Michael Jordan mórchúiseach ag foluain os cionn chláir na gcúirteanna cispheile agus scéinséir eile ó údar ‘Money Heist’

Tá mistéir agus uisce faoi thalamh i sraith Bhéarla/Spáinnise de chuid Netflix agus tá scéal Michael Jordan is na Chicago Bulls tugtha chun críche ag an tseirbhís chéanna

Michael Jordan mórchúiseach ag foluain os cionn chláir na gcúirteanna cispheile agus scéinséir eile ó údar ‘Money Heist’

Sé White Lines (Netflix) an tsraith is déanaí ón scríbhneoir a thug Money Heist dúinn, an tsraith Spáinneach úd a bhfuil dúil thar na bearta ag lucht féachana ar fud na cruinne ar an gceithre shéasúr di atá déanta go dtí seo. Is saothar Béarla/Spáinnise í atá lonnaithe den chuid is mó ar oileán cáiliúil Ibiza.

I gcaitheamh na sraithe déanfar cíoradh ar an mistéir agus an t-uisce faoi thalamh a bhaineann le dúnmharú dioscmharcaigh breis agus fiche bliain ó shin.

Ag tús an chéad chláir tagtar ar chorp Axel Collins in Almería na Spáinne, fear a d’imigh gan tásc ná tuairisc ó oileán Ibiza breis agus fiche bliain ó shin. Nuair a thugann na póilíní le fios dá dheirfiúr Zoe (Laura Haddock) go bhfuil reacht na dtréimhsí caite, tugann sí faoin oileán le scéal a dhúnmharaithe a fhiosrú í féin.

Tá deacrachtaí meabhairshláinte ag an mbean chéanna ó bhí sí óg agus mheas sí gur thréig a deartháir í le héalú ón saol crua a bhí acu in Manchain.

In Ibiza buaileann sí le gach aon sórt leábharaic agus cúblálaí: cairde lena deartháir, lucht rachmais, lucht díolta drugaí, dioscmharcaigh agus lucht freastail fleánna craois is craicinn.  Scéinséir le smut den ghreann agus radharcanna breátha den fharraige; is mór idir sin agus an dianghlasáil.

Tháinig The Last Dance chun críche an tseachtain seo. Sraith í seo a thugann éachtaint ar shaol is gaiscí cispheile Michael Jordan, a bhliain dheireanach leis na Chicago Bulls, ach go háirithe.

Tá cad é bús faoin tsraith le seachtainí agus n’fheadar an é an easpa spóirt, an maoithneachas nó an léargas ar an laoch spóirt seo atá sa Táin is cúis leis an dúil sin. Bailítear meitheal bhreá de chloigne cainte le paistí cainte a dhéanamh, an laoch é féin i lár an aonaigh ach ionchur ó ghaolta, cairde, comhghleacaithe agus céilithe comhraic; agus mise á rá leat go raibh cleatráil mhaith den dream deireanach díobh sin ann.

Do dhream amháin againn tugann an saothar seo siar bóithrín na smaointe sinn; do dhream eile, seo cuntas ar fhoireann a mheasann mórán a bheith ar an bhfoireann chispheile is fearr riamh.

Labhraíonn Jordan é féin go macánta pointeáilte neamhleithscéalach. Léiríonn sé é féin mar fhear uaillmhianach stobarnáilte a bhí gafa go hiomlán leis an iomaíocht agus leis an mbua. Fear nárbh leasc leis beagán a dhéanamh de dhuine a tháinig sa tslí air. Fear a d’fhéadfadh a bheith mustrach tíoránach.

Déantar cur síos ar a óige agus a aistear chun cáile agus é ar foluain os cionn chláir na gcúirteanna cispheile.

Na trí bhua as a chéile i dtosach na nóchaidí agus arís i ndeireadh na nóchaidí. An chomhghuaillíocht le Scottie Pippen agus Dennis Rodman, airgead Nike, ‘Dream Team’ na cispheile ag na cluichí Oilimpeacha i 1992 agus an naimhdeas le leithéidí Isiah Thomas agus Jerry Krause.

Sé Jerry Krause, nach maireann, bithiúnach na sraithe, léamh ná rabhas chomh compordach sin leis óir dhein sé a chion féin lena chinntiú go mbeadh rath ar fhoirne na dTarbh. Cinnte d’fhéadfadh an fear seo, a raibh rian den choimpléasc Napoleon ag cur as dó, a bheith mórchúiseach ceanndána ach deineadh smut d’éagóir air, dar liom. Ba léir go raibh an-smacht ag Jordan ar chomhdhéanamh an chláir.

Sraith shlachtmhar thaitneamhach a thugann éachtaint ar dhuine, ar fhoireann agus ar thréimhse faoi leith i stair na cispheile.

 

Fág freagra ar 'Michael Jordan mórchúiseach ag foluain os cionn chláir na gcúirteanna cispheile agus scéinséir eile ó údar ‘Money Heist’'