Go deo na ndeor, ní fheicfidh tú aon duine ag sodar ná faoi dheifir Tigh Charlie Byrne

Mar is minic leo ba iad na siopaí leabhar a shábháil mé agus idir ceithre cinn acu ba ghearr gurbh fhada siar i m’intinn a bhí an 'Rí Wenceslas'

Go deo na ndeor, ní fheicfidh tú aon duine ag sodar ná faoi dheifir Tigh Charlie Byrne

Ag fánaíocht thimpeall cheartlár chathair na Gaillimhe a chaith mé cuid mhaith de mhaidin i dtús na seachtaine seo. Ní raibh coisméig dár shiúil tú ná coirnéal a chas tú nach raibh sé á chur in iúl duit nárbh fhada uait an Nollag. Bhíothas do mhealladh le do cúig chéadfa. Na súile agus na cluasa ba chruógaí.

Mar sin féin níor chuala mé ‘Oíche Chiúin’ á sheoladh chugam amach trí aon cheann de na doirse oscailte. Más iad na ‘Cloigíní ag Gliogaireacht’, ‘An Spideoigín Dhearg, Dhearg’ ‘Deifriú Tríd an Sneachta’ ab áil leat , ba ghaire duit iad ná cabhair Dé, ní áirím an doras.

Níl aon locht mór agam orthu agus taitníonn an t-am seo bliana liom, ach anois agus arís ní mór do dhuine a dhul ar thóir tearmainn, rud nach bhfuil éasca nuair atá a bhfuil de mhangairí, ón mbúistéir go dtí an bainisteoir bainc, ag iarraidh a dhul i do phóca.

Bhí Eaglais Naomh Nioclás agus Séipéal na nAgaistíneach buailte orm, ach ba é ba dhóigh gurbh amhlaidh a d’fhágfadh siad sin an scéal ní ba mheasa. Ní hiad an ciúnas ná an suaimhneas is oiriúnach don pheacach a mb’fhearr leis dearmad a dhéanamh ar a ndearna sé as bealach.

Chuimhnigh mé ar an leabharlann ansin. Bhí sin féin gar do láthair ach b’fhacthas dom nach mbeadh de dhifríocht idir é agus na séipéil ach nach mbeadh aon bhosca ann ag tabhairt cuireadh duit do rún a nochtadh taobh thiar de na cuirtíní.

Caitheadh sin i dtraipisí freisin agus bhí sé i bhfad róluath le haghaidh a thabhairt ar theach an óil.

Mar is minic leo ba iad na siopaí leabhar a shábháil mé.

Idir ceithre cinn acu ba ghearr gurbh fhada siar i m’intinn a bhí an ‘Rí Wenceslas’, ‘Dhá Lá Dhéag na Nollag’ agus na Cnó Capaill Róstaithe ar an Tine.

Sa bhfoirgneamh ar a dtugtar Stór an Arbhair ar an tSráid Láir atá Siopa Leabhar Charlie Byrne. Ní dóigh liom go bhfuil ceann eile dá chineál ar fud na cruinne a shárodh é. Tá sé lán de chúinní, de choirnéil agus de phóirsí mar ba chóir dó a bheith.

Go deo na ndeor, ní fheicfidh tú aon duine ag sodar ná faoi dheifir Tigh Charlie. Ní hamháin sin, ach tá stólta agus cathaoireacha anseo agus ansiúd a thugann seans suí duit.

Níl cur síos ar chomh cóir, cineálta agus atá chuile dhuine beo atá ag obair sa siopa. Níor mhiste leo dá bhfanfá leath lae ar cheann de na stólta agus más comhairle nó tuairisc leabhair faoi leith atá uait, bíonn sin le fáil.

Tá idir leabhair nua agus cinn athláimhe le fáil agus éagsúlacht mhór idir mianach na gcustaiméirí a thagann isteach. Aithneoidh tú iad siúd atá cíocrach chun úrscéalta. I roinn na hathláimhe, tiocfaidh siad de sciotán thar na cinn atá léite cheana acu – b’fhéidir nach scrúdódh siad ach ceann as deich gcinn mar go bhfuil na naoi gcinn eile léite cheana acu.

Bíonn a fhios ag mic léinn go díreach céard atá uathu. Níos minice ná a chéile tiocfaidh siad caol díreach chuig an gcuntar go bhfeicfidh siad an bhfuil sin sa stoc.

