Dúirt bean ar m’aithne go raibh teacht aniar inti liom blianta siar go dtabharfadh sí teip ghlan i scrúdú d’aon duine a thosnódh alt le ‘seanfhocal’ nó le píosa filíochta.
‘Cá raibh an úire is an tsamhlaíocht á léiriú ag scríbhneoir nuair a tharraingíonn siad chucu clichés mar sin,’ ar sí go húdarásach.
D’fhág sí gan focal mé.
Ach, agus an méid sin ráite, raichaidh mé sa tseans ar an dteip chéanna.
‘Seana-bheanín mhantach ó Ghleannta na dTor/ Píp ina drandal, is í a’ damhsa as a corp….’
Sin é an rann beag a tháinig isteach im cheann is mé ag léamh scéal sna meáin mar gheall ar sheanmhná thall sa tSín ag rince is ag damhsa is ag déanamh gleo gan scáth gan náire, os comhair an tsaoil, i láithreacha poiblí.
Guangchangwu, rince cearnach, a thugtar ar an ndamhsa a dheineann siad.
‘Aintíní an rince’ atáthar a tabhairt orthu,
‘Zhongguó dámá’ i Mandairínis measaim.
Maidin is tráthnóna feictear na haintíní anamúla amuigh a’ rince is a’ damhsa as a gcorp, in áiteanna iomadúla fud fad na Síne.
Aclaíocht bhreá shláintiúil, teacht le chéile, comhluadar is cairdeas – i bhfad níos saoire ná a bheith ag díol táille giomnáisiam..
Chonac lem’ dhá shúil féin iad nuair a thugas turas ar an tSín blianta siar, taispeántas poiblí ildathach, ribíní grástúla ar foluain agus searradh á bhaint as seana-chnámha i lár an lae ghil.
Gnás de réir dealraimh a théann siar amach an taispeántas poiblí seo dtí an Réabhlóid Chumannach i1949.
Spreag na ‘údaráis’ a leithéid chun aontacht is dílseacht don stát a chothú i measc na ndaoine.’
N’fheadar an tuathalacht, formad nó fuath ban atá i gceist, ach ní hiad na héinne atá buíoch de na ‘girseacha’ aclaí seo sa lá atá inniu ann.
Táthar ag gearán go bhfuil siad róghlórach, go bhfuil an iomarca ‘spáis’ á thógaint suas acu, go bhfuil siad ag teacht sa tslí ar dhaoine.
Agus ní hiad na haintíní aclaí seo, an t-aon dream cnagaosta atá ag tarrac drochaird orthu féin thall ansiúd, de réir dealraimh.
Tuairiscítear ó áiteanna éagsúla sa tSín go bhfuil béas aige seandaoine a bheith ag brú isteach i mbialanna ‘Bia Gasta’ le linn teas is brothall an tsamhraidh, á gcaitheamh fhéin siar ar na toilg ag sranntarnach agus a’ baint lán-úsáid as an gcóras aerchóirithe, gan fiú agus cupán caife á cheannach acu san áit.
Bíonn cuid eile acu a’ súil, ag éileamh go deimhin, go n-éireodh is go dtabharfaidh ‘gnáthdhaoine’ suíochán ar an gcóras taistil poiblí dóibh, daoine tugtha traochta a’ teacht ó obair agus lá fada curtha díobh acu.
Borb tuathalach go maith a bhíonn siad mura bhfaigheann siad suíochán ar an dtoirt, bail orthu.
Tá teoiric ann gur de shliocht na Réabhlóide Cultúir iad seo, daoine a bhí ina mbaill de Ghardaí Dearga Mao Zedong, dream a dhein scrios millteach ar éinne a measadh a bheith meánaicmeach, idir mhúinteoirí agus intleachtóirí. Ionsaíodh agus milleadh Teampaill, saothair ealaíne is leabhair le linn an fheachtais dhiamhair sin.
Cuireadh na milliúin chun báis go héagórach.
Níor fhreastail na Gardaí Dearga seo ar aon scoil, agus táid mórtasach as a n-aineolas, meastar.
Dá réir, deineann siad pé ní is maith leo féin, beag beann ar mheon ná breithiúnas an phobail.
Nach é Mao, an bithiúnach fuilteach, a bheadh mórtasach astu.
Carraig
Bíd amuigh le moch maidine, glór is glisiam ó thalamh acu gan aon bheann acu ar dhaoine bochta a chaitheann éiriú amach chun oibre.
Is ró-chuma leo, mar féadann siad féin an leaba a thabhairt orthu féin aríst agus srúmataíl bhreá a dhéananh go tráthnóna.
Radios acu go minic in airde ar lic na fuinneoige agus tú féin oiriúnach le ceangal sa leabaidh istigh.
Ní haon mhaith labhairt leo, féachaint bhinbeach a gheobhair, sin uile.
Seán
‘Gweilo’ a thugann siad ar an duine geal.
Sin ‘diabhal bán’ go liteartha, agus ní leasc leo é sin a thabhairt ort má chuireann tú olc orthu!
Thug mé 7 mbliana sa tSín agus bhain mé sásamh nach beag as.
Aon rud amháin, tá siad an-leanúnach ar a chéile agus is breá leo bheith i gcomhthaláin spóirt, rince, aclaíochta nó ceoil agus turlabhait an diabhail bhuí (!) á dhéanamh acu a mhúsclódh na mairbh féin!
Ar an gcaoi sin is féidir leo ainsprideanna a dhíbirt, dar leo.
Bhuel dhíbir siad an maicín seo óna áit chónaithe pé ‘r bith é!