MEASCÁN MEARAÍ: Cur in Ord

GAEILGE NA hARDTEISTE: Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht

MEASCÁN MEARAÍ: Cur in Ord
  • Thíos tá cuid d’alt nuachta ó Tuairisc.ie. Níl sé san ord ceart. Ag obair le do pháirtí déan iarracht teacht ar an ord ceart.
  • Is féidir an freagra a fháil thíos mar aon le nasc chuig an leagan bunaidh.

An Gold Cup buaite ag marcach óg Gaeltachta

  1. Gaisce mór a bhí i mbua an lae inniu do Kennedy a raibh bliain chrua aige anuraidh.  (6)
  2. Luach 9/1 a bhí ar an gcapall a bhíonn á thraenáil ag Henry de Bromhead ach chríochnaigh sé sa chéad áit i rás mór na féile agus é chun tosaigh ar chapall eile de chuid de Bromhead, A Plus Tard. (3)
  3. Chaill sé féile Cheltenham 2020 nuair a bhris sé a chos mí roimh an bhféile agus gortaíodh arís é sa bhfómhar. (7)
  4. Dúirt Kennedy i ndiaidh na rása gurbh é “mian a chroí” a bhí ann ó bhí sé beag an Gold Cup a bhuachan. (5)
  5. Bhí Al Boum Photo ag iarraidh an rás a bhuachan den tríú huair as a chéile ach is sa tríú háit a chríochnaigh rogha na coitiantachta. (4)
  6. Tá ceann de na rásaí is mó sa rásaíocht chapall buaite ag marcach Gaeltachta. (1)
  7. Tá cúiteamh á dhéanamh aige an tseachtain seo as na laethanta a chaill sé, áfach, agus é san iomaíocht don ghradam don mharcach is fearr. Ceithre rás atá buaite anois aige ag féile na bliana seo. (8)
  8. Bhuaigh Jack Kennedy ón Daingean i gCorca Dhuibhne an Cheltenham Gold Cup tráthnóna agus é sa diallait ar Minella Indo. (2)

Fág freagra ar 'MEASCÁN MEARAÍ: Cur in Ord'