinn go bhfuil an t-ionad nua ar cheann de “na tograí caipitil pobail is mó riamh” acu sa nGaeltacht agus go bhfuil súil ann tús a chur leis an obair go luath sa mbliain nua.
Luadh obair ar Ionad Pobail na Mine, in Indreabhán, atá curtha i gcrích anois, ar cheann eile de na tograí a raibh moill orthu anuraidh.
Lasmuigh den Ghaeltacht, fágadh beagnach €4 milliún gan caitheamh ar scéimeanna Gaeilge, athfhorbairt cheannáras Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath ina measc.
Dúirt urlabhraí go raibh an athfhorbairt sin ar an “togra teangabhunaithe is mó riamh atá maoinithe ag an Roinn taobh amuigh den Ghaeltacht” agus go raibh os cionn €3 milliún caite cheana féin chun an réamhobair a chur i gcrích.
“Táthar i mbun oibre ar na doiciméid tairisceana do Chéim 3 (móroibreacha tógála) a ullmhú faoi láthair le súil na móroibreacha a bheith tosaithe in 2026,” a dúradh. Tá amharclann, caifé agus stiúideo raidió nua i measc na n-áiseanna a bheidh ar fáil san ionad nua.
Fógraíodh sa mBuiséad an tseachtain seo go bhfuil nach mór €13 milliún d’airgead caipitil le caitheamh ar fhorbairt an ionaid óige agus oideachais in Indreabhán agus ar thionscanmh Shráid Fhearchair in 2026.
Deir an Roinn go ndéantar “gach iarracht na tionscadail uile seo a bhrú chun cinn chomh pras agus is féidir laistigh de na coinníollacha agus na rialacháin ábhartha maidir le soláthar poiblí, pleanáil, caiteachas agus dlí”.
“Tarlaíonn in amanta go gcuirtear moill ar an dul chun cinn agus critéir den chineál sin [atá] luaite a dhearbhú,” a dúradh.
Fág freagra ar 'Moill ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga aitheanta ag Roinn na Gaeltachta'