Mair a bhean agus gheobhaidh tú comhphá lá éigin…

Coinnígí oraibh a mhná agus gheobhaidh sibh pá comhionann – lá éigin. Sin mura n-aimsíonn club na bhfear bealach lena sheachaint

Mair a bhean agus gheobhaidh tú comhphá lá éigin…

Idirdhealú in aghaidh na mban san BBC agus in ollscoileanna na hÉireann. Agus in an-chuid ionaid oibre eile, gan dabht, d’ainneoin rabharta d’Achtanna in aghaidh leithcheala. Tá cosaint in ainm is a bheith ag mná in aghaidh éagothroime pá le fada de bharr dlíthe an Aontais Eorpaigh agus reachtaíocht sa bhaile. Tá reachtaíocht in aghaidh idirdhealú pá in Éirinn agus sa Bhreatain le breis is dhá scór bliain. Ba bheag dá chosúlacht sin a bhí ar an scannal san BBC a nochtadh an tseachtain seo ná sna figiúirí a d’fhoilsigh an tÚdarás um Ard-Oideachas, an HEA, faoin easpa ban sna postanna is sinsearaí in institiúidí tríú leibhéal.

Dhá fhostóir áirithe is ea iad sin, deirtear, ach is institiúidí iad a shamhlaíonn iad féin mar eiseamláir do gach éinne eile – an BBC ag déanamh gaisce gurb é a leagann síos an caighdeán do chraoltóirí na cruinne agus ollscoileanna is coláistí ardoideachais eile ag maíomh gurb iad féin an sméar mhullaigh. Má chuirtear suas le hidirdhealú éagórach óna leithéidí sin d’fhostóirí, cén seans atá ag oibrithe ag bun an dréimire?

Bhainfeadh figiúirí an BBC an tsúil as do chloigeann. Os cionn £2.2 milliún sa bhliain mar tháille do Chris Evans. Gary Lineker gar don dá mhilliún. Tá siadsan i bhfad chun tosaigh ar an gcuid eile cé go bhfuil seans go bhfuil fear Chontae Chorcaí, Graham Norton gar go leor dóibh ó tharla nár foilsíodh a luach saothair iomlán. Tá cúigear fear eile idir iad agus an bhean is airde pá, Claudia Winkelman (sa naoú háit).

Ní haon iontas é gur in aghaidh a dtola a d’fhoilsigh an BBC na figiúirí do na daoine, a bhíonn ar an aer, a shaothraíonn níos mó na £150,000 sa bhliain d’airgead an cheadúnais. Mhaígh an BBC go raibh an t-eolas íogair ó thaobh gnó agus iomaíochta. Chuir rialtas Theresa May iachall orthu na sonraí a fhoilsiú mar chuid den idirbheartaíocht faoi Chairt an chraoltóra. Roghnaíodh an figiúr 150,000 mar gurb in é pá an Phríomh-Aire féin.

Náirigh an fhírinne an BBC. Nocht sé patrarcacht nó club d’fhir den chine gheal. Fir iad dhá dtrian de na fostaithe is mó pá agus daoine geala an chuid is mó ar fad acu; ní raibh ach deichniúr ó mhionlaigh eitneacha i measc an 96 a bhí ar phá os cionn £150,000. Ba é an t-idirdhealú in aghaidh na mban an phríomhcheist don chraoltóir, áfach. Tá mná an-fheiceálach ar an BBC ach níl iontu ach trian den liosta seo. Saothraíonn an láithreoir nuachta, Huw Edwards i bhfad níos mó ná a chomhláithreoir Fiona Bruce, cuir i gcás. Is é an scéal céanna é ar an gclár maidine Today ar Radio4 agus pá i bhfad níos mó ag John Humphreys ná atá ag Sarah Montague.

Tuairiscíodh gur thairg an BBC ardú pá do leithéidí Emily Maitlis, Newsnight sular foilsíodh na figiúirí, chun cuma na maitheasa a chur orthu ach gur dhiúltaigh sí dó. Áirítear go bhfuil sise i measc na ndaoine atá ag cur brú ar an BBC anois faoin éagothroime. Seans go ndéanfar an BBC a fhiosrú faoin dlí a shárú. Bhí comhionannas d’fhostaithe níos coitianta nuair a bhí ráta pá socraithe do phost ach tá coinníollacha imithe as alt ó athraíodh nósanna agus ó cuireadh tús leis an mhargáil duine ar dhuine (agus meath tagtha ar na ceardchumainn).

Tá tréimhse chorrach i ndán do Sir Tony Hall, Ardstiúrthóir an BBC, a gheall go ngabhfadh an chorparáid i ngleic leis an leithcheal ar mhná agus ar mhionlaigh eitneacha. An mbeidh daoine i dteideal pá aisghníomhach? Cúiteamh as an idirdhealú? An ndéanfaidh an BBC iarracht pá na bhfear a laghdú? 2020 an spriocdháta a leag Hall síos dó féin chun cothroime agus cothromas do mhná a chinntiú.

An mbeidh sé sin mar choinníoll d’athnuachan na cairte? Nó an bhfuil rudaí eile ar aire rialtas cráite Theresa May? In Éirinn tá ciorruithe á mbagairt ar institiúidí oideachais tríú leibhéal mura gcuirtear leithcheal ar mhná iontu ina cheart. D’fhoilsigh an tÚdarás um Ard-Oideachas figiúirí a léirigh gur mná iad 50% de na léachtóirí i gcoláistí na tíre ach go dtiteann an céatadán go géar i bpostanna sinsearacha. Bean amháin a bhíonn ar gach cúigear ollúna (21%). Braithfidh maoiniú stáit feasta ar dhul chun cinn chun an éagothroime sin a cheartú. Ina theannta sin tá cinneadh déanta ag na háisíneachtaí a sholáthraíonn maoiniú le haghaidh taighde go mbeidh creidiúnú as ucht cothroime inscne riachtanach chun deontais a fháil ón mbliain 2019 ar aghaidh.

Chífimid cé mar a chuirfear na coinníollacha sin i bhfeidhm in 2019 agus 2020. Ní dhéanfainn talamh slán de go bhfuil ré órga an chomhionannais ar na bacáin.

Fág freagra ar 'Mair a bhean agus gheobhaidh tú comhphá lá éigin…'

  • Mise Áine

    @ Ní dhéanfainn talamh slán de go bhfuil ré órga an chomhionannais ar na bacáin.

    Ná mise, a chara..:-(