Méadú 274% ar líon na scoláirí le díolúine ón nGaeilge don Ardteist Fheidhmeach

Rinne 67% d'iarrthóirí an Teastais Shóisearaigh a raibh díolúine ó staidéar na Gaeilge acu scrúdú i nuatheanga iasachta

Méadú 274% ar líon na scoláirí le díolúine ón nGaeilge don Ardteist Fheidhmeach

Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland.

Tháinig méadú 274% ar líon na scoláirí a fuair díolúine ó staidéar na Gaeilge don Ardteist Fheidhmeach idir 2004-2016.

In 2016, bhí díolúine ón nGaeilge Chumarsáideach ag 37% d’iarrthóirí na hArdteiste Feidhmí, ar cuid riachtanach den chúrsa í, ach d’éirigh le 84% de na hiarrthóirí sin scrúdú den chineál céanna a dhéanamh i nuatheanga iasachta.

Léiríonn na figiúirí atá curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais mar chuid dá n-athbhreithniú ar chóras dhíolúine na Gaeilge nach i gcás na hArdteiste traidisúnta amháin atá ceisteanna móra faoin gcóras díolúintí.

Is fada amhras ann go n-éiríonn le roinnt mhaith daltaí meánaicmeacha go háirithe teacht i dtír ar an gcóras chun díolúine a fháil, ach is léir go bhfuil fadhb ann ar fud an chórais.

1019 dalta a fuair díolúine ón nGaeilge Chumarsáideach in 2016 san Ardteist Fheidhmeach i gcomparáid le 1019 dalta in 2016.

De réir na plecháipéise nua de chuid na Roinne Oideachais, bíonn 40% de na díolúintí ón Gaeilge a thugtar do dhaltaí bunscoile agus iarbhunscoile “mícheart” agus aithnítear inti go bhfuil lochtanna móra ar an gcóras mar atá.

I gcás an Teastais Shóisearaigh, idir 2004 agus 2010 tháinig méadú 71% ar líon na n-iarrthóirí a raibh díolúine ón nGaeilge acu ach ar éirigh leo scrúdú i nuatheanga iasachta a dhéanamh.

In 2016, rinne 67% d’iarrthóirí an Teastais Shóisearaigh a raibh díolúine ó staidéar na Gaeilge acu scrúdú i nuatheanga iasachta.

Léiríonn taighde na Roinne chomh maith gur minic nach lorgaítear díolúine ón nGaeilge do dhaltaí bunscoile go dtí go mbíonn siad ag ullmhú chun aistriú go dtí an iarbhunscoil.

De réir an taighde a rinne an Roinn mar chuid dá n-athbhreithniú ar chóras dhíolúine na Gaeilge, i scoil amháin ba le daltaí i rang a cúig nó rang a sé a bhain 75% de na hiarratais ar dhíolúine.

Agus tús á chur ag an Roinn an tseachtain seo caite le próiseas comhairliúcháin poiblí faoina bhfuil i ndán do chóras dhíolúine na Gaeilge, thug siad le fios gur léirigh a gcuid taighde go mbíonn an díolúine a thugtar do bheirt as gach cúigear “mícheart” nó nach mbíonn “dóthain fianaise” ag tacú léi.

Tá suirbhé ar líne foilsithe ag an Roinn ar mhaithe le tuairimí an phobail a fháil faoin gcóras conspóideach faoina dtugtar díolúine do dhaltaí ó staidéar na Gaeilge, córas a bhfuil amhras le fada ann go mbítear ag baint mí-úsáid as.

Foilsíodh chomh maith dréacht-chiorcláin nua ina leagtar amach na leasuithe ar an gcóras atá á moladh ag an Roinn.

I measc na moltaí is conspóidí sa phlécháipéis tá moladh na Roinne gur chóir an “imní” agus “an strus” a luann daoine le foghlaim na Gaeilge a thabhairt san áireamh agus an córas faoina gceadaítear díolúine ó staidéar na Gaeilge á leasú.

Tá go dtí an 11 Eanáir ag daoine an suirbhé ar shuíomh na Roinne faoi chóras an díolúine a líonadh isteach.

Meastar go músclófar athuair díospóireacht faoin nGaeilge ‘éigeantach’ i bhfianaise an phróisis comhairliúcháin phoiblí. 

De réir phlécháipéis na Roinne féin, táthar ag glacadh leis go spreagfaidh an próiseas comhairliúcháin faoi cheist na díolúine plé níos leithne faoi stádas na Gaeilge sa chóras oideachais.

“Den chéad uair, osclaíonn an comhairliúchán seo maidir le díolúintí ó bheith ag déanamh staidéar ar an nGaeilge an plé ar staid na Gaeilge inár gcuraclaim náisiúnta chuig ár gcomhpháirtithe uile san oideachas,” a deirtear.

Fág freagra ar 'Méadú 274% ar líon na scoláirí le díolúine ón nGaeilge don Ardteist Fheidhmeach'

  • Séadna Mac Seoin

    Scanallach.

  • Comhdháil na nImleacán Gaelach

    Tá líon na scoláirí ag méadú agus sin cúis amháin gi bhfuil méadú. Ní thuigeann na Gaeilgeoirí Mhóra atá ar son na Gaeilge éigeantaí an fáth go bhfuil méadú ar líon na ndioliúiní ón Ghaeilge ag an Ardteist Fheidhmeach.
    Sna scoileanna DEIS as siúd a thoasigh ar scoil sa bhliain 2001 níor chríochnaigh ach 68% an córas scolaíochta ag leibhéal na hArdteiste.Is 83% líon na scoláirí a thosaigh sa bhliain 2010 a chríochnaigh an Ardteist 2017. Ábhar ceilúrtha é sin don tír ar fad.
    Is ó scoileanna DEIS is mó a thagann scoláirí na hArdteiste Feidhmí.
    Bhí 492 dalta ón 2709 ar rinne an Ardteist Fheidmheach i 2017 nach bhfuair pás ach a fuair a “Record of Credits” ach fós fuair siad taithí ar sóisialú agus bhí siad in áit shábháilte.
    Cén fáth go mbeadh an Ghaeilge éigeantach i measc an 492 dalta seo is mó faoi míbhuntáiste ó thaobh deacrachtaí foghlama agus is mó atá ag fulaingt le bochtanas.

  • Ruairí Ó Bléine

    Ní chuidíonn sé le díospóireacht mhacánta go mbeadh duine ag ionsaí a chuid léitheoirí le téarmaí amhail “imleacán Gaelach”, “Gaeilgeoirí Móra” agus “Gaeilge éigeantach”. Ar dhóigh indíreach agus fríd friotal atá deacair a leanúint, tá “Comhdháil na n-imleacán Gaelach” ag insint dúinn go bhfuil daltaí ann go mbeadh sé in a bhuntáiste acu a bheith gan Gaeilge, nó fiú amháin go gcuideodh aineolas ar an Ghaeilge len a ndeacrachtaí foghlama, nó níos réabhlóidí arís, go gcuideodh an t-aineolas len a gcuid bochtanais.
    De réir figiúirí atá feicthe agam taispeánann siad go bhfuil farasbarr mór de chéimithe agus de lucht ard-oibre i measc Gaeilgeoirí. Cén domhain in a bhfuil “an t-imleacán” in a chónaí ann?