‘Má leanann an sléacht, leanfaidh an ghníomhaíocht – is beag an íobairt í’

Caitheann Tuairisc Súil Chun Cinn ar 2025 leis an scríbhneoir, file agus gníomhaí pobail, Áine Uí Fhoghlú

‘Má leanann an sléacht, leanfaidh an ghníomhaíocht – is beag an íobairt í’

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2025?

Na tograí scríbhneoireachta atá ag tochas mo choinsiasa le bliain anuas a chríochnú, sin í an chloch is mó ar mo phaidrín. Filleadh ar mo chleachtas ióga, an rothar a thógaint amach arís tar éis leisce 2024 agus ord is eagar a chur ar m’oifig oibre!

Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2025?

Ar bhonn pearsanta, tá mé ag súil le suí siar agus taitneamh a bhaint as cuid den gcarn sárleabhar Gaeilge atá ar mo bhinse le léamh. Beidh leabhar ficsin liom do dhaoine óga (aois 9-12) á fhoilsiú mar aon le cnuasach filíochta Ghradam Markievicz a bronnadh orm in 2022 agus cnuasach trítheangach a bhaineann le turas chun na hAirgintíne. Beidh ana-shásamh agam iad san a fheiscint i gcló.

Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2025?

Mar ghníomhaí i ngrúpa áitiúil anso ar son mhuintir na Palaistíne, níl mé ag súil le bliain eile de bheith ag fáilt teachtaireachtaí ó chairde i nGaza ag impí orainn teacht i gcabhair orthu agus iad á mbascadh ag Iosrael, fad a thugann an domhan mór an chluas bhodhar dóibh. Infheistíonn gníomhaithe cuid mhór díobh féin i bhfeachtas mar seo agus déanann sé creach ar na mothúcháin. Níl mé ag súil le bliain eile de sin, ach má leanann an sléacht leanfaidh an ghníomhaíocht. Is beag an íobairt í nuair a chíonn tú an fhulaingt a ngabhann na hainniseoirí bochta sin tríd.

Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2025

Bhí mé féin is filí eile páirteach i dtaispeántas ardáin i mbliana le linn Fhéile Idirnáisiúnta Litríochta Chorcaí, leis an bhfile iomráiteach Palaistíneach Marwan Makhoul. Anois tá an taispeántas sin le forbairt agus ceol le cur leis ionas go mbeidh sé mar mhórléiriú stáitse ar ardán i mBéal Feirste i rith na bliana. Beidh mé ag súil go mór leis sin. Dar ndóigh, beidh súil agam le Tionól Nioclás Tóibín anso sa Rinn agus go leor imeachtaí Gaelacha agus litríochta eile a bheidh ar bun chomh maith.

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2025?

Is iad mo bheirt gharleanbh atá ag fás aníos chugainn an tuar dóchais is mó atá agam fé láthair. Cuireann siad saibhreas agus gliondar thar cuimse im’ shaol agus beidh mé ag tnúth go mór len iad a fheiscint ag cur bliain eile díobh – ag fás, ag forbairt agus ag foghlaim, ag déanamh spraoi agus ag éisteacht le scéilíní craiceálta óna Mamó.

Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2025?

Cloí le spriocanna, breis léitheoireachta, feabhas a chur ar an Araibis agus an Spáinnis. Cuairt a thabhairt ar an Dánlann Náisiúnta chun taispeántas Evie Hone agus Mainie Jellett a fheiscint. Síocháin intinne agus anama a chothú ionam féin agus iontu siúd atá thimpeall orm: níor bheag san!

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2025, céard a d’athrófá?

D’athróinn polasaí an rialtais i leith na tithíochta. Chuirfinn clár tógála nua i bhfeidhm a sholáthródh na mílte tigh inacmhainne do theaghlaigh óga na hÉireann, agus go háirithe do phobal na Gaeltachta atá á ndíbirt chun na Galltachta, toisc nach acmhainn dóibh tigh a cheannach ná a thógaint ina gceantracha féin a thuilleadh. Thabharfadh sé dóchas éigint dóibh siúd atá gan dídean chomh maith, iad ag codladh i dtearmainn agus ar na sráideanna, rud a ghoilleann go mór orm. Ach an ndéanfaidh an rialtas nua beart de réir a mbriathar? Beidh le feiscint.

Fág freagra ar '‘Má leanann an sléacht, leanfaidh an ghníomhaíocht – is beag an íobairt í’'