Meascán mearaí cliste é ‘Prevenge’ Alice Lowe

Tá an greann dóite go smior i ‘Prevenge’, scannán a bhainfidh gáire agus stangadh araon asat

Meascán mearaí cliste é ‘Prevenge’ Alice Lowe

Prevenge
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Alice Lowe
Cliar: Alice Lowe, Jo Hartley, Kayvan Novak, Kate Dickie

Meascán mearaí ceart é an saothar seo. Scannán sléachta atá ann, ach scéinséir aigneolaíoch agus saghas scannán uafáis é chomh maith. Agus é sin ar fad measctha leis an ngreann dóite agus tráchtaireacht ar bhail na mná torraí.

Leis an áiféis a chur i gceann na háibhéile thosaigh comparáidí le Catastrophe (táirge grinn le Sharon Horgan), an clár faisnéise iontach sin faoin dreapadóireacht Touching the Void agus Sightseers (saothar a scríobh Lowe agus a raibh sí féin ina ceann feadhna air) ag ráthaíocht im intinn chomh maith.

Nuair a chímid Ruth (Lowe) ar dtús measaimid go bhfuil sí ar tí cliseadh néarógach a bheith aici óir gur cailleadh a fear agus athair a linbh, atá fós gan bhreith. Tugann seat teann de théadán gearrtha le fios dúinn cad a tharla sa tubaiste ailleadóireachta. De réir mar a ghluaiseann na heachtraí ar aghaidh tuigimid go bhfuil an bhean chiaptha seo glan scuabtha as a meabhair. An leanbh gan bhreith ag labhairt léi de shíor agus ag tathant uirthi díoltas a bhaint amach ar na ‘bastairdí santacha’ a mharaigh a leannán/athair.

Ní chuirtear aon fhiacail ann nuair a bhíonn a sciar á beartú aici. Sa chéad radharc tá sí ag caint le sleamhnánaí d’úinéir siopa peataí. É siúd ag caint go drúisiúil agus í féin cúthail, múinte go dtí go dtagann riastradh uirthi is go ndéanann sé scornach an fhir a ghearradh. Bíonn an ghlinne chéanna sna radharcanna foréigneacha ar fad síos tríd agus ní leasc leis an gceamara fanacht ar foluain os cionn na fola agus fad níos mó ná mar a bheifeá ag súil leis a bhaint as an sléacht.

I rith an ama tá an greann dóite ag baint gáire asainn. Gamal d’íobartach eile dá cuid ag caitheamh amach isteach ina bhréagfholt, á pógadh ansin is ag rá léi gur bhreá leis cailíní ramhra (agus é féin chomh ramhar le muc i ngan fhios dó féin). Deismireachtaí cainte á gcaitheamh chugainn ar dalladh. An leathamadán céanna ag caint ar Grease agus ag maíomh go bhfuil ár laoch níos cosúla le hElton John ná Olivia Newton-John.

Mise á rá leat go mbaineann sí díoltas amach ar an bplobaire ar shlí a bhainfidh gáire agus stangadh asat. Baintear barr buaice amach sa radharc seafóideach le bean spóirt Gemma Whelan (Yara Grejoy ó Game of Thrones) agus carúl á chaitheamh faoi dhiongbháilteacht lucht bailithe airgid.

I rith an ama ní féidir gan bá a bheith againn leis an síceapatach seo. Éiríonn le Lowe carachtar atá daonna agus imithe le craobhacha araon a sholáthar dúinn. Is í Lowe féin a sholáthraigh an scríbhinn mar aon le bheith ar an stiúir agus uaireanta taibhsíodh dom go bhfuil sí ag iarraidh cúpla slais a chaitheamh le steiréitíopa leisciúla na bhfear faoi mhná torracha.

Ní haon iontas sin mar go raibh Lowe féin torrach fad is a bhí an scannán á thaifeadadh. I radharcanna staidéartha leis an mbean chabhrach tugtar léargas dúinn ar an imní atá uirthi faoin mbóthar atá amach roimpi.

Ní haon iontas mór an chríoch ach tá sí cuí. Éan corr, cliste.