‘Ceannaire iontach a bhí ann’ – Gaelscoil i gCorcaigh an-bhródúil as gaiscí a n-iardhalta Caoimhín Kelleher le Liverpool

D’imir Caoimhín Kelleher do Liverpool i Sraith na gCuradh den chéad uair sa chluiche i gcoinne Ajax an tseachtain seo agus bhí taispeántas an chúil báire óg ina chúis mhór bhróid i nGaelscoil Mhachan in oirdheisceart chathair Chorcaí

‘Ceannaire iontach a bhí ann’ – Gaelscoil i gCorcaigh an-bhródúil as gaiscí a n-iardhalta Caoimhín Kelleher le Liverpool

Caoimhín Kelleher. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá foireann agus daltaí Gaelscoile i gCorcaigh an-mhórtasach as an ngaisce atá dhéanamh duine d’iardhaltaí na scoile le seaimpíní Shasana, Liverpool FC.

D’imir Caoimhín Kelleher do Liverpool i Sraith na gCuradh den chéad uair nuair a bhuaigh siad ar Ajax Dé Máirt agus bhí taispeántas an chúil báire óg ina chúis mhór bhróid i nGaelscoil Mhachan in oirdheisceart chathair Chorcaí.

“Táimid an-bhródúil as ar fad,” a duirt an múinteoir Gearóid Ó Murchú, a mhúin Kelleher nuair a d’fhreastail sé ar an scoil.

“Tá Rang a 4 agam féin agus bhíodar an-sásta. Bhíomar ag plé an chluiche agus Caoimhín sa rang ar maidin.”

Moladh go hard taispeántas Kelleher i ndiaidh an chluiche in Anfield, cluiche a bhuaigh Liverpool 1-0. Bhí bainisteoir na foirne Jurgen Klopp ina measc siúd a mhol Kelleher a rinne na trí shábháil den scoth. Agus an cluiche thart, rith Klopp, ar an bpáirc chun barróg mhór a thabhairt dá chúl báire.

“Bhíomar an-sásta a fheiscint go raibh an méid sin measa ag Jurgen Klopp air,” arsa Ó Murchú.

Agus é ag cur síos ar na cuimhní atá aige ar Kelleher sa scoil, dúirt Ó Murchú gur leaid óg deas ciúin a bhí ann ach go raibh sé soiléir fiú ag an am sin go raibh cumas spóirt ar leith aige.

“Buachaill iontach ar fad a bhí ann. Buachaill ciúin, díograiseach,” arsa Ó Murchú.

“Fear an-spórtúil ar fad. Bhí sé soiléir nuair a bhí sé an-óg go mbeadh sé thar barr ag an spórt. Bhí sé ar na foirne a d’imir i Sciath na Scol ó Rang a 3 suas.”

Chuaigh Kelleher, atá 22 bliain d’aois, sall go Liverpool in 2015. D’imir sé dóibh den chéad uair anuraidh agus cé nach bhfuil ach cúig chluiche imeartha aige do Liverpool go dtí seo, tá an-mheas ag an gclub air. Bhí sé mar chuid d’fhoireann Liverpool a bhuaigh Sraith na gCuradh in 2019 agus a thug leo Príomhroinn Shasana níos luaithe i mbliana.

D’imir sé peil agus iomáint agus é ag freastal ar Ghaelscoil Mhachan agus ba é an buachaill ab óige ar fhoireann na scoile a bhuaigh craobhacha peile agus iomána i Sciath na Scoil in 2009-10.

“Ceannaire iontach a bhí ann, cé go raibh sé níos óige ná cuid de na leaids a bhí ar na foirne leis agus cé go raibh sé saghas ciúin,” a dúirt Ó Murchú. ”Bhí an-mheas ar fad ag na himreoirí eile air. Is dóigh gur aithin siad cé chomh maith agus a bhí sé agus cé chomh nádúrtha agus a tháinig an spórt chuige.”

D’fhreastail clann Kelleher uile ar an nGaelscoil agus bhí cumas spóirt acu uile dar le Ó Murchú. Tá duine de dheartháireacha Kelleher, Fiacre, ag imirt sacair go gairmiúil do Wrexham tar éis dó seal a chaitheamh le Celtic agus é níos óige.

“Thug a thuismitheoirí an-tacaíocht don scoil i gcónaí nuair a bhí na gasúir anseo. Bhí an-mheas ag an gclann ar an nGaeilge, an t-oideachas agus an obair spóirt a bhí ar bun againn sa scoil,” a dúirt Ó Murchú.

Tá Ó Murchú ag súil anois go mbeidh Kelleher in ann bualadh isteach chucu sa scoil nuair bheidh deis aige filleadh abhaile.

“Ba bhreá linn dá dtabharfadh sé cuairt ar an scoil. Thabharfadh sé an-spreagadh do na daltaí.”

“Tá áthas orainn go bhfuil ag éirí chomh maith sin leis. Tá sé tuillte aige agus guíonn muid gach rath air sa todhchaí.”

Fág freagra ar '‘Ceannaire iontach a bhí ann’ – Gaelscoil i gCorcaigh an-bhródúil as gaiscí a n-iardhalta Caoimhín Kelleher le Liverpool'