Meascán Mearaí 3 – An príomhoide agus an tuismitheoir (Cartlann)

Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht

Meascán Mearaí 3 – An príomhoide agus an tuismitheoir (Cartlann)

Gníomhaíocht 1:

Tá an príomhoide ag glaoch ar mháthair Sheáin. Ag obair leis an duine in aice leat, déanaigí iarracht caint an tuismitheora a chumadh. Nuair atá sin déanta agaibh déanaigí an comhrá a aithris os ard.

Príomhoide: An tusa máthair Sheáin Uí Chonchúir?

Máthair:

Príomhoide: Bhuel tharla eachtra sa chlós ar maidin agus theastaigh uaim í a phlé leat.

Máthair:

Príomhoide: Bhuel dealraíonn sé gur mhaslaigh duine éigin Seán agus gur bhuail sé an scoláire eile. 

Máthair:

Príomhoide: Ní theastaíonn uaim é sin a rá ag an bpointe seo. Táim ag glaoch ort le cuireadh a thabhairt duit teacht isteach go dtí an scoil leis an rud ar fad a phlé agus teacht ar réiteach.

Máthair:

Príomhoide: Faoi mar a dúirt mé cheana féin ní theastaíonn uaim é sin a phlé ag an bpointe seo. An oirfeadh sé duit teacht isteach chun na scoile an Mháirt seo chugainn?

Máthair:

Príomhoide: Ní dúirt mé gurbh é Tomás a bhí ann agus ní haon réiteach é an foréigean is cuma cad dúradh leis. Anois an bhfuil tú sásta teacht isteach agus an t-ábhar seo a phlé? Ní theastaíonn uaim go gcothófaí  fadhbanna sa rang, go mór mór agus iad i mbliain na hArdteiste.

Máthair:

Príomhoide: Ó! Is dóigh liom go bhfuil an duine mícheart agam.

Gníomhaíocht 2:

Gníomhaíocht 3:

Ag obair leis an duine in aice  leat déanaigí iarracht bhur gcomhrá féin a scríobh. Bainigí úsáid as cuid de na focail sa chomhrá samplach. Déanaigí nathanna eile a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie

  • Nuair atá sé déanta agaibh déanaigí é a aithris os ard.
  • Déanaigí é a aithris do bheirt eile agus éistigí leis an gcomhrá atá acusan.