An Roinn Sláinte agus an HSE le ceistiú faoina ‘meon diúltach’ i leith na Gaeilge

Tá ionadaithe ó Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte agus ón Roinn Sláinte le teacht os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais chun plé a dhéanamh ar na seirbhísí a chuir siad ar fáil do phobal na Gaeilge le linn na paindéime

An Roinn Sláinte agus an HSE le ceistiú faoina ‘meon diúltach’ i leith na Gaeilge

Déanfar oifigigh sláinte sa státseirbhís a cheistiú i dTeach Laighean inniu maidir leis an teip freastal ar phobal na Gaeilge le linn na paindéime.

Tá ionadaithe ó Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte agus ón Roinn Sláinte le teacht os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais tráthnóna chun plé a dhéanamh ar na seirbhísí sláinte a cuireadh ar fáil do phobal labhartha na Gaeilge ó thosaigh an ghéarchéim Covid-19 anuraidh.

Deir Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go bhfuil sé “soiléir” nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh ar mhuintir na Gaeltachta ná ar phobal na Gaeilge agus go bhfuil neamhaird á dhéanamh ag na seirbhísí sláinte ar an dualgas reachtúil atá orthu seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil.

“Ó dtús phaindéim an choróinvíris, bhí, agus tá sé fós, soiléir nach féidir le pobal na Gaeilge, taobh istigh nó taobh amuigh den Ghaeltacht, seirbhísí leighis ná faisnéis maidir le seirbhísí leighis, a fháil ina dteanga féin,” a dúirt Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin.

“Tá an chuma ar an scéal go gceaptar go forleathan i roinnt Ranna Stáit agus i roinnt Comhlachtaí Poiblí go bhfuil cead acu fáil réidh lena ndualgais i leith phobal na Gaeilge, nuair a bhíonn siad faoi bhrú. Tá an chuma ar an scéal nach féidir le pobal na Gaeilge a bheith ag tnúth le cothrom na Féinne agus seirbhísí sláinte á n-iarraidh acu.

“Cé gur léiríodh an meon diúltach seo níos oscailte ná riamh le linn phaindéim an choróinvíris, is fadhb fhadtéarmach leanúnach í. Agus is fadhb í a bhfuil droch-chúinsí tromchúiseacha ag baint léi.”

Ag cruinniú an lae inniu, díreofar freisin ar sheirbhísí teiripe urlabhra agus sainteiripí eile a chuirtear ar fáil do pháistí sa Ghaeltacht.

“Ceann de na heaspaí is mó a éiríonn as an meon diúltach seo ná na deacrachtaí atá ag leanaí, arb í an Ghaeilge a gcéad teanga, rochtain a fháil ar sheirbhísí leighis; seirbhísí urlabhra mar shampla,” a deir Ó Snodaigh.

“Níl na seirbhísí seo ar fáil dóibh ach i mBéarla den chuid is mó, agus má tá seirbhís i nGaeilge ag teastáil uathu, beidh siad ag fanacht go dtí lá an Luain. Conas is féidir seirbhís urlabhra éifeachtúil a chur ar fáil i mBéarla do leanbh a labhraíonn Gaeilge? Ní féidir. Sin an cheist, agus ceisteanna eile cosúil léi, a bheidh á bplé ag an gComhchoiste ag an gcruinniú.”

Tá cáineadh go leor déanta ar na húdaráis sláinte agus ar an rialtas as teip an stáit eolas agus seirbhísí faoin bpaindéim Covid-19 a chur ar fáil i nGaeilge. I mBéarla amháin a bhí formhór an eolais a foilsíodh faoin ngéarchéim ó thosaigh sí bliain go leith ó shin agus is minic go mbíonn moill ar aon ábhar i nGaeilge, má fhoilsítear in aon chor é.

Bhí cruinniú ag an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee, ball de Choiste Gaeilge an Oireachtais, le hArd-Rúnaí na Roinne Sláinte inné inar phléigh sí na fadhbanna uile a bhí ann i dtaobh na Gaeilge.

Dúirt an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil le Tuairisc.ie gur léir gur ‘afterthought’ í an Ghaeilge sa Roinn Sláinte i gcónaí agus go bhfuil amhras uirthi nach dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí mura n-athrófar an meon atá ag oifigigh shinsearacha inti.

Fág freagra ar 'An Roinn Sláinte agus an HSE le ceistiú faoina ‘meon diúltach’ i leith na Gaeilge'

  • Séamus Beag

    Cén fáth nach bhfuil
    Údaráis
    Na
    Tíre in ann seirbhísí i nGaeilge a
    Shábhálfadh saolta a sholáthair?