MIONLÉIRMHEAS: Cosaint ar an gcos ar bolg a bhí ar siúl ag na Briotanaigh ar fud an domhain

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo. Ag cosaint an Choilíneachais agus grianghraif agus haiku…

MIONLÉIRMHEAS: Cosaint ar an gcos ar bolg a bhí ar siúl ag na Briotanaigh ar fud an domhain
Saighdiúirí Briotanacha tar éis dóibh pálás Bheinin san Afraic Thiar a chreachadh sa bhliain 1897. (Wikimedia Commons)

Ina leabhar Colonialism: a moral reckoning a foilsíodh i mbliana, cosnaíonn an tUrramach Nigel Biggar an ghadaíocht agus an chos ar bolg a bhí ar siúl ag na Briotanaigh ar fud an domhain. Is ollamh in Ollscoil Oxford é Biggar.

Pictiúr leis an ealaíontóir Vasily Vereschagin

Trodaithe ar son na saoirse san India, ceangailte de ghunna mór. Shéidtí cloigeann an tírghráthóra san aer.

Cháin Rialtas Shasana an t-ealaíontóir Rúiseach Vasily Vereschagin as a chuid bolscaireachta (dar leo) in aghaidh na hImpireachta.

Creideann an tUrramach Biggar gur uirlis riachtanach ag stát ar bith é fórsa a úsáid. Caillfimid ‘ár gcreideamh san Iarthar’ a deir sé má leagtar béim ar pheacaí na hImpireachta agus an choilíneachais. Is i Roinn na Diagachta agus na hEitice (!) in Oxford atá an tUrramach Biggar ag obair.

 

Grianghraif agus haiku

Is Seiceach é Petr Bambousek agus sa ghailearaí ar líne aige bíonn deis againn aoibhneas a bhaint as iontais na bhforaoisí báistí. Cósta Ríce mar shampla.

Seachas an India, is dóigh liom gurb é Cósta Ríce an tír is mó a thaitin liom. Ní hé an tírdhreach amháin é: níl aon arm ag an tír sin agus dá ndéanfadh gach tír ar domhan aithris ar Chósta Ríce, bheadh deireadh le cogaíocht go deo. (Nó an dtosóimis ag caitheamh cloch lena chéile?)

Sa ghailearaí aige feicfidh tú rudaí nach bhfeicfidh tú ar chúl an tí agat féin, an frog crainn súildearg, cuir i gcás, agus caimileon a ainmníodh i ndiaidh Arthur O’Shaughnessey, an file Sasanach de bhunadh na hÉireann.

Nuair a chorraíonn grianghraf mé, spreagtar mé chun haiku a scríobh. Tar éis dom machnamh ar an ngrianghraf seo de chuid an tSeicigh, shamhlaíos aistear á dhéanamh ag scata anamacha:

athchollúchas . . .

aistear anamacha

is mise ina measc

I measc na ngrianghrafadóirí a gceanglaím haiku lena gcuid grianghraf, agus a stíl féin ag gach duine acu, tá an Bleá Cliathach, Jason Symes,an Gréagach,Kon Markogiannis, an Beangálach, Debiprasad Mukherjee – Nasc 1, Nasc 2, fear na hAlban Nua, Jerry Katz agus an Meiriceánach,Ron Rosenstock

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Cosaint ar an gcos ar bolg a bhí ar siúl ag na Briotanaigh ar fud an domhain'

  • Sea, muise...

    An tEasurramach Biggar, muise. Níor chóir a ligean amach gan adhastar.