‘If the President of the United States wanted a few words in Irish I had to do it’ – cuimhní ar chuairt Clinton

Tugtar chun cuimhne i leabhar nua eachtra inar cuireadh abairt Ghaeilge mhíchruinn ar fáil do Bill Clinton don óráid cháiliúil a thug sé is é ar cuairt ar Éirinn i 1995 

‘If the President of the United States wanted a few words in Irish I had to do it’ – cuimhní ar chuairt Clinton

Tá cur síos déanta i leabhar nua ar eachtra inar cuireadh abairt Ghaeilge mhíchruinn ar fáil do Bill Clinton cúpla nóiméad sular chuaigh sé ar stáitse i mBaile Átha Cliath chun óráid stairiúil a thabhairt.

An t-iar-phreasrúnaí rialtais, Shane Kenny, a thug an abairt mhíchruinn do Clinton, abairt a d’aithris iaruachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá focal ar fhocal san óráid thug sé lasmuigh de Bhanc na hÉireann ar Fhaiche an Choláiste i lár na hardchathrach ar an 1 Nollaig 1995.

Deir Kenny ina leabhar nua Under the Rainbow: Inside John Bruton’s Coalition Government gur baineadh siar as nuair a tháinig Clinton chuige gan choinne i bpasáiste folamh i mBanc na hÉireann díreach sular chuaigh an t-uachtarán ar stáitse.

“I was in the open doorway of an almost empty corridor on the left-hand side, taking in this heightened, emotional scene, when out of nowhere President Clinton strode up and greeted me, saying, ‘What a great day, the people seem to be enjoying it all’,” a deir Kenny ina leabhar.

Cé gur bhuail Kenny le Clinton cúpla uair roimhe sin bhí iontas air gur stop Clinton chun labhairt leis chomh neafaiseach nádúrtha cairdiúil sin. Is ansin a chuir Clinton ceist faoin nGaeilge air a chuir anbhá ar Kenny.

“Say,” a dúirt Clinton, “can you tell me the Irish for long life and health?”

Bhuail scaoll Kenny láithreach mar nárbh aon “scoláire Gaeilge” é agus ní raibh sé ábalta cuimhneamh ar aon rud in aon chor.

“I had a momentary panic as my mind went blank – I am far from a Gaeilge scholar – but if the President of the United States wanted a few words in Irish I had to do it.

“My brain focused tightly on the words and what came out was ‘fada…saol…agus…sláinte’!’”

Ansin d’imigh Clinton leis an doras amach agus fuadar faoi sula raibh seans ag Kenny slacht a chur ar an abairt a bhí tugtha aige dó.

“Before I could grammatically reorganize, he thanked me, he whirled off, and was gone through the door.”

Bhuail taom imní an preasrúnaí rialtais.

“My panic turned to shock and worry. I ran through the door after him, but he’d vanished into the throng of officials and security personnel.”

Bhí Kenny buartha anois go mbeadh litreacha sna páipéir ó dhaoine go gcuirfeadh easpa cruinnis Clinton fearg orthu agus gurb é an rialtas a bheadh thíos leis. Bheadh daoine ag iarraidh fáil amach cé a chuir droch-chomhairle ar an uachtarán agus bheifí ag tabhairt faoin rialtas.

Dhein Kenny iarracht sólás beag a thabhairt dó féin.

“Then I comforted myself, how could he even remember it?”

Ach chuimhnigh Clinton ina óráid ar an méid a dúradh leis agus d’iompaigh sé ar an nGaeilge nuair a dhein sé trácht ar ghaol sinsearachta a mháthar le Casadaigh na hÉireann.

“I understand that there are some Cassidys out in the audience today. And if they are, I want to say in my best Arkansas accent, céad míle fáilte. Fada, saol agus sláinte,” arsa an 42ú huachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Ghlac an slua mór go fonnmhar le hiarracht Clinton ar an nGaeilge agus, ní den chéad uair, thugadar bualadh bos croíúil dó.

Bhí Kenny buíoch nár luadh “go poiblí” ina dhiaidh an “drochbhotún” a dhein sé agus gabhann sé leithscéal le Clinton ina leabhar.

“My clanger was faithfully repeated. Sorry, Bill! But the audience lapped it up. The error was never mentioned in public until now, a tribute to those who knew and kept mum.”

Cé nach luaitear sa leabhar é, is cosúil gur deineadh leasú i dtras-scríbhinn oifigiúil óráid Clinton ar an méid a dúirt sé i nGaeilge. