Joe na ngutaí, Gaeilge Chaoimhín Kelleher agus spórt na gcláracha faisnéise

Sa cholún seo, tugtar léargas ar scéalta beaga, móra, aisteacha agus iontacha ó shaol an spóirt

Joe na ngutaí, Gaeilge Chaoimhín Kelleher agus spórt na gcláracha faisnéise

Joe na ngutaí

Fuair JJ Gabriel cúl do Manchester United in Old Trafford den chéad uair an tseachtain seo. Ag imirt d’fhoireann faoi-18 an chlub a bhí an buachaill óg 15 bliain d’aois. B’ábhar nuachta é mar go bhfuil Gabriel chomh maith sin agus comparáidí á ndéanamh cheana féin idir réalta óg United agus cuid de na himreoirí ab fhearr riamh, Lionel Messi ina measc.

Ní bhíonn lá ann nach mbíonn scéal i mball éigin faoin gcéad Messi eile ach is leor sracfhéachaint a thabhairt ar na físeáin ar líne lena thuiscint go bhfuil tallann ar leith ag Gabriel.

D’fhéadfadh Gabriel imirt d’Éirinn dá mba mhaith leis agus d’imir a athair Joe O’Cearuill (nó Joe Ó Cearúill) faoi dhó d’Éirinn. Ní raibh an tallann chéanna ag Joe agus atá ag JJ, ach más fíor scéal is é an Cearúlach an t-aon imreoir riamh a d’imir d’Éirinn a raibh sloinne Gaeilge air.

Deirtear chomh maith faoi gurbh é tráth an t-aon imreoir i Sraith Shasana ar fad a raibh na gutaí go léir ina ainm aige.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

‘Is mise Caoimhín Kelleher agus fáilte romhaibh go dtí an Podcast’

Bhí píosa beag Gaeilge le cluinstin le gairid ar Fozcast The Ben Foster Podcast, podchraoladh iarchúl báire Shasana agus Manchester United.

Cúl báire na hÉireann agus Brentford, Caoimhín Kelleher a bhí mar aoi ar an phodchraoladh agus cuireadh ceist air faoi rud amháin nach raibh eolas ag a lucht leanúna fá dtaobh dó.

Dúirt Kelleher gur cainteoir líofa Gaeilge é. Thug Foster líne i mBéarla dó le haistriú go Gaeilge agus dúirt Kelleher, “Is mise Caoimhín Kelleher agus fáilte romhaibh go dtí an Podcast,” rud a bhí Foster iontach tógtha leis.

Tá a fhios ag léitheoirí Tuairisc le fada, dar ndóigh, go bhfuil Gaeilge ag réalt na hÉireann mar gur fhreastail sé ar Ghaelscoil Mhachan i gCorcaigh, ach tá sé deimhnithe aige féin anois, cé gur léir nach raibh an focal ‘podchraoladh’ ar shiollabas na bunscoile agus é ina bhuachaill óg.

Beirt Ghaeilgeoirí atá mar pháirt d’fhoireann na hÉireann na laetha seo agus níos mó ná cúpla focal ag fear Celtic, Liam Scales chomh maith tar éis dó céim sa Ghaeilge agus sa Tíreolaíocht a dhéanamh sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Beidh gach duine ag súil le giota beag Gaeilge a chluinstin ón bheirt ar shráideanna Guadalajara i Meicsiceo ar an bhliain seo chugainn má éiríonn le foireann na hÉireann áit a bhaint amach ag Corn an Domhain 2026.

Darren Ó Dubhgáin 

Is mór an spórt na cláracha faisnéise

Ceann de na leabhair CLG is fearr dá bhfuil ann é Hurling: The Revolution Years, léargas Denis Walsh ar an iomáint le linn na nóchaidí, tréimhse inar éirigh le leithéidí Uíbh Fhailí, contae an Chláir, Loch Garman agus Luimneach an greim a bhí ag na piardaí móra ar an gcluiche a scaoileadh.

Táthar ag dul siar 20 bliain eile i gclár faisnéise nua de chuid TG4 chun blianta réabhlóideacha na peile a aimsiú. Cor cinniúnach i stair na peile a bhí i gceapachán Kevin Heffernan mar bhainisteoir ar Áth Cliath ag deireadh 1973 ach ní ar chúrsaí ar an bpáirc amháin a dhírítear orthu i GAA 70’s – Réabhlóid Shóisialta, áfach, agus athruithe cultúrtha sa tsochaí le cíoradh chomh maith.

Ní bheidh aon easpa saineolaithe ar an gclár ar aon chaoi agus leithéidí Pat Spillane, Kevin Moran, Jimmy Barry Murphy, David Hickley, Mickey Ned O’Sullivan agus tuilleadh nach iad i measc na n-iarimreoirí a bheidh ag roinnt a dtuairimí ar an gclár atá le craoladh ag 7.45pm ar an 22 Nollaig.

Achar ama i bhfad níos giorra a bheidh ag clár faisnéise spórt eile atá le craoladh ar TG4 aimsir na Nollag ach ba cheart go mbeadh sé chomh suimiúil céanna.

Bronnadh gradam an Ballon d’Or don imreoir sacair is fearr san Eoraip ar George Best i 1968 ach, seacht mbliana ina dhiaidh sin agus gan é fós ach 28, bhí guaim caillte aige air féin agus é imithe ó Manchester United. In Eanáir 1975, ba i gCorcaigh a leaindeáil Best agus socrú déanta aige le Cork Celtic, a bhí i bponc ag an am chomh maith agus gan ach sluaite beaga ag freastal ar na cluichí.

Bhí pingin mhaith le saothrú ag Best as na cluichí i gCorcaigh a imirt agus ní raibh air bacadh leis na cluichí as baile ach, mar sin féin, ní rófhada a mhair an socrú. Díreach trí chluiche a d’imirt Best do Cork Celtic idir mí Eanáir agus mí Feabhra sula ndeachaigh sé go Los Angeles ar feadh scaithimh ach tá scéal maith san eachtra mar sin féin.

Beidh George Best i gCorcaigh á chraoladh ag 8.15pm ar Lá Fhéile Stiofáin ar TG4

Pádraic Ó Ciardha

Fág freagra ar 'Joe na ngutaí, Gaeilge Chaoimhín Kelleher agus spórt na gcláracha faisnéise'

  • Pádraig

    D’fhreastail mé ar cheann amháin de na cluichí ‘taispeántais’ sin.
    Theagmhaigh Best leis an liathróid uair nó dhó, sin an méid.
    Rinne cúpla cleas seoigh ansin léi agus d’aistrigh go duine eile.
    Liú fonóideach ón slua.
    Bhí cuma bhreá air ach ní raibh fonn reatha ar bith ar an reithe ba léir.
    Le fírinne d’fhéadfadh luchóg a nead a dhéanamh sa chúinne ina raibh Best agus dul a chodladh di féin inti.
    Is dócha go raibh sé traochta ón oíche roimhe sin nuair a d’oscail sé oifig gheallghlacadóra i dtuaisceart na cathrach mar a raibh na mná ina gcoda beaga timpeall air.

  • Pádraig

    Ceann eile faoi Best;
    Seoladh liathróid ard isteach chuige agus chuir sé gothaí air féin chun í bhualadh lena chloigeann.
    Ach theip scun scan air (d’aon ghnó faoi mar a ceapadh).
    “Mhuise léan ort a liairne”, arsa’n fear in aice liom,
    “Dá mbeadh clúmh uirthi ní éalódh sí uait!”