Mar a fuair Baile na nGall i gCorca Dhuibhne a ainm

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo stair Bhaile na nGall atá againn..

Mar a fuair Baile na nGall i gCorca Dhuibhne a ainm

Fadó riamh bhí Baile na nGall roinnte ina dhá chuid. Thugaidís An Pointe ar chuid de agus Baile an Ghóilín ar an gcuid eile.

Tháinig dream iasachta de dhaoine isteach san mBaile. Protastúnaigh ab ea iad. Thógadar tithe i ngort mór ar a dtugtar an ‘Station’ anois.

Tar éis roinnt mhaith aimsire d’fhágadar an baile agus tháinig na Dubhchrónaigh ar an mbaile agus thógadar seilbh na dtithe a bhí ag na daoine a d’fhág an baile.

Bíodh na Dubhchrónaigh ag síorfhaire ar an gcósta agus is minic a théidis isteach ins na tithe agus thógaidís a mbíodh de bhia ag muintir an bhaile.

Tharla gur maraíodh an stiúrthóir a bhí orthu. Níorbh fhios cé a mhairbh é, ach d’fhógair na Dubhchrónaigh go mbainfidís díoltas as muintir an bhaile.

Tháinig mórán acu anuas as na tithe agus iad chun an baile a dhó. Scaoileadar lasáin fés na naomhóga, na báid bheaga a bhíodh ag muintir an bhaile. Do bhí cuid acu fé thine. Do bhí An Mhuiríoch le dó leis.

Bhí na daoine bochta go léir scanraithe, iad go léir ag teicheadh lena n-anam agus fo-sheanduine fágtha ar an mbaile.

Do bhí an baile ana-ghairid a bheith fé ardlasrach nuair a tháinig fógra ó Baile Átha Cliath gan an baile do dhó.

Tháinig long mhór chogaidh isteach sa chuan chun corp an duine mhairbh a bhreith go Sasana. Tháinig na daoine go léir thar n-ais sa bhaile go lánsásta ansan. Nuair a d’imigh na Dubhchrónaigh do tugadh Baile na nGall ar mo bhaile cónaithe.

Pádraig Ó Séaghdha as Baile na nGall a fuair an seanchas seo óna athair Pádraig (60).

Fág freagra ar 'Mar a fuair Baile na nGall i gCorca Dhuibhne a ainm'