Mo Salah, an t-aon Mo atá níos scanrúla ná an Modh Coinníollach agus Juan Jaysus

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Is fearr liom féin nuair a bhíonn na craoltóirí poiblí, RTÉ agus TG4, i mbun an spóirt ach ar na hoícheanta móra san Eoraip éiríonn lucht an aineolais fiú gafa le seó bóthair an tsacair

Mo Salah, an t-aon Mo atá níos scanrúla ná an Modh Coinníollach agus Juan Jaysus

Bhíomar bodhraithe ar fad an tseachtain seo leis an gclampar ar fad faoi Shraith na Seaimpíní (TV3 Dé Máirt agus RTÉ 2 Dé Céadaoin). I gcaitheamh an dá oíche bhíomar in ann lán ár gcuid súl a bhaint as Ronaldo, Benzema, Mo Salah, Lewandowski agus a thuilleadh eile nach iad. Piardaí mór shacar na hEorpa i lár an aonaigh do na babhtaí leathcheannais.

N’fheadar canathaobh ach is fearr liom féin nuair a bhíonn na craoltóirí poiblí (RTÉ agus TG4) i mbun an spóirt. Mothaím gurb é an sop in áit na scuaibe atá againn nuair is iad Sky, TV3, Eir agus a macasamhla a bhíonn ag tindeáil orainn. Taibhsítear dom gur ar phinginí pitseála a dhéantar táirgí na gcomhlachtaí príobháideacha. B’fhéidir go bhfuil na créatúir á ndaoradh san éagóir agam agus nach bhfuil sa cháineadh sin ach doicheall an tseanphlanda a chuid nósanna a athrú.

Pé acu scéal é is in olcas a rachaidh an scéal. Tá rugbaí sleamhnaithe ó RTÉ le blianta agus is mó ceárta atá ag cantáil a gcoda orthu ó thaobh CLG. Cá mbeimid i gceann deich mbliana? Fuaireas an-bhlas riamh ar chur i gcéill agus bladaireacht Dunphy, Hook agus Brolly. Aireoimid uainn iad nuair a bheidh siad ar fad imithe agus sinn i dtaobh le cur chuige patuar na stáisiún tráchtála.

Is iad Graeme Souness agus Brian Kerr a bhí sa stiúideo le Tommy Martin Dé Máirt agus rith sé liom arís eile go raibh an chuma ar Souness go mb’fhearr leis a bheith ag sluaisteáil guail ar an leac is íochtaraí in ifreann ná a bheith sa stiúideo. Bhí Brian Kerr ar a dhícheall taobh leis ach ní dóigh liom go mbíonn an léargas chomh stuifiúil sin aige.
Chac na Gearmánaigh ar na huibheacha agus thugadar an deis do Real Madrid na cosa a thabhairt leo isteach sa chluiche ceannais.

Ba dhóbair gur chac Liverpool iad féin ar an huibheacha an oíche dár gcionn. Dunphy, Brady agus Sadlier ag cur díobh go deisbhéalach ciotrúnta. Chaitheas gáire nuair a dhein Brady tagairt do Juan Jesus, imreoir de chuid Roma, mar ‘Jaysus’. Bhraitheas go ndein duine dá chomhghleacaithe smut de gháire chomh maith. Ronnie Whelan agus George Hamilton sa bhí sa Róimh agus meabhraíodh dúinn gur sa Stadio Olimpico a bhuaigh Ronnie Corn na hEorpa i 1984.

Mheabhraigh an t-ionsaí ar Sean Cox, agus an bhéim a cuireadh ar chúrsaí slándála don chluiche seo, go bhfuil toise dorcha ag baint leis an spórt seo i gcónaí. Bhí ardú croí ag baint leis na beannachtaí a bhí á seoladh chuig Sean ó chian is ó chóngar; an brat Gaelainne san áireamh.

Ar oícheanta móra mar seo éiríonn lucht an aineolais agus na neamhshuime gafa le seó bóthair an tsacair.

Ní raibh aon easpa báidí orainn sa chluiche féin cé nár éirigh leis an draoi Salah aon cheann a aimsiú an geábh seo. Beidh lá eile ag Mo, an t-aon Mo atá níos scanrúla ná an Modh Coinníollach, faoi mar a dúirt duine tráthúil ar Twitter. Ráineodh go ndéanfadh Mo an beart sa chluiche ceannais in Kiev, mar a dhéanann an Modh Coinníollach bocht do chuid gach lá dár saol.

Fág freagra ar 'Mo Salah, an t-aon Mo atá níos scanrúla ná an Modh Coinníollach agus Juan Jaysus'