Manaí i nGaeilge ar sheodra óir agus airgid lámhdhéanta in iarthar Chorcaí

Ón nGearmáin ó dhúchas an dearthóir Sabine Lenz ach tá an Ghaeilge mar chomhartha aitheantais ar a cuid táirgí agus í ag ceiliúradh 25 bliain i mbun gnó

Manaí i nGaeilge ar sheodra óir agus airgid lámhdhéanta in iarthar Chorcaí

Bhí mé ag scríobh anseo an tseachtain seo caite faoi sheodra a chuirfeadh smais agus slacht ar fheisteas ar bith. Píosaí saor go maith a bhí i gceist agam den chuid is mó agus go leor acu le fáil faoi €20.

Ó shin i leith, tugadh nod dom faoi rogha eile de sheodra deasa nach bhfuil baileach chomh saor sin ach atá déanta as ór agus airgead.

Ní hamháin go ndéantar na hearraí sa tír seo, in iarthar Chorcaí, ach tá siad an-Ghaelach ar fad agus manaí i nGaeilge ar chuid mhaith acu.

An dearthóir Sabine Lenz ón Ghearmáin a bhunaigh an comhlacht Enibas, i dteannta a fir chéile Len, cuntasóir. Roghnaigh sí Enibas mar ainm don ghnó mar gurb é a hainm baiste féin é, droim ar ais. Tá an comhlacht lonnaithe sa Scoil (Scoil Mhuire) in iarthar Chorcaí ach tá a gcuid táirgí ar fáil i siopaí ar fud na tíre agus ar líne. 

Tá ceiliúradh á dhéanamh faoi láthair ag an gcomhlacht ar fiche a cúig bliain i mbun gnó agus cúis mhaith cheiliúrtha acu, dar le Sabine Lenz. Dúirt sí in agallamh le gairid gur anois féin a bhraitheann sí go bhfuil rath ar a gcuid oibre den chéad uair.

Dúirt sí freisin go raibh an-bhród uirthi faoin nGaeilge a bheith a húsáid go lárnach ina cuid táirgí agus gur comhartha aitheantais de chuid an ghnó anois í an Ghaeilge.

Roghnaigh an t-iarThaoiseach Enda Kenny bráisléid ar a dtugtar ‘Croí álainn’ ó Enibas le bronnadh ar Sasha agus Malia Obama sa Teach Bán in Washington roinnt blianta ó shin.

Ó tharla gur táirgí lámhdhéanta iad, is gá rabhadh a thabhairt nach bhfuil siad seo saor ach déarfainn go dtaitneoidís le turasóirí nó le daoine gur suim leo an teanga.

Seo roinnt acu a thaitníonn liom féin.

Muince óir ar a dtugtar ‘Sonas’ agus cúig dhíosca beag ann ar €385

 

Fáinne simplí óir leis an mana ‘Croí álainn’ ar €249

 

Muince le hór, airgead agus diamaintín beag leis an teachtaireacht ‘Las mo shlí’ ar €210

 

Bráisléad déanta as meascán d’ór agus airgead agus an teachtaireacht ‘Do shaol, do thuras’ ar €110

 

Muince ón mbailiúchán ‘Anam’ ina bhfuil diosca beag le ‘grá’ greanta air agus diosca beag eile le do rogha de cheannlitir ar €118. Nach deas an bronntanas a bheadh ann do mháthair ar bith a mbeadh leanbh nuabheirthe aici?

 

Bráisléad airgid leis an mana spreagúil ‘Lean do bhrionglóid’ ar €69

 

 

Cnaipí cluaise déanta as ór agus airgead ón mbailiúchán ‘Croí álainn’ ar €98

 

Fág freagra ar 'Manaí i nGaeilge ar sheodra óir agus airgid lámhdhéanta in iarthar Chorcaí'