Is iad siúd ar beag é a gcuid suime sa bhficsean is faide a fhanann sa siopa – lucht staire agus beathaisnéise mar aon le daoine atá níos cáiréisí faoina gcuid léitheoireachta. Is minic scaifeanna ar na fir ansiúd agus cótaí fada síos go talamh.

Ní hé coirnéal na leabhar spóirt an ceann is fairsinge Tigh Charlie Byrne ach custaiméir gan chéill a shiúlfadh thairis. Seans gur beag duine a léann aon leabhar faoi dhó an aimsir seo, ach bheinn réasúnta cinnte gur lú ná sin arís a thugann faoi léamh a dhéanamh athuair ar bheathaisnéisí laochra spóirt an lae inniu. Ní hé nach fiú iad a léamh, ach is ceann ar leith a dtabharfá faoi an dara huair.

Mar is iondúil tá raidhse leabhar a bhaineann le lúthchleasaithe Éireannacha agus na spórtanna a chleachtann siad ar fáil don Nollaig mar a chonaic mé i siopaí na Gaillimhe an lá faoi dheireadh.

Don 29ú bliain as a chéile tá A Season of Sundays a fhoilsíonn an comhlacht Sportsfile lomlán le pictiúir bhreátha de cluichí Chumann Lúthchleas Gael na bliana 2025. Mar is dual dóibh, tá súil faoi leith ag Ray McManus agus a chriú.

Ní fada go dteastóidh seilf dá gcuid féin ó Mhuintir Shé in Ard an Bhóthair lena bhfuil de leabhair tagtha uathu, bail ó Dhia orthu. Is é Marc an té is deireanaí den teaghlach seo a chuir peann le pár agus cur síos aige ar a chuid éachtaí féin le linn an bhailiúcháin atá déanta ag a theaghlach – 16 bonn Craoibhe Sinsear na hÉireann, 28 Craobh de chuid na Mumhan agus dosaen All Star. Ó Sé teideal an tsaothair. Is leor sin.

Níl aon ghanntanas leabhar don té a dtaitníonn an rugbaí leis nó léi. Ar éirí as dó, mar atá déanta ag go leor eile, tá scéal a shaoil inste ag Conor Murray sa leabhar Cloud Nine. Ainneoin eisean a bheith fós ag imirt tá an cleas céanna déanta ag Andrew Porter. Ní ar an gcluiche amháin a dhíríonn seisean in Heart on My Sleeve. Ní raibh aon séanadh riamh ag Porter ar an gcrá a bhain le cuid dá shaol. Fear cróga é nach bhfuil aon fhaitíos air a chroí a oscailt don phobal.

Cé gur mór cáil Andy Farrell mar chóitseálaí agus cé go bhfuil ardmheas ag pobal na tíre seo air, is beag eolas atá faoinar bhain dó sular tháinig sé go hÉirinn. Tá mé cinnte go bhfuil a leigheas sin ina leabhar The Only Way I Know.

Cuirfidh muintir na nDéise suim faoi leith i leabhar an iriseora Ciarán Murphy a bhfuil cáil air de bharr a chuid cainte agus a chuid scríbhneoireachta i Second Captains agus san Irish Times.

Ba i mBaile an Mhuilinn i dTuaisceart na Gaillimhe a rugadh agus a tógadh Ciarán. D’imir peil d’fhoireann an pharóiste sin agus don chontae. Cuntas ar an deacracht a bhain le bheith dílis dóibh sin agus é curtha faoi agus socraithe síos i mBaile Átha Cliath a bhí sa gcéad leabhar a scríobh sé cúpla bliain ó shin.

Tá sé ag bóithreoireacht arís san iarracht is deireanaí uaidh Old Parish, cuntas ar an gcaoi a ndeachaigh sé i bpáirt le cumann iomána pharóiste dúchais a athar, An Sean-Phobal. Bhí Ciarán bliain le cois an dá scór nuair a rinne sin agus gan de scil sa gcluiche aige ach go raibh a fhios aige cé acu ceann den chamán ba cheart dó breith air.

Fág freagra ar 'Go deo na ndeor, ní fheicfidh tú aon duine ag sodar ná faoi dheifir Tigh Charlie Byrne'