Margaí maithe do chótaí deasa geimhridh – sé cinn de chótaí deasa faoi bhun €100

Níl fuacht mór an gheimhridh buailte linn fós ná baol air ach d’aithneofá athrú ar an aimsir, na laethanta níos giorra agus teas an tsamhraidh imithe as an aer. Tá sé in am éadaí an tsamhraidh a chur ar leataobh agus filleadh ar fheisteas an earraigh agus gheimhridh. Am maith é le cóta deas nua […]

Margaí maithe do chótaí deasa geimhridh – sé cinn de chótaí deasa faoi bhun €100

Níl fuacht mór an gheimhridh buailte linn fós ná baol air ach d’aithneofá athrú ar an aimsir, na laethanta níos giorra agus teas an tsamhraidh imithe as an aer. Tá sé in am éadaí an tsamhraidh a chur ar leataobh agus filleadh ar fheisteas an earraigh agus gheimhridh.

Am maith é le cóta deas nua a roghnú don gheimhreadh agus tá roinnt margaí le fáil faoi láthair ar phraghsanna atá an-réasúnta ar fad. Chuaigh mé féin i mbun tóraíochta agus é de rún agam gan níos mó ná €100 a chaitheamh.

D’éirigh liom sé cinn de chótaí deasa a aimsiú a raibh costas idir €40 agus €90 orthu agus ceann amháin a bhí go mór os cionn an bhuiséid agam ach a roghnóinn ar an bpointe dá mbeadh an t-airgead agam!

Bíonn sé de nós go minic agam dathanna dorcha – dubh agus liath – a roghnú ach sheachain mé sin an uair seo agus bhí mé beagán níos cróga i mbun an roghnaithe.

Crón an dath atá ar an gcóta neodrach, clasaiceach seo ar a dtugtar Mille ar phraghas €80 ó Topshop.

 

Níl ach €40 ar an gcóta ‘Crombie’ seo ar dhath dhúdhearg nó ar dhearg fíona ó Dunnes Stores.

 

Cóta dustar ‘rómhór’ ar dhath liath le mionghné easa air ar €48 ó Missguided.

 

Cóta clasaiceach ‘Trench’ atá deas éadrom agus a mhairfidh ar feadh na mblianta ar €85 ó Miss Selfridge.

 

Cóta fearúil olla ó Zara a bhfuil dath álainn dearg air. €89.95 – margadh an-mhaith ar an gcaighdeán sin feistis.  

 

Cóta gairid ar dhath gorm dorcha atá ar fáil ó H&M ar €49.99

 

Seo an ceann a roghnóinn féin cé go bhfuil sé a dhá oiread an bhuiséid a bhí i gceist agam – €195 atá ar an gcóta ‘rómhór’ clasaiceach seo ar dhath an mhustaird atá go mór sa bhfaisean faoi láthair. Tá sé ar fáil ón siopa & Other Stories.