MEASCÁN MEARAÍ: Cur in Ord

Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht

MEASCÁN MEARAÍ: Cur in Ord

Thíos tá cuid d’alt nuachta ó Tuairisc.ie. Níl sé san ord ceart. Ag obair le do pháirtí déan iarracht teacht ar an ord ceart.

Is féidir an freagra a fháil thíos mar aon le nasc chuig an leagan bunaidh.

  1. Deir CLG go bhfuil aithne fhorleathan ar Sheán in Ard Mhacha as an obair atá déanta aige le breis is 30 bliain anuas mar fhógróir staide i bPáirc Lúthchleasa.
  2. Múinteoir iarbhunscoile an ghairm a bhí ag Seán agus blianta caite freisin aige i gceannas ar Choláiste Árainn Mhóir i nGaeltacht Dhún na nGall.
  3. D’fhógair CLG gurb é Seán Mac Cana buaiteoir Ghradam Gaeilge an Uachtaráin i mbliana agus an gradam le bronnadh air ag ócáid speisialta i bPáirc an Chrócaigh anocht.
  4. Tar éis dó éirí as an mhúinteoireacht, chuaigh Seán ar ais mar chúntóir Gaeilge i gColáiste Chaitríona in Ard Mhacha.
  5. Tá gradam speisialta le bronnadh ag Cumann Lúthchleas Gael ar Ghael as Ard Mhacha a bhfuil baint aige le Gaeltacht Dhún na nGall as an obair atá déanta aige ar son na Gaeilge.
  6. Ar an bpáirc, bhuaigh Seán Corn Uí Ógáin i 1967 le Coláiste Cholmáin in Iúr Cinn Trá, agus chaith sé seal freisin ag imirt agus ina bhainisteoir ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.
  7. “Óna chéad lá os comhair an mhicreafóin shocraigh sé go mbeadh an Ghaeilge sa chur i láthair a bhí aige agus chuir sé an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla i gcónaí,” a dúradh.
  8. Ball de chumann Wolfe Tone Dhoire Mhic Cais, chaith Seán cúig bliana mar Oifigeach Cultúir agus Gaeilge in Ard Mhacha, áit ar oibrigh sé go dian dúthrachtach ag cur chun cinn na Gaeilge, Scór agus an chultúir Ghaelaigh i gcoitinne.
  9. Bronnfar Gradam na Gaeilge agus deich ngradam eile ag an ócáid bhronnta anocht.
  10. Chaith sé tréimhse mar Oifigeach Leasa Leanaí ar Bhord Contae Ard Mhacha chomh maith.

Is féidir an leagan ceart a léamh anseo.

Fág freagra ar 'MEASCÁN MEARAÍ: Cur in Ord'