Mionlach na heasaontóirí ach oireann an folús agus guagacht pholaitiúil dóibh

Ní rámhaillí amach is amach is cúis leis an imní go mbainfidh easaontóirí aimhleas as an bpairilis mura ndéanann na rialtais beart chun fóint ar an bpobal

Mionlach na heasaontóirí ach oireann an folús agus guagacht pholaitiúil dóibh

Gerry Adams. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Bhailigh na céadta de phobal iarthar Bhéal Feirste oíche Dé Luain chun an t-eiteachas a thabhairt don fhoréigean agus an seicteachas. Bhí siad ag seasamh gualainn ar ghualainn le Gerry Adams agus an poblachtánach aitheanta, Bobby Storey, tar éis ionsaithe phléascacha ar a dtithe. Rinne pobal Dhoire an rud céanna oíche Dé hAoine seo caite tar éis na gcíréibeacha i dTaobh an Bhogaigh.

Bhí Doire ciúin ó shin agus ba chosúil gur eachtra aon oíche ab ea na hionsaithe le gairis loiscneacha ar thithe mhuintir Adams agus mhuintir Storey oíche De hAoine seo caite. Cuireadh an milleán ar easaontóirí poblachtacha cé nach raibh sé soiléir an ‘rith aonair’ nó ionsaí ceadaithe ag ceann de na mion-ghrúpaí easaontacha iad na ruathair in iarthair Bhéal Feirste.

Tá a fhios ó thaighde a foilsíodh le déanaí agus ón PSNI gur mian leis na heasaontóirí leas a bhaint as an nguagacht faoin mBreatimeacht chun mioscais a chothú. Dúirt Príomh-Chonstábla an PSNI le coiste Parlaiminte go raibh earcaíocht ar siúl ag cuid acu chun a theacht i dtír ar athrú ar bith a tharlódh ag an teorainn. Ó rinne an Fíor-IRA sléacht ar an Ómaigh fiche bliain ó shin tá feachtais ar siúl ag easaontóirí éagsúla chun an bonn a bhaint den pholaitíocht agus den phóilíneacht. Ina theannta sin ba mhaith leo na daoine a thacaigh le Sinn Féin a ghríosú chun foréigin – beart a scriosfadh an próiseas síochána.

I mí Eanáir i mbliana d’fhógair an bhuíon a thug Óglaigh na hÉireann orthu féin sos cogaidh –mar nach raibh an ‘timpeallacht’ feiliúnach le haghaidh comhrac armtha ag an am seo. Bhí feachtas fíochmhar acu sin in aghaidh an PSNI – dírithe go háirithe ar Chaitlicigh sna póilíní; maíodh gurb iad a bhí ciontach as an ionsaí uafásach ar Pheadar Heffron, i measc eachtraí eile. Tá grúpaí eile gníomhach i nDoire, ar an Lorgain agus i mBéal Feirste agus más lag nó láidir iad, tá sé ar a gcumas trioblóid a chothú mar a chonacthas i nDoire an tseachtain seo caite agus sna hionsaithe ar Gerry Adams agus Bobby Storey.

Chuir Sinn Féin físeán CCTV ar fáil do na meáin agus don PSNI a thaispeáin tine ealaíne chumhachtach á caitheamh ó charr ag teach Adams. Bhuail sí gluaisteán páirceáilte, rinneadh damáiste ach níor gortaíodh aon duine. Bhí pleanáil i gceist. Tine ealaíne de ghrád tionsclaíoch ab ea an gaireas. Cul de sac is ea an tsráid ina bhfuil an teach. B’éigean don ionsaitheoir tiomáint thar bráid agus iompú ar ais chun a bheith in ann teitheadh ón láthair tar éis an gaireas a theilgean.

Thug Gerry Adams dúshlán na ndaoine a bhí freagrach míniú a thabhairt dó agus mhol sé do dhaoine guaim a choinneáil orthu féin. Dúirt a chomharba, ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald nach gcuirfí Sinn Féin dá gcúrsa. Ina hóráid ag an teacht le chéile i mBaile Andarsain oíche Dé Luain dúirt sí gur fíorphoblachtánaithe iad Adams agus Storey murab ionann agus na heasaontóirí arb iad naimhde an phobail iad.

Níor cheart mór a dhéanamh de na heasaontóirí ar ndóigh. Is mionlach bídeach gan tacaíocht iad atá ag dul in aghaidh thoil an phobail, thuaidh agus theas, mar a léiríodh san reifreann ar Chomhaontú Aoine an Chéasta. Ach ní hiad amháin atá ag lagú an Chomhaontaithe sin faoi láthair. Bliain go leith ó thit Stormont tá an tionscnamh polaitiúil abhus níos laige ná mar a bhí ariamh.

Nuair a bhí folús i Stormont cheana bhí riail dhíreach ó Westminster ann agus ról comhairleach ag an Rialtas i mBaile Átha Cliath. An t-am seo tá rialtas na Breataine chomh héagumasach le Stormont, faitíos ar Státrúnaí na Breataine aon cheo a dhéanamh ar fhaitíos nach dtaitneodh sé leis an DUP atá ag coinneáil Theresa May i gcumhacht – más ar éigean é. Nuair a chuirtear an Breatimeacht san áireamh freisin tá meascán mearaí againn.

Tá an caidreamh idir an dá phríomhpháirtí, an DUP agus Sinn Féin, an-dona. D’ainneoin beagán comharthaí athmhuintearais le gairid níl ceachtar ag bogadh óna línte dearga. Gan cathaoirleach nó áisitheoir neamhspleách conas is féidir an tsáinn a fhuascailt? Fiú dá mbeadh na páirtithe toilteanach margadh a dhéanamh bheadh gá le hatheagar suntasach ar Stormont i bhfianaise a bhfuil faighte amach ag fiosrú an RHI faoi easpa gairmiúlachta i riaradh na ranna ansin.

Sin é an comhthéacs don Chomhdháil Idir-Rialtais an tseachtain seo chugainn, an chéad chruinniú den bhforas sin le haon bhliain déag. D’ainneoin an teannas Angla-Éireannach atá ann faoin mBreatimeacht agus beag beann ar cheangal an DUP ar rialtas May caithfear a dhul i ngleic leis an bhfolús. Ní rámhaillí amach is amach is cúis leis an imní go mbainfear aimhleas as an bpairilis mura ndéanann na rialtais beart chun fóint ar an bpobal.

Fág freagra ar 'Mionlach na heasaontóirí ach oireann an folús agus guagacht pholaitiúil dóibh'