Port na bpúcaí – amhras agus easpa muiníne

Ghoill sé ar na híobartaigh nár ainmníodh Freddie Scappaticci mar Stakeknife agus fágadh go leor amhrasach go mb’fhéidir gur ceileadh eolas tábhachtach eile

Port na bpúcaí – amhras agus easpa muiníne

Tá iomarbhá idir an PSNI agus ‘na púcaí’ ag druidim linn ó rinne an Príomh-Chonstábla géarcháineadh ar iompar MI5. Tá caidreamh na seirbhíse faisnéise rúnda le Tuaisceart Éireann dúshlánach agus ag baint de mhuinín sa tseirbhís póilíneachta abhus, a dúirt John Boutcher. Caithfear an cur chuige i leith oidhreacht na dTrioblóidí a athrú, ar sé.

Ba dheacair áibhéil a dhéanamh faoi chomh neamhchoitianta is atá a leithéid de cháineadh ó cheannaire póilíní in aon réigiún san Ríocht Aontaithe. Bhí ‘alltacht’ ar Oifig Thuaisceart Éireann faoi, más fíor agus fearg ar mhórán in Whitehall. ‘Ba cheart dó guaim a choinneáil air féin’ dar leis an mbunaíocht.

Ní hamháin go bhfaigheann an Príomh-Chonstábla Boutcher locht ar an gcaoi a láimhseáil na seirbhísí faisnéise gníomhairí a bhí bainteach le marú agus fuadach le linn na dTrioblóidí ach tá sé míshásta le cinntí de chuid rialtas na Breataine maidir le fianaise a cheilt ar íobartaigh ‘ar mhaithe leis an tslándáil náisiúnta’.

Is ag seoladh na tuarascála ar fhiosrú faoin ngníomhaire Stakeknife a bhí ag an mBreatain san IRA, fiosrú Kenova, a bhí Jon Boutcher ag caint. Ba eisean a bhí i gceannas ar fhiosrú Kenova nuair a bunaíodh é in 2016. Dhá bhliain ó shin nuair a ceapadh é mar Phríomh-Chonstábla an PSNI tháinig iarPhríomh-Chonstábla na hAlban, Sir Ian Livingstone, i gcomharbacht air. Tar éis naoi mbliana agus costas £47 milliún eisíodh an tuarascáil deiridh Dé Máirt.

Níor cheadaigh rialtas na Breataine Freddie Scappaticci a ainmniú mar Stakeknife, cé go nglactar leis gurb é an Béal Feirsteach a bhí i bhfeighil aonad ‘smachtaithe’ an IRA. D’éiligh Kenova go ndéanfaí eisceacht chun Stakeknife/Scappaticci a ainmniú.

Fuair Scappaticci bás i Sasana dhá bhliain ó shin. Bhí cónaí air, faoi ainm nua, i dteach a sholáthair na seirbhísí rúnda dó. D’athlonnaigh siad é faoi rún 22 bliain ó shin nuair a d’ainmnigh na meáin é mar spiadóir san IRA. Bhí sé básaithe faoin am ar chuir Kenova comhaid faoi bhráid an Ionchúisimh Phoiblí ach tá sé luaite le marú 14 duine agus fuadach 15.

Ba é cleachtas an IRA agus a aonad smachtaithe daoine a rabhthas in amhras gur spiadóirí don stát iad a fhuadach agus a mharú, go hiondúil le piléir i gcúl a gcinn, agus a gcoirp a chaitheamh le hais bóthair.

Nocht tuarascáil Kenova gur thug Stakeknife breis is 3,500 cuntas faisnéise d’aonad in Arm na Breataine ó dheireadh na seachtóidí go dtí luath sna 1990idí. Tugadh aire na huibhe dó mar ‘acmhainn’. Íocadh airgead mór leis, tugadh ar saoire é chun an RUC a sheachaint nuair a bhí siadsan ag iarraidh é a cheistiú, cuireadh comhairle air faoi mhaoin a infheistiú agus a cheilt. Thairis sin ba mhinic nár deineadh tada chun daoine a bhí i gcontúirt (de réir an eolais a sholáthair sé) a chosaint ar eagla go mbeifí in amhras air.

Cé gur dhúirt MI5 le Kenova nach raibh a fhios acu faoi Stakeknife go dtí gur tarraingíodh aird air go poiblí fuair Kenova amach go raibh siad ar an eolas faoi ó thús go deireadh. Bhí a fhios acu cérbh é féin ón tús. Bhí siad lonnaithe san aonad a láimhseáil é – poll na bhfrancach (rat-hole) a thugadar air, nó poll na bhfeallairí, seans. Is ansin a rinneadh próiseáil ar an eolas a frítheadh ón ngníomhaire.

Dúirt an tuairisc gur iomaí bealach a bhí ag MI5 chun teacht salach ar fhiosrú Kenova. Ceileadh faisnéis go dtí go raibh comhaid curtha faoi bhráid an ionchúisimh phoiblí a chinn nach raibh dóthain fianaise acu chun éinne a chúiseamh.

De thaisme a tharla sé, arsa MI5. Thug siad cáipéisí tábhachtacha ar láimh don bhfiosrú anuraidh nuair a bhí tuarascáil eatramhach foilsithe cheana féin. Dúirt Sir Ian Livingstone go mba theip thromchúiseach é. Níor chuir an mhoill bac ar chúisimh, dar leis ach cheil sé deiseanna fiosraithe. Ina theannta sin d’oscail ball/baill de MI5 taisceadán Kenova ina raibh cáipéisí á gcoinneáil faoi ghlas. B’éigean socruithe speisialta a dhéanamh chun cód a choinneáil faoi rún.

Go bunúsach, bhris ar mhuinín lucht Kenova in MI5. Ghoill sé ar na híobartaigh nár ainmníodh Scappaticci mar Stakeknife agus fágadh go leor amhrasach go mb’fhéidir gur ceileadh eolas tábhachtach eile. D’fhiosraigh Kenova cásanna eile fearacht bhuamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin i 1974.

De réir achoimre a foilsíodh Dé Máirt ní bhfuair siad aon fhianaise go raibh feidhmeannaigh nó fórsaí na Breataine claonpháirteach sna huafáis sin. Foilseofar tuairisc iomlán an bhliain seo chugainn ar an ngrúpa ón UVF a bhí freagrach agus an dream ar a dtugtar drong Ghleann Anna, a raibh póilíní agus saighdiúirí i gclaonpháirt leo go minic, san ionsaí ar an Miami Showband cuir i gcás.

I bhfianaise iompar MI5 i dtaca le Stakeknife níorbh iontas é gur cheistigh daoine cé acu an bhfuair an fhoireann fiosraithe an fhianaise ar fad maidir leis an UVF agus buamaí Bhaile Átha Cliath is Mhuineacháin. Mhaígh John Boutcher agus Ian Livingstone gur bhain iompar MI5 an bonn de mhuinín i gcomhoibriú an stáit, cor a bhfuil ciallachais thromchúiseacha aige d’institiúidí agus fiosruithe a eascróidh ón reachtaíocht um Oidhreacht na dTrioblóidí atá faoi bhráid na Parlaiminte faoi láthair.

Fág freagra ar 'Port na bpúcaí – amhras agus easpa muiníne'

  • Pádraig

    Lapaí na bunaíochta go domhain in umar na fola.
    Agus gan duine ná fiosrú ar bith chun cur chucu ná uathu.