Meabhraíonn na comharthaí ‘ÉIRE’ dúinn ár neodracht – cosnaítear í

Inniu tá tráchtairí saonta mífhreagracha ag caitheamh amhrais ar an bpolasaí neodrachta

Meabhraíonn na comharthaí ‘ÉIRE’ dúinn ár neodracht – cosnaítear í

Tá suim mhór á cur sa tír seo le tamall anuas sna comharthaí a leagadh síos aimsir an Dara Cogadh Mór le rabhadh a thabhairt d’eitleáin chogaidh gur tír neodrach a bhí ionainn. ÉIRE a bhí scríofa i litreacha móra le go bhfeicfeadh na píolótaí gurbh é sin an polasaí a bhí againn.

Bhí os cionn 80 de na comharthaí seo ar fud na tíre.

Rinneadh neart cainte sna meáin náisiúnta le gairid faoi cheann acu a frítheadh ar bhruach aille i nDeilginis i ndeisceart Átha Cliath.

Anuraidh d’aimsigh fear ceamara as Gaoth Dobhair, Setanta Ó Dochartaigh, ceann acu. Ag oibriú dróin a bhí sé le pictiúir a thógáil de Theach Solais Cheann Fhánada i gcomhair Molscéal TG4. Nuair a bhí sé ag déanamh eagarthóireachta ar an ábhar thug sé faoi deara an uimhir ‘9’ in aice leis an teach solais. Rinne sé beagán fiosrúcháin agus fuair sé amach gur 79 an uimhir a bhí ar an gcomhartha neodrachta a bhí ansin.

Bhí sraith d’ionaid faire feadh an chósta in aice leis na comharthaí . Bhíodh saighdiúirí de chuid na hÉireann iontu ag coinneáil súil ar an bhfarraige féachaint an bhfeicfidís longa cogaidh ag dul an bealach. Bhí sé ag luí le réasún gur sa nGaeltacht a bhí cuid mhaith acu.

‘Teachaín an Watch’ a thugtaí ar cheann a bhí i nGaeltacht Iorrais.

Bhí ceann acu freisin ar Cheann Mása, trí mhíle siar ó Charna i gConamara. Scríobh Máirtín Bairéad as an gceantar céanna alt an-spéisiúil faoi sin in Iris Iorras Aithneach anuraidh.

Deichniúr a bhíodh ar dualgas ann, a dúirt sé, iad ann ceithre huaire fichead, beirt ag an am. San aimsir dheiridh bhí teileafón acu ach i dtús aimsire rothar a bhíodh acu le dhul go hOifig an Phoist i gCarna le glaoch as.

Bhí an comhartha ÉIRE in aice láimhe i nDumhaigh Ithir. Trí mhéadar ar airde agus méadar go leith ar leithead a bhí sé, déanta ar chlocha a bhí aoldaite.

Chuala Máirtín gurbh iad na Meiriceánaigh a chuir brú ar rialtas na tíre seo na comharthaí ÉIRE a leagan síos. Ba é David Grey a bhí ina Ambasadóir ag Meiriceá in Éirinn ag an am. Dúirt duine eicínt gurbh é David Grey a d’íoc costas na hoibre ach is deacair le Máirtín é sin a thuiscint mar gur rímhaith is eol dó go raibh an ghráin ag Grey ar mhuintir na hÉireann, go mór mór ar De Valera mar gheall ar an bpolasaí neodrachta a bhí aige.

Tá athchóiriú déanta ar an gcomhartha sin a frítheadh i nDeilginis. Thagadh 35 oibrí deonach le chéile uair sa tseachtain le slacht a chur air.

Tá an rud céanna déanta ag Máirtín Bairéad agus a chairde. Is é Máirtín atá ina chathaoirleach ar Chlub Spaisteoireachta Iorras Aithneach. Tá siadsan an-bhródúil as an ngné seo de stair na hÉireann a bheith le feiceáil ag daoine a dhéanfaidh píosa siúil thairis.

Is maith agus is rímhaith go gcuirfí suim sna comharthaí seo. Cuireann siad i gcuimhne dhúinn go raibh polasaí láidir neodrachta againn uair amháin. Ba mhór ab fhiú go raibh. Cuimhnigh ar an méid de mhuintir na hÉireann a mharófaí in ionsaithe buamála dá mbeadh lámh againn sa gcogadh.

Inniu tá tráchtairí saonta mífhreagracha ag caitheamh amhrais ar an bpolasaí neodrachta. Tá siad ar a míle dícheall ag iarraidh muid a mhealladh isteach in arm Eorpach. Is breá leo a bheith ag caint ar ‘An Tionscnamh Eorpach’ agus ar pholasaí aontaithe eachtrach.

Ní bheadh de thoradh air sin ach arm Eorpach leis an bpolasaí eachtrach a chur i bhfeidhm agus na mílte Éireannach á leagan ar pháirc an áir agus á marú agus á martrú le ruathair bhuamála ó dhróin agus ó eitleáin.

Fág freagra ar 'Meabhraíonn na comharthaí ‘ÉIRE’ dúinn ár neodracht – cosnaítear í'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Deirtear liom go bhfuil ceann de na comharthaí ‘Éire’ i gCois Fharraige, taobh ó dheas de Shéipéal an Chnoic ag an Aillín. Ach maidir le neodracht na hÉireann, ní dóigh liom gur féidir an réasúnaíocht chéanna a usáid le haghaidh neodracht na tíre a chosaint is a bhí ag De Valera le linn an an chogaidh idir An Ghearmáin agus An Bhreatain, 70 bliain ó shin. Tá cúinsí difriúla anois sa domhan mór agus is cuid de Aontas na hEorpa muid, agus dualgaisí orainn dá bharr. Dá ndéanfadh an Rúis ionsaí ar an Lituán, ar Latvia nó ar an bPólainn, an bhféadfadh muid fanacht ‘neodracht’ sa gcás sin? Ní dóigh liom é.

    Ceist eile ar fad an bealach ar cuireadh neodracht na tíre ar leataobh ag an rialtas seo agus an rialtas roimhe le usáid na Sionainne agus aerspás na hÉireann a chur ar fáil do arm Meiriceá le cogadh a chur ar Iraq.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is taobh ó dheas de Reilig an Chnoic atá an comhartha ‘Éire’, i gCois Fharraige. Níl sé feicthe agam ach deirtear liom go bhfuil sé ann.

  • Eoin Ó Murchú

    Meas tú an dtiocfadh an Eastóin, an Laitbh agus an Liotuáin i gcabhair mhíleata orainn dá ndéanfadh na Sasanaigh ionradh ar an stát seo, ag iarraidh b’fhéidir an Prionsa Seárlas a chur ar ais mar Rí ar Éirinn? Támuid san aon chlub Eorpach nach bhfuil?
    Níl bagairt ar bith ón Rúis ar a gcomharsana, ach tá ionaid mhíleata ag NATO ar gach taobh den Rúis. Cé tá ag bagairt ar cé?
    Tá stádas idirnaisiúnta ag an tír seo mar gheall ar ár bpolasaí neódrachta, i bhfianaise chleachtas Frank Aiken ach go háirithe, ach b’fhearr le Donncha go nglacfadh muid páirt i gcogaí na hEorpa i gcoinne an mheánOirthir, na Rúise is eile. Mo naire é.