Beirt chairde ag caint faoi laethanta saoire
Gníomhaíocht 1:
Tá beirt chairde ag labhairt faoi thuras a thug duine acu thar lear. Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht caint Orla a chumadh. Nuair a bheidh sé sin déanta agaibh déanaigí an comhrá a aithris os ard.
Sinéad: Cén chaoi ar éirigh libh ar an turas go Nua-Eabhrac?
Orla:
Sinéad: Déarfainn go raibh sé costasach ceart go leor. Táim in éad leat, áfach. Ba bhreá liom féin cuairt a thabhairt ar an gcathair.
Orla:
Sinéad: Cén fáth sin?
Orla:
Sinéad: Déarfainn go raibh an tsiopadóireacht ar fheabhas.
Orla:
Sinéad: Cuireann sé sin iontas orm.
Orla:
Sinéad: Chuala mé é sin ceart go leor. Cá ndeachaigh sibh ag ithe?
Orla:
Sinéad: Déarfainn go raibh na bialanna costasach.
Orla:
Sinéad: Caithfidh mé tosú ag coigilt mo chuid airgid agus turas a chur in áirithe don bhliain seo chugainn.
Gníomhaíocht 2
Gníomhaíocht 3
Ag obair leis an duine in aice leat, déanaigí iarracht bhur gcomhrá féin a scríobh. Bainigí úsáid as cuid de na focail san agallamh samplach. Déanaigí nathanna eile a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie
- Nuair a bheidh sé déanta, déanaigí é a aithris os ard.
- Déanaigí é a aithris do bheirt eile agus éistigí leis an gcomhrá a bhí acusan.
Fág freagra ar 'Meascán Mearaí 15 – Comhrá Faoi Thuras'