Margadh á éileamh dá mbeadh roghnú Rialtais nua na Breataine ag brath ar an DUP nó an SDLP

Cé is móite den mhaolú ar an déine, is ar éigean má tá ábhar ar bith eile a mbeadh an dá pháirtí ar aon fhocal faoi agus iad ag iarraidh margadh a dhéanamh leis na páirtithe móra thall

Chess_board_777

D’fhéadfadh polaiteoirí Thuaisceart Éireann tionchar mór a bheith acu ar an rogha Rialtas nua sa Bhreatain tar éis vótáil an lae inniu, más fíor do na pobalbhreitheanna.

Tá lucht na staitisticí abhus gnóthach ag iarraidh a thuar cén leagan amach a bheadh riachtanach ar thacaíocht na bpáirtithe thall chun go mbeadh tábhacht ar leith le tacaíocht na bhfeisirí as Tuaisceart Éireann. Ba cheart go mbeadh an t-eolas sin ar fáil go moch maidin amárach; beidh a fhios againn ansin an bhfuil seans ann go mbeidh ról cinniniúnach ag páirtí nach mbeadh acu ach ocht nó naoi n-ionadaithe, nó fiú níos lú.

Tá an cheist á cur anseo céard a bheidh i ndán do Thuaisceart Éireann dá mbeadh páirtithe logánta agus ról laidir acu san imirt. Céard a d’éileodh siad mar aisíoc ar a dtacaíocht agus cén éifeacht a bheidh aige sin ar shaol an phobail abhus?

Go bunúsach, is ar dhá pháirtí atáthar ag faire, an DUP go príomha agus an SDLP, b’fhéidir. Níl Sinn Féin i gceist ach amháin sa mhéid go gcinntíonn a neamhfhreastal go bhfuil laghdú ar líon na suíochán atá riachtanach le haghaidh móraimh sa pharlaimint (326 lúide leath an líon feisirí a staonann ó fhreastal i Westminster).

Bhunaigh an DUP a bhforógra toghchánaíochta ar an méid a bheadh siad in ann a bhaint amach do Thuaisceart Éireann ó David Cameron nó ó Ed Miliband i bParlaimint gan móramh. D’fhoilsigh siad plean cúig phointe; plean an-ghinearálta is ea é faoi fhorbairt eacnamaíochta, scoth na seirbhísí poiblí, comthromaíocht, neartú na Ríochta Aontaithe agus cosaint is neartú Bhriotanachas Thuaisceart Éireann. Chuir a bhforógra beagán feola ar chonablach an phlean sin; éilimh maidir le cáin ioncaim, laghdú ar cháin bhreisluacha agus a leithéid.

Maidir le neartú an Aontais, tá an DUP naimhdeach d’aontas eile – an tAontas Eorpach, agus iad ag iarraidh reifrinn chun é a fhágáil. Tá náisiúnaithe imníoch faoina bhfuil i gceist le ‘neartú Briotanachais na nAontachtach’ – tá clásal sa bhforógra ag iarraidh go scorfaí Coimisiún na bParáidí agus ag geallúint tús nua ar mhairseálacha i gcomhar leis na hOird Dhílseacha.

‘A new start on parades including the abolition of the Parades Commission. We will work alongside the Loyal Orders to achieve this.’

Níl ceist na bparáidí faoi smacht an Tionóil faoi láthair agus tá daoine buartha go ngéillfeadh na Tóraithe go háirithe d’éilimh den tsórt sin nuair a bheadh an crú ar an tairne. Is dual don DUP tacú freisin le tograí míleata agus le mórchaiteachas ar chosaint, fearacht Trident.

Má bhíonn trí shuíochán fós ag an SDLP tar éis na vótála, maíonn siad go bhféadfadh ról a bheith acu leis na gaolta Ceilteacha – Náisiúnaithe na hAlban agus Plaid Cymru – i gcinntiú go gcloífeadh Ed Miliband le prionsabail an lucht oibre. Deir an SDLP nach dtacódh siad leis na Tóraithe in aon chor agus nach bhféadfadh an Lucht Oibre brath ar dhlúth-thacaíocht uathu ach an oiread. Vótáil siad in aghaidh an Lucht Oibre sa Pharlaimint cheana agus dhéanfadh siad sin arís dá mbeifí ag teacht salach ar a bpolasaithe, a dúirt Mark Durkan. Tá an SDLP in aghaidh na gciorruithe a rinneadh ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus iad meáite nach nglacfar leo; níl siad ar son reifrinn faoin Aontas Eorpach agus iad ag tabhairt foláirimh gur tubaiste do Thuaisceart Éireann a bheadh ann an tAontas Eorpach a fhágáil.

Is féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeadh an dá pháirtí ag iarraidh maolú ar an déine dá mbeadh ról acu i roghnú rialtais cé go mbeadh difríochtaí eatarthu faoi céard leis a nglacfaidís. Cé is móite den mhaolú déine sin, is ar éigin má tá ábhar ar bith eile a mbeidís ar aon fhocal faoi agus iad ag iarraidh margadh a dhéanamh leis na páirtithe móra thall. Tá tréimhse shuimiúil i ndán dúinn.

Fág freagra ar 'Margadh á éileamh dá mbeadh roghnú Rialtais nua na Breataine ag brath ar an DUP nó an SDLP'