Margadh nua Breatimeachta déanta agus é ‘cothrom agus féaráilte’

Tá sé deimhnithe ag an AE agus ag Rialtas na Breataine go bhfuiltear tagtha ar réiteach ar an tsáinn Breatimeachta

Margadh nua Breatimeachta déanta agus é ‘cothrom agus féaráilte’

Tá sé ina mhargadh sna cainteanna Breatimeachta.

Dúirt Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh gur margadh “cothrom agus féaráilte” a bhí ann.

Mhol Juncker go nglacfadh ceannairí an 27 ballstát eile leis ag an gcruinniú mullaigh atá ar siúl faoi láthair.

Chuir Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson tvuít amach ar maidin inar thug sé le fios go raibh “margadh nua iontach” déanta.

Ba faoi pharlaimint Westminster é anois glacadh leis an margadh sin Dé Sathairn, a dúirt Johnson.

Bhí roinnt mhaith dóchais ann i gcaitheamh an lae inné go dtiocfaí ar shocrú roimh chruinniú mullaigh an lae inniu, ach deimhníodh aréir go raibh constaicí áirithe fós le sárú.

Ar an DUP is mó a bhí aird agus iad ag rá nach bhféadfaidís glacadh leis na moltaí is déanaí.

Chuir an DUP ráiteas amach níos luaithe ar maidin inar chuir siad cos i bhfeac arís maidir leis an margadh agus ceist na teorann go háirithe.

Níor mhór beannacht Pharlaimint na hEorpa agus Pharlaimint na Breataine a fháil don mhargadh nua agus d’fhéadfadh go mbeadh tacaíocht fheisirí an DUP in Westminster a bheith riachtanach fós.

Fág freagra ar 'Margadh nua Breatimeachta déanta agus é ‘cothrom agus féaráilte’'

  • An Teanga Bheo

    Níl do mhargadh déanta ———tá do mhargadh déanta======= colscaradh