Gradam Gaeilge Uachtarán CLG le bronnadh ar Ghael as Ard Mhacha 

D’fhógair CLG gurb é Seán Mac Cana buaiteoir Ghradam Gaeilge an Uachtaráin i mbliana agus an gradam le bronnadh air ag ócáid speisialta i bPáirc an Chrócaigh anocht

Gradam Gaeilge Uachtarán CLG le bronnadh ar Ghael as Ard Mhacha 

Seán Mac Cana

Tá gradam speisialta le bronnadh ag Cumann Lúthchleas Gael ar Ghael as Ard Mhacha a bhfuil baint aige le Gaeltacht Dhún na nGall as an obair atá déanta aige ar son na Gaeilge.

D’fhógair CLG gurb é Seán Mac Cana buaiteoir Ghradam Gaeilge an Uachtaráin i mbliana agus an gradam le bronnadh air ag ócáid speisialta i bPáirc an Chrócaigh anocht.

Deir CLG go bhfuil aithne fhorleathan ar Sheán in Ard Mhacha as an obair atá déanta aige le breis is 30 bliain anuas mar fhógróir staide i bPáirc Lúthchleasa.

“Óna chéad lá os comhair an mhicreafóin shocraigh sé go mbeadh an Ghaeilge sa chur i láthair a bhí aige agus chuir sé an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla i gcónaí,” a dúradh.

Múinteoir iarbhunscoile an ghairm a bhí ag Seán agus blianta caite freisin aige i gceannas ar Choláiste Árainn Mhóir i nGaeltacht Dhún na nGall.

Ball de chumann Wolfe Tone Dhoire Mhic Cais, chaith Seán cúig bliana mar Oifigeach Cultúir agus Gaeilge in Ard Mhacha, áit ar oibrigh sé go dian dúthrachtach ag cur chun cinn na Gaeilge, Scór agus an chultúir Ghaelaigh i gcoitinne. Chaith sé tréimhse mar Oifigeach Leasa Leanaí ar Bhord Contae Ard Mhacha chomh maith.

Ar an bpáirc, bhuaigh Seán Corn Uí Ógáin i 1967 le Coláiste Cholmáin in Iúr Cinn Trá, agus chaith sé seal freisin ag imirt agus ina bhainisteoir ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. 

Tar éis dó éirí as an mhúinteoireacht, chuaigh Seán ar ais mar chúntóir Gaeilge i gColáiste Chaitríona in Ard Mhacha. 

Bronnfar Gradam na Gaeilge agus deich ngradam eile ag an ócáid bhronnta anocht.

Bronnfar na gradaim eile ar Malcolm McFarlane (Gradam Uladh), Pat English (Gradam na Mumhan), James Holohan (Gradam Chonnacht), Tommy Murphy (Gradam Laighean), Fiona Crotty (Gradam LGFA), Marie O’Brien (Gradam Camógaíochta), Billy Love (Gradam Liathróid Láimhe), John Lenihan (Gradam Oideachais) Brendie O’Brien (Gradam Idirnáisiúnta) agus bronnfar Gradam Clainne Dermot Earley ar mhuintir Rock as Baile Átha Cliath.

Thréaslaigh Uachtarán CLG, Larry McCarthy leis na buaiteoirí uile agus dúirt gur “ambasadóirí iad do na mílte agus na mílte daoine a oibríonn go tiomanta agus go deonach chun na cluichí Gaelacha a chur chun cinn”.

Craolfar ócáid bhronnta Ghradam an Uachtaráin ar TG4 anocht ag 10.20in.

Fág freagra ar 'Gradam Gaeilge Uachtarán CLG le bronnadh ar Ghael as Ard Mhacha '

  • Eithne

    Comhghairdeas ó chroí do Sheán ar an ócáid seo ach cha dtig iontas a bheith ar dhuine ar bith ina leith! Ag smaointiú ort agus ar na cuimhní cinn !
    Ádh mór ort u gcónaí ó Eithne agus Oileánaigh Árainn