McDormand os cionn a buille agus í á tumadh féin i saol na bhfánaithe

Níl aon oidhre ar an saothar Nomadland ar uairibh ach clár faisnéise ar an láthair mar déantar scéal an phríomhcharachtair a chniotáil le scéalta fíordhaoine

McDormand os cionn a buille agus í á tumadh féin i saol na bhfánaithe

Nomadland
Scríbhneoir/Stiúrthóir:
Chloé Zhao
Cliar: Frances McDormand, David Strathairn, Bob Wells

Bhí an comhlacht déanta plástarchláir US Gypsum i mbun déantúsaíochta in Empire Nevada ar feadh ocht mbliana is ceithre scór. Mar thoradh ar an gcliseadh eacnamaíoch múchadh na hinnill den uair dheiridh in 2011. Ba é cliseadh an chomhlachta creill bháis an bhaile. B’fhostaithe ag an chomhlacht mórán de mhuintir an bhaile agus mórán acu buailte i dtithe de chuid an chomhlachta. Tréigeadh an baile agus scoireadh an cód poist.

Bhí fear céile Fern (McDormand) ag obair in US Gypsum ar feadh na mblianta agus chaith sí féin seal ag obair ann chomh maith. Cailltear é siúd timpeall an ama chéanna agus cinneann sí a cip is a meanaí a bhailiú isteach ina veain champála agus dul ag fánaíocht. Léirítear dúinn gur nós é seo a d’éirigh coitianta ag an am agus an bhróg ag teannadh ar dhaoine, go mórmhór iad siúd a bhí amach sna blianta. Costais tí curtha díobh acu agus iad ag imeacht ó áit go háit ag tabhairt faoi obair shéasúrach.

Tugann an scannán ar leith seo, atá bunaithe ar an leabhar Nomadland: Surviving America in the Twenty-First Century le Jessica Bruder léargas ar shaol agus ar mheon na bhfánaithe seo. Go deimhin taobh amuigh de McDormand agus Strathairn is fánaithe agus daoine áitiúla formhór mór na ndaoine a ghlacann páirt sa scannán. Dá bharr ní raibh aon oidhre ar an saothar seo ar uairibh ach clár faisnéise ar an láthair.

 

Déantar scéal Fern a chniotáil le scéalta fíordhaoine agus i gcomhrá amháin tá scéal brónach Fern á nascadh le scéal an-léanmhar an fhánaí cháiliúil Bob Wells.

Taibhsíodh dom gur geall le hagallóir í Fern/McDormand go minic.  Éiríonn lena  teacht i láthair réchúiseach ciúin daoine a chur ar a gcompord agus í féin a neadú sa phobal seo.

B’fhéidir gur ganntanas airgid is mó a spreag na daoine seo leis an mbóthar a bhualadh ach cuirtear abhaile go bhfuil nithe eile i gceist chomh maith. Iarracht atá ann éalú ó ghriothal an tsaoil, ualach an ábharachais agus saol níos réchúisí, níos simplí a chaitheamh.  Pobal dlúth a thugann lámh chúnta dá chéile. Seachas slán a rá “See you down the road,” a deirtear.

Taispeántar Fern ag obair in ollionad de chuid Amazon (fathach an ábharachais agus chaipitleachais é féin) agus áiteanna eile nach iad. Í ag maireachtaint ón lámh go dtí an béal ach gan aon rian den fhéintrua le sonrú.

Tugann McDormand taispeántas caolchúiseach, tuisceanach dúinn agus is léir go ndein sí í féin a thumadh sa ról agus i gcultúr an phobail seo. Is aisteoir faoi leith í agus níl a fhios agam an mbeadh éinne eile in ann léiriú chomh paiteanta céanna a dhéanamh ar Fern.

Ní haon iontas gur thug sí léi an duais Oscar. Fágann an bua sin go bhfuil sí gob ar ghob le Meryl Streep maidir le deilbhíní (bhuel, beagáinin chun cinn óir gur príomhróil ar fad a thuill na gradaim di murab ionann is Streep). Cloch mhíle eile ba ea bua Chloé Zhao, an chéad bhean de chine nach geal a chroch léi duais an stiúrthóra. Ceann de scannáin na bliana.

Fág freagra ar 'McDormand os cionn a buille agus í á tumadh féin i saol na bhfánaithe'