Marú Pat Finucane – an choir nach féidir í a cheilt le séanadh ná meilt ama

Cuirfear suim thar na bearta sa bhaile agus i gcéin sa bhfógra a dhéanfaidh Brandon Lewis maidir le fiosrú faoi mharú Pat Finucane

Marú Pat Finucane – an choir nach féidir í a cheilt le séanadh ná meilt ama

Dé Luain i gcúirt i mBéal Feirste ghabh dlíodóir thar ceann Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Brandon Lewis leithscéal as ‘moill dhochosanta’ 20 mí ar chinneadh faoi fhiosrú ar mharú Pat Finucane. Gheall sé go ndéanfadh an Státrúnaí cinneadh faoi fhiosrú ar an 30 Samhain, ar a dheireanaí. Moill scór go leith bliain atá i gceist i ndáiríre agus níl barántas ar bith go sásóidh cibé beart a fhógróidh Brandon Lewis éilimh an teaghlaigh ná fiú riachtanais chearta daonna. D’ainneoin dícheall rialtas na Breataine chun an choir agus ról oifigigh stáit inti a scuabadh as amharc ní ligfidh muintir an fhir mhairbh leo.

Is gearr go mbeidh sé 32 bliain ó mharaigh an UDA an dlíodóir Pat Finucane in ionsaí lámhaigh ina theach i mBéal Feirste os comhair a mhná agus a pháistí. Tá fiosrú poiblí á éileamh ón tús ag Geraldine Finucane, baintreach an dlíodóra, a mhaígh go seasta go raibh eagrais stáit claonpháirteach san dúnmharú. Gheall rialtas na Breataine fiosrú neamhspleách beagnach fiche bliain ó shin ach níor tharla sé.

Dheimhnigh fiosruithe an Bhreithimh as Ceanada, Peter Cory agus an póilín sinsearach ón Met i Londain, John Stevens, gurbh fhíor na líomhaintí faoi chlaonpháirteachas. Dhearbhaigh athbhreithniú oifigiúil Desmond da Silva thar ceann rialtas na Breataine é in 2012. Chinn sé, tar éis na comhaid a scrúdú gur éascaigh an stát an dúnmharú agus go ndearna an stát iarrachtaí gan staonadh chun a chinntiú nach mbéarfaí ar na fir ghunna. Chinn da Silva áfach nár chomhcheilg uileghabhálach stáit a bhí ann..

I mí Feabhra anuraidh rialaigh Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe i Londain nár deineadh fiosrú ar an dúnmharú a chomhlíon riachtanais chearta daonna. Níor ordaigh na tiarnaí breithimh an fiosrú poiblí neamhspleách a éilíonn muintir Finucane, dúirt siad gur faoin stát cinneadh a dhéanamh cén sórt fiosraithe atá riachtanach agus a mbeadh rath air.

20 mí i ndiaidh an rialaithe sin chuaigh Geraldine Finucane ar ais go dtí an Ard-Chúirt i mBéal Feirste toisc nach raibh cinneadh ar bith déanta ag Státrúnaí Thuaisceart Éireann faoi fhiosrú. Maíodh ag an athbhreithniú breithimh thar ceann na baintrí gur sháraigh an mhoill a cearta daonna, go raibh an mhoill gan bhunús, gur mhasla i gceann na héagóra ab ea í agus gur chosúil go raibh an rialtas ag iarraidh an t-am a mheilt go dtí nach mbeadh brí le fiosrú. Dúirt an Breitheamh McAlinden gur údar míshuaimhnis í siléig an rialtais maidir le sárú ar an dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Ghabh dlíodóir an Státrúnaí leithscéal nuair a gheall sé cinneadh go luath. Dá bhrí sin cuireadh an cás siar go mí na Nollag.

Cuirfear suim thar na bearta sa bhaile agus i gcéin sa bhfógra a dhéanfaidh Brandon Lewis. Tá tacaíocht idirnáisiúnta ag muintir Finucane, go háirithe ó dhlíodóirí, dá bhfeachtas ag éileamh fiosrú dlíthiúil poiblí neamhspleách. Ceadaíodh fiosrú in 2007 ach dhiúltaigh muintir Finucane dó, ag rá go raibh sé teoranta ag dlí nua a cheadódh d’airí tionchar a imirt air. In 2011 thug an Príomh-Aire David Cameron an t-eiteachas d’fhiosrú poiblí agus d’ordaigh an t-athbhreithniú a rinne abhcóide cáiliúil, Sir Desmond da Silva, ar thagair mé dó thuas.

Is iomaí cúis a luaitear leis an diúltú d’éilimh an teaghlaigh. Ina measc tá an scéal a bheith róbhrocach le hiomlán na fírinne a nochtadh nó go réiteodh sé an bealach do rabharta cásanna faoi chlaonpháirteachas na seirbhísí faisnéise rúnda, an bhrainse speisialta agus lucht faisnéise míleata. Maítear go raibh daoine sinsearacha sa bhunaíocht dubh dóite ina aghaidh. Tuairiscíodh i Londain gur dhúirt David Cameron, go príobháideach, go raibh ‘daoine sa teach seo nach nglacfadh leis’.

Tá a fhios go raibh baint ag triúr gníomhairí leis an marú, Brian Nelson, a bhí fostaithe ag seirbhís faisnéise Arm na Breataine agus ag roghnú ‘targaidí le marú’ don UDA, agus beirt ghníomhairí den RUC, William Stobie agus Ken Barrett. Ní iontu siúd atá suim ag Geraldine Finucane. Teastaíonn uaithi a fháil amach cé chomh sinsearach is a bhí na daoine a bhí taobh thiar den mharú, cé chomh hard ar dhréimire an chórais a bhí na daoine a threoraigh an feachtas.

I mí Eanáir 1989 dúirt Aire Sóisearach ón bPáirtí Caomhach Douglas Hogg sa Pharlaimint go raibh dlíodóirí i dTuaisceart Éireann a bhi róbháúil leis an IRA. Nuair a thug an feisire Seamus Mallon foláireamh dó go bhféadfadh a bhriathra marú a ghríosú dhiúltaigh sé an ráiteas a tharraingt siar, ag rá go raibh údar iontaofa aige leis. An mhí dár gcionn maraíodh Pat Finucane. Poblachtánaigh ab ea daoine muinteartha leis an dlíodóir ach chinn gach fiosrú nach raibh baint ag an dlíodóir féin leis an IRA.

Má cheapann údaráis na Breataine go ngabhfaidh an cás i bhfuaire de réir mar a théann sé i bhfad is cosúil go bhfuil dul amú orthu. Ach tráth a bhfuil rialtas i gcumhacht a chreideann gur cheart saighdiúirí (nó feidhmeannaigh stáit eile) a chosaint ó fhreagracht agus a choinneáil slán ó chúiseamh as míghníomhartha, cén seans atá ann go gceadóidh sé fiosrú dlíthiúil poiblí neamhspleách? Mura n-ordaíonn an Státrúnaí Brandon Lewis fiosrú a shásóidh an teaghlach, dúirt Geraldine Finucane go mbeidh sí ag filleadh ar an gcúirt, ar chúirteanna gan dabht.

Fág freagra ar 'Marú Pat Finucane – an choir nach féidir í a cheilt le séanadh ná meilt ama'

  • Seán Mag Leannáin

    Alt den scoth mar is gnáth ó Phóilín Ní Chiaráin. Ní bheinn ag súil le haon ní ó rialtas reatha na Breataine ach masla eile i gceann na héagóra.