‘Míniú’ faighte ar ‘mhistéir’ bhád neamhghnách a fuarthas ar snámh amach ó Inis Oírr

Cé gur ceapadh gur bhád tarrthála de chuid gharda cósta Mheiriceá a bhí sa soitheach, creidtear anois gur High Speed Maneuverable Surface Target as Norfolk Virginia atá ann

‘Míniú’ faighte ar ‘mhistéir’ bhád neamhghnách a fuarthas ar snámh amach ó Inis Oírr

Meastar anois gur bád dróin speisialta de chuid chabhlach Stáit Aontaithe Mheiriceá an soitheach neamhghnách ar thángthas air amach ó chósta Inis Oírr tráthnóna inné.

Cé gur ceapadh gur bád tarrthála de chuid gharda cósta Mheiriceá a bhí sa soitheach, creidtear anois gur High Speed Maneuverable Surface Target atá ann, is é sin bád cianrialaithe a úsáideann cabhlach Mheiriceá agus iad ag cleachtadh targaidí a bhualadh.

Criú an bháid farantóireachta an Doolin Express a tháinig ar an mbád agus í ar snámh béal fúithi san uisce amach ó Inis Oírr tráthnóna inné.

Thug lucht an Doolin Ferry Company agus bád iascaigh as Inis Oírr an bád ar théad isteach ar an trá ar an oileán Gaeltachta.

Fuarthas dhá inneall ar an mbád agus ba léir ó na bairnigh a bhí ag fás uirthi go raibh sí i bhfad i bhfarraige. Meastar go bhféadfadh cúpla bliain a bheith ann ó cuireadh an bád, a tógadh in 2015, chun farraige.

Measadh inné gur bád tarrthála míleata gasta a bhí inti ach chuir lucht an Doolin Ferry Company scéala amach ar na meáin shóisialta ag lorg tuilleadh eolais faoin mbád agus creidtear anois gur targaid dromchla ardluais chianrialaithe atá inti agus gur tháinig sí as Norfolk Viriginia, atá breis is 5,000 míle ó Inis Oírr.

Bíonn an cabhlach agus an t-arm ag scaoileadh leis na báid targaide seo mar chleachtadh agus is féidir iad a oibriú ó chian.

Fág freagra ar '‘Míniú’ faighte ar ‘mhistéir’ bhád neamhghnách a fuarthas ar snámh amach ó Inis Oírr'