Mhair an náire a bhain le marú a n-uncail i gcaitheamh a saoil

Thit ‘brat ciúnais’ ar scéal William Brick, amhail go leor scéalta faoin RIC nár insíodh

Mhair an náire a bhain le marú a n-uncail i gcaitheamh a saoil

Nuair a bhí mise i mo chónaí i mBearna, ba sheanbheairic de chuid an RIC a bhí ar cíos againn, i lár an bhaile. £50 sa mhí a bhí air, más buan mo chuimhne. 

Shamhlaigh mé ag an am gur beag athrú a bhí ar leagan amach an tí ón uair go mbíodh póilíní de chuid an RIC ag obair ann. Chroch mé píosa ‘lino’ lá amháin sa seomra suí agus chonaic mé créafóg faoi. Leag mé síos arís é sciobtha go maith.

Bhí na ballaí thar a bheith tiubh – cúpla troigh ar a laghad, measaim. Tá an teach ann i gcónaí, agus gach seans go bhfuil a stair agus a chuid scéalta ligthe i ndearmad anois.

Níor chuala mé féin scéal ar bith maidir leis an bhfórsa póilíní sin agus mé ag fás aníos. 

Cuid eile den stair a bhí curtha i bhfolach agus as amharc agus dá bharr, deacair go maith teacht ar aon fhírinne anois.

Cúpla bliain ó shin, rinneadh iarracht an fórsa a chomóradh ach caitheadh i dtraipisí é nuair a tógadh raic faoi. Ansin, nuair a tharla an comóradh ar deireadh an lá cheana- i Londain an babhta seo, d’éirigh mé fiosrach nuair a chonaic mé ainm deartháir le cara liom luaite sa scéal.

As Ciarraí do mhuintir Brick agus is i nGaillimh atá cónaí ar mo chara Jim Brick le fada an lá. I gCiarraí atá a dheartháir Billy ina chónaí agus luadh eisean sa bpáipéar toisc go ndeachaigh sé go Londain don ócáid. Nuair a labhair mé le Jim faoin mbaint a bhí ag a chlann leis, ba léir go raibh imeachtaí a tharla céad bliain ó shin fós ag goilliúint orthu.

Maraíodh seanuncail leo, William Brick (a bhfuil Billy ainmnithe ina ómós) i luíochán i dTigh Molaige i gContae Chorcaí ar an 10 Bealtaine, 1920. Ní raibh William ach roinnt blianta san RIC ag an am. Maraíodh beirt eile san ionsaí céanna, a tharla le linn Chogadh na Saoirse.

Ar nós go leor daoine eile sa tír, is le blianta beaga anuas atá muintir Bhrick ag fáil amach céard go díreach a tharla.

‘Fear a’ phoist a bhí ann agus chuaigh sé isteach san RIC le cúpla punt breise a shaothrú,’ a dúirt Jim liom. ‘Bhí a chuid deartháireacha eile ar fad, seachas mo sheanathair, imithe ar deoraíocht go Meiriceá. Ní raibh aon saothrú eile ann ag an am.’

Idir 1816 agus 1922, nuair a scoireadh an fórsa, bhí beagnach 84,000 fear tar éis liostáil ann. Ach nuair a thosaigh Cogadh na Saoirse, dar le Jim Brick, breathnaíodh ar na póilíní mar ‘namhaid’ agus ionsaíodh iad ar fud na tíre. 

Glaodh amach ar William Brick agus ar na póilíní eile de bharr go raibh ‘aighneas talún’ cúpla míle ón mbeairic. Rud coitianta go maith a bhí ansin ag an am, tar éis na mblianta de chogaíocht talún. Bhíodh daoine in adharca a chéile faoi theorainneacha talún go minic.

Ach glaoch bréige a bhí ann agus nuair a shroich siad an láthair, caitheadh agus maraíodh triúr acu.

Ba bheag a chuala Jim faoina sheanuncail agus é ag fás aníos. Toisc go raibh clann mhór ag a thuismitheoirí cuireadh Jim amach ar ‘altramas’ chuig a sheanmháthair. Tá cuimhne mhaith aige ar an mbosca mór adhmaid ina gcoinníodh sé a chuid bréagán – bhí an t-ainm ‘William Brick’ greanta air. Anois, céad bliain i ndiaidh a bháis, tá a fhios aige go mba é sin an trunc a bhí ag a sheanuncail le haghaidh a chuid éide agus nithe eile a bhain lena phost sna póilíní.

Ach focal níor chuala sé faoi agus é ag fás aníos. Thit ‘brat ciúnais’ ar scéal William agus ar scéalta na gcéadta eile a d’oibrigh agus a fuair bás sa bhfórsa, go minic in eachtraí foréigin.

Tá Jim cinnte de go ndeachaigh an scéal, agus an chaoi ar caitheadh leis an gclann in dhiaidh sin, go mór i bhfeidhm orthu ar fad. Tá sé faighte amach acu, nach raibh aon sochraid ‘cheart’ ag na fir a maraíodh. Tugadh na coirp chuig Teach na Cúirte i dTigh Molaige agus coinníodh thar oíche ar an áiléar iad. Bhí coiste cróinéara ann an lá dár gcionn agus fógraíodh gur ‘dúnmharú ag duine anaithnid’ a bhí ann. Rinne an tIRA iarracht duine den ghiúiré a fhuadach chun an cinneadh sin a athrú ach níor athraíodh é.

Ag meán oíche tugadh corp William Brick go reilig Ard Fhearta agus cuireadh ansin é, gan aon searmanas creidimh.

Ach le blianta beaga anuas, tá an chlann ag fáil amach go raibh daoine áitiúla, daoine a raibh aithne acu orthu agus iad ina ngasúir, i láthair ag an ‘sochraid’ meán oíche.

Thosaigh a dheartháir Billy ag cur suim sa stair phearsanta cúpla bliain ó shin. Dar le Jim, tá sé i bhfad níos éasca na scéalta a nochtadh na laethanta seo. Tá deireadh leis an ‘Tost’ a bhain leis an tréimhse, dar leis. Tugann sé ardmholadh do staraithe áitiúla a bhfuil obair na gcapall déanta acu ar thaighde ar sheandoiciméid. Rinne sé féin ‘turas staire’ leis an treoraí Diarmuid Kingston agus thugadar cuairt ar shuíomh an luíocháin.

‘Ní hé amháin gur thit an tost sin maidir leis an scéal le linn Chogadh na Saoirse ach thit sé arís le linn an Chogaidh Chathartha,’ deir Jim. ‘Fuair mo mhuintir an ‘silent treatment’ arís le linn na tréimhse sin mar gheall ar scéal a n-uncail, William.’

Le linn an chomórtha in 2020, thug Jim faoi deara go raibh gaolta leis, a bhí ar an ‘taobh eile’ sa Chogadh Cathartha, sásta teacht go dtí an uaigh agus bláthfhleasc a leagan uirthi. Ba nóiméad é sin a thug faoiseamh don chlann uilig, dar leis. ‘Ach ní dóigh liom go dtarlódh a leithéid 50 bliain ó shin nuair a bhí eachtraí staire á gcomóradh,’ a deir sé.

Ní hionann sin is a rá go bhfuil gach rud ina cheart anois. Ní féidir an tionchar a bhí ag na himeachtaí sin a ghlanadh as an stair. Dar le Jim, bhí ar a laghad beirt eile den ghlúin a tháinig i ndiaidh a sheanuncail, a raibh drochfhadhb mheabhairshláinte acu dá bharr. Mhair an náire a bhain le marú a n-uncail i gcaitheamh a saoil. Níor briseadh an tost a bhain leis.

Agus nuair a bhuail an eitinn beirt aintíní leis, thosaigh an sioscadh. Cén t-iontas gur buaileadh tinn iad agus an náire a bhí ar a gclann?

Is cuimhin le Jim gur inis a athair dó go raibh cúig bliana slánaithe aige féin nuair a dúnmharaíodh a uncail William. 

Agus thit an tost ansin.

Fág freagra ar 'Mhair an náire a bhain le marú a n-uncail i gcaitheamh a saoil'

  • Séamus

    Bheadh náire cheart ormsa fosta dá bhfaighinn amach go raibh duine de mo mhuintir san RIC.

  • Pádraig O'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a n-Anamacha uilig.