Micheál Breathnach tríd go dtí cluiche ceannais Chonnacht agus Ard an Rátha slán i dTír Chonaill

Is i nGaillimh agus i nDún na nGall a bhí na cluichí móra craoibhe sa Ghaeltacht an deireadh seachtaine seo caite

Micheál Breathnach tríd go dtí cluiche ceannais Chonnacht agus Ard an Rátha slán i dTír Chonaill

Captaen Mhicheál Breathnach, Cian Mac Giolla Bhríde

Micheál Breathnach tríd go dtí cluiche ceannais Chonnacht

Bhí iománaithe Mhicheál Breathnach ag ceiliúradh i Staid an Phiarsaigh Dé Sathairn agus Craobh Shóisir 1 na Gaillimhe tugtha leo acu. Bua deich bpointe a bhí acu ar Bhearna-Na Forbacha sa chluiche ceannais, 5-12 in aghaidh 0-17.

Beidh peileadóirí na mBreathnach ag imirt in athimirt chluiche ceannais idirmheánach an chontae Dé Sathairn beag seo ach thosaigh seisear de na himreoirí a thosaigh sa chéad chluiche ceannais peile leis na hiománaithe an deireadh seachtaine seo.

Bhí Rónán Ó Beoláin ar dhuine acu. Cúl báire na foirne peile, bhí Ó Beoláin ag imirt sa líne lántosach do na hiománaithe agus scóráil sé trí chúl an deireadh seachtaine seo.

Bhí na foirne ar comhscór ag leath ama, 1-6 in aghaidh 0-9, ach d’aimsigh Micheál Breathnach trí chúl as a chéile i lár an dara leath, péire ag Ó Beoláin agus ceann eile ag Maidhc Ó Conghaile.

Rinne Dónal Ó Cualáin a mhíle dícheall do Bhearna-Na Forbacha – a 0-12 a fuair sé – ach nuair a d’aimsigh Cian Ó Griallais cúl eile do Mhicheál Breathnach tar éis 51 nóiméad, bhí an beart déanta acu. Tá foireann Chois Fharraige cáilithe anois do chluiche ceannais shóisir Chonnacht.

Peadar Mogan (Naomh Náille). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ardú céime bainte amach ag Naomh Náille agus Ard an Rátha slán bliain eile

Beidh Naomh Náille ag imirt sa chraobh shinsir i nDún na nGall an bhliain seo chugainn tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Chloich Cheann Fhaola sa chluiche ceannais idirmheánach inné. Cúl glan a bhí idir na foirne nuair a tháinig deireadh leis an imirt agus an bua ag Naomh Náille, 1-10 in aghaidh 0-10.

Ba é Daniel Brennan a d’aimsigh an cúl cinniúnach sin agus thart ar 20 nóiméad imeartha. Dhá phointe chun tosaigh a bhí Naomh Náille ag leath ama, 1-3 in aghaidh 0-4, ach tháinig Cloich Cheann Fhaola ar ais agus bhí siad pointe amháin chun cinn agus deich nóiméad fágtha. Is iad imreoirí Naomh Náille ba láidre san am a bhí fágtha, áfach, agus fuair siad cúig chúilín san achar sin chun go mbeadh an lá agus an chraobh leo.

Is í foireann Mhálanna atá tite go dtí an grád idirmheánach do 2020 agus an ceann is fearr faighte ag Ard an Rátha orthu sa chluiche ceannais dícháilithe sa chraobh shinsir Dé Sathairn.

Scóráladh trí chúl sa chéad deich nóiméad agus Málainn i gceannas ar an imirt. Bhí siad chun tosaigh ag leath ama, 2-6 in aghaidh 1-2, agus d’éirigh rudaí níos measa d’Ard an Rátha ag tús an dara leath nuair a d’aimsigh a gcéilí comhraic an tríú cúl chun naoi bpointe a chur idir na foirne.

Rinne Ard an Rátha an-teacht aniar agus d’aimsigh siad 1-5 as a chéile. Bhí na foirne ar comhscór agus cúig nóiméad fágtha sa chluiche ach d’aimsigh Ard an Rátha trí phointe as a chéile chun dul chun tosaigh den chéad uair sa chluiche. Níor éirigh le Málainn teacht ar ais agus chaill siad le trí phointe sa deireadh, 2-14 in aghaidh 3-8.

Briseadh croí a bhí i ndán do Na Dúnaibh nuair a chaill siad an cluiche ceannais dícháilithe sa chraobh idirmheánach Dé Sathairn. D’aimsigh James Byrne cúl cinniúnach do Naomh Ultan in am cúitimh agus is acu a bhí an bua, 1-12 in aghaidh 1-8.

Fág freagra ar 'Micheál Breathnach tríd go dtí cluiche ceannais Chonnacht agus Ard an Rátha slán i dTír Chonaill'