Michael Fassbender le Gaeilge a labhairt i scannán nua

Beidh Gaeilge á labhairt ag Michael Fassbender i scannán nua atá á dhéanamh ag na rapálaithe as iarthar Bhéal Feirste, Kneecap

Michael Fassbender le Gaeilge a labhairt i scannán nua

Beidh Michael Fassbender, an t-aisteoir mór le rá ó Chiarraí, ag labhairt Gaeilge i scannán nua atá á dhéanamh ag na rapálaithe as Béal Feirste, Kneecap.

Chonacthas an t-aisteoir, a ainmníodh faoi dhó d’Oscar, ar sheit an scannáin Ghaeilge i nDún Dealgan an tseachtain seo.

Deimhníodh do Tuairisc go mbeadh Gaeilge á labhairt ag Fassbender sa scannán.

Thóg an t-aisteoir, a rugadh sa Ghearmáin, sos ón aisteoireacht tamall de bhlianta ó shin agus ní raibh sé le feiceáil in aon scannán ó tháinig X-Men: Dark Phoenix amach in 2019.

Ag plé le rásaíocht carranna den chuid is mó atá Fassbender ó shin, cé go bhfuil cúpla scannán nua ar na bacáin aige.

Tá sé ag obair chomh maith ar scannán a fhorbairt dá chomhlacht léiriúcháin féin faoi Chú Chulainn.

Tá na rapálaithe as Béal Feirste, Kneecap ag taifeadadh a scannáin i nDún Dealgan agus i mBéal Feirste an tseachtain seo.

Breis agus €1 milliún atá faighte ag an bhfadscannán KNEECAP, ar leagan drámata é de shaol na gceoltóirí Móglaí Bap, D.J. Próvaí and Mo Chara i gcathair Bhéal Feirste.

Chuir Kneecap teachtaireachtaí amach ar na meáin shóisialta le déanaí ag iarraidh ar a gcuid leantóirí a bheith páirteach i radharcanna den scannán atá á dtaifeadadh acu an mhí seo.

Deir lucht an bhanna go mbeidh a scannán ar “an scannán Gaeilge is fearr riamh” agus go mbeidh “aisteoirí mór le rá” le feiceáil ann.

An scannánóir Rich Peppiatt, a raibh a  chéad scannán, One Rogue Reporter, le feiceáil ar Netflix, a scríobh an script do KNEECAP agus atá á stiúradh.

Is é Trevor Birney, ón gcomhlacht léiriúcháin Fine Point Films i mBéal Feirste, atá ag léiriú an scannáin. Ba é Birney a léirigh 66 days, scannán faisnéise mór le rá faoi Bobby Sands.

Rinne Michael Fassbender féin páirt Bobby Sands sa scannán Hunger a tháinig amach in 2008.

Roghnaíodh script KNEECAP, do ‘Mother Tongue Award’ in 2021, scéim do scannáin atá i mbun forbartha i dteanga eile seachas an Béarla.

Chuir Scáileán Thuaisceart Éireann €450,00o ar fáil do KNEECAP agus fuair sé maoiniú €350,000 ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus €205,000 ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge.

Beidh an scannán á chraoladh ar TG4 agus BBC Tuaisceart Éireann.

Idir an dá linn, tá sé fógartha ag KNEECAP, a d’eisigh a gcéad amhrán ‘C.E.A.R.T.A’. in 2018, go mbeidh a gcéad albam réidh le cur amach go luath.

Fág freagra ar 'Michael Fassbender le Gaeilge a labhairt i scannán nua'

  • Fearn

    Cad é an lá atá againn inniu?