Is iad Cumann Slatiascaireachta Cheantar an Chraoslaigh is mó a bhainfidh leas as an maoiniú atá curtha ar fáil ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh do lucht slatiascaireachta i nDún na nGall agus é fógartha aige go bhfaighidh an cumann sin €248,388 chun gníomhaíochtaí slatiascaireachta a fhorbairt sa cheantar.
Fógraíodh inné go bhfuil €336,442 san iomlán fógartha ag an Aire Stáit do dheich gcumann slatiascaireachta i nDún na nGall agus d’Iascaigh Intíre Éireann.
Is mar chuid den Straitéis Náisiúnta um Forbairt Slatiascaireachta agus den Tionscnamh um Chaomhnú Bradán atá an maoiniú seo ceadaithe. Tá a cheithre oiread cúnamh airgid ar fáil i mbliana, agus an maoiniú ardaithe ó €500,000 go dtí €2,000,000.
Tá an t-airgead a cuireadh ar fáil do Chumann Slatiascaireachta Cheantar an Chraoslaigh le cur i dtreo phlean forbartha agus iarrachtaí an tslatiascaireacht a chur chun cinn sa cheantar.
Tá maoiniú curtha ar fáil chomh maith do chumainn Ghaeltachta eile: na Rosa (€21,492), Gaoth Beara (€4,000), Dún Fionnachaidh (€6,574), Croithlí (€5,760) agus Loch an Iúir (€11,269).
Caithfear an t-airgead ar thograí éagsúla, chun báid nua a cheannac, mar shampla, nó chun rochtain chuí a chur ar fáil do dhaoine a bhíonn ag brath ar chathaoireacha rothaí.
Tá €27,000 curtha ar fáil d’Iascaigh Intíre Éireann chun obair athshlánaithe a dhéanamh ar Abhainn Ráithe i nDún na nGall.
Fág freagra ar 'Maoiniú €336,000 tugtha do chumainn slatiascaireachta Ghaeltachta ag McHugh'