Mar a chéile Lourdes, an Electric Picnic agus Comórtas Peile na Gaeltachta

An Comórtas Peile a bheith coinnithe uainn an deireadh seachtaine seo a d’fhág an ráig uaignis is deireanaí orm

Mar a chéile Lourdes, an Electric Picnic agus Comórtas Peile na Gaeltachta

Níor leag mé cos i Lourdes ariamh, ná ag Electric Picnic ach an oiread. Ach a liachtaí sin uair a d’fhreastail mé ar Chomórtas Peile na Gaeltachta, is mór mo bharúil nó tá cosúlachtaí go leor acu ar fad lena chéile.

Leath dá gcasfaidh duit ar thóir leighis, sin nó ag déanamh aeir go mbuailfidh an fonn iad aghaidh a thabhairt ar chúis a gcuarta – bíodh sin páirc na peile, stáitse an cheoil nó an grató.

Tá siad ann is dócha a rinne na trí oilithreacht agus nach bhfaca séipéal ná eaglais, nár chuala an nóta ceoil amháin féin ná aon radharc ar pheil á ciceáil.

Ach nach cuma. Ní mba é sin a bhí ar intinn acu nuair a d’fhágadar an baile agus, mar a dúirt an té a dúirt, ‘nach cuma ach a bheith imithe ón teach’.

An Comórtas Peile a bheith coinnithe uainn an deireadh seachtaine seo a d’fhág an ráig uaignis is deireanaí seo orm. Fágann cuimhní leathchéad bliain é chomh fáiscthe chomh mór i mo chroí agus atá Lá’l Pádraic in intinn na nGael, an 4ú Iúil in intinn an Phoncánaigh agus Lá Fhéile Mhic Dara i bpobal Charna.

Níor éirigh liom a dhul go Gaoth Dobhair i 1969 agus sílim go ndearna mé cur síos cheana daoibh ar mo chuairt ansiúd an bhliain dár gcionn, ceann de na chéad Chomórtais ar a ndearna mé freastal – léim an daill i lár an mheán oíche ar thóir áite nach raibh mórán barúil againn cá raibh sé agus gan cuimhne dá laghad againn go mbainfeadh stair chomh fada nó chomh tábhachtach leis an ócáid a bhí leagtha amach faoinár gcomhair.

Ba é an Comórtas Peile a mhúin do ma glúin-se i gConamara go raibh ár macasamhail le fáil freisin in Uíbh Ráthach, in Iarthar Duibhneach, i Múscraí Uí Fhloinn, i Rinn Ua gCuanach, ar bhruacha Loch Coirib agus Loch Measc, ar Oileán Acla, sa réimse ó thuaidh de Chnoc na gCnámh agus de Cheann Dhumha Thuama agus sna pócaí áille ó thuaidh de sin arís ina maireann sliocht Chonaill agus Eoghain

Tá siad ar fad siúlta faoi seo againn – faoi dhó, faoi thrí agus faoi cheathair cuid acu agus ina gceartlár, cuairt faoi leith orthu siúd agus ar a sliocht a d’fhág Conamara i 1935 agus a thug aghaidh ar thalamh ríoga na Mí.

Trasna ó Theach Ósta Hudie Bhig a bhí an lóistín inar fhan mé sa mbliain 1970. Leigheas a bhí ar m’intinn ar dhúiseacht dom maidin an Domhnaigh – spraoi na hoíche aréir ag déanamh ré roithleagán istigh i mo chloigeann agus uair an chloig mhaith romham sula raibh cead oscailte ag tábhairní.

Agus mé ag santú fuaraíocht ón aer shiúil me síos bóithrín le hais Tigh Hudie agus ainneoin mo chuid póite b’fhacthas dom gur chuala mé mar a bheadh torann buidéil ag bualadh faoina chéile taobh thiar de bhalla. Nuair a tháinig mé chomh fada le geata rinne mé beagán speiceála isteach agus m’anam go raibh sé ann – fear meánaosta cromtha os cionn carnán buidéil fholmha agus é á gcur i gcásaí.

Bheannaigh muid dá chéile agus nuair a d’fhiafraigh sé cá mba as mé d’inis mé sin agus m’ainm dó. Dúirt sé go mb’eisean fear an tí.

Bhí Hudie Beag Ó Gallchóir ar dhuine de mhórpheileadóirí Ghaoth Dobhair. Bhí sé ar an gcéad fhoireann dá gcuid a bhuaigh Craobh Shinsearach Dhún na nGall i 1934, ar na foirne a bhuaigh na ceithre chraobh as a chéile idir 1944 – 1947. Murach go bhfuair Naomh Adhamhnán an ceann ab fhearr orthu i gcluiche ceannais 1948 bheadh leathdhosaen craobhacha as a chéile ag Gaoth Dobhair, a bhain díoltas amach i 1949.

Mhair saol imeartha Hudie ar fhoireann an chontae chomh fada céanna – d’imir sé dóibh den chéad uair in aghaidh Fhear Manach i 1934 agus d’imir dóibh den uair dheireanach 11 bliain ina dhiaidh sin i gcluiche leathcheannais Uladh in aghaidh an Chabháin.

Mar a tharla bhí aithne aige ar uncail dom féin a bhí ag imirt do Ghaillimh timpeall an ama ar thosaigh Hudie ag imirt le Dún na nGall agus bíodh gurbh é sin ba chúis leis nó gur mba thrua a bhí aige don othar, nuair a bhí an buidéal deireanach curtha i dtaisce aige dúirt liom leanacht dó isteach an cúldoras gur thug fliuchadh mo bhéil dom agus de réir mar a bhí mé á cheistiú faoina shaol peile agus ag baint corrshúmóg as an ngloine, d’ardaigh an ceo.

D’fhéadfá a rá mar sin go mba é Hudie Beag Ó Gallchóir an duine ba thúisce ar an liosta de na dlúthchairde a tháinig i mo bhealach as sin go ceann 50 bliain ar mo thurais chuig na ceantair Ghaeltachta le linn na gComórtas Peile. Níor fhág mé Gaoth Dobhair ariamh gan cuairt a thabhairt air fad a mhair sé.

Ní mba ar dhaoine amháin a chuir mé aithne ina dhiaidh sin ar mo chuid taistil – bhí fiú na comharthaí bóthair a thagadh i mo bhealach mar ábhar saibhris – ag breathnú den chéad uair ar logainmneacha a bhí cloiste chomh minic sin agam ar Raidió na Gaeltachta ó Dhóirín Mhic Mhurchadha, Feardorcha Ó Colla, Liam Ó hUigín, Seán Ó Liatháin agus iad siúd a tháinig ina n-áit.

Le mo dhá shúil féin anois chonaic mé go díreach cén áit a raibh Cathair Uí Mhóráin, Baile na mBialach, Croithlí na mBabóg, an Portach Rua agus na céadta eile nach iad.

I dtreo na spéire atá seaftaí mo charbaid na laethanta seo agus an capall ar féarach.

Ach a bheith beo, an t-am seo arís beidh sé faoi úim athuair, cóta nua péinte ar an bhfeithicil, an hata fáiscthe anuas ar a chloigeann ag an tiománaí agus muid ullamh chun bóthair le cúnamh Dé.

Fág freagra ar 'Mar a chéile Lourdes, an Electric Picnic agus Comórtas Peile na Gaeltachta'

  • Brid Feeney

    An -mhaith Mhártain. Sin é an comórtas a smaoiním air sna seachtúdaí. D’imigh mise go Sasana agus nuair a thainig mé abhaile bhi sé athraithe, chuile dhuine ag caint ar an bpeil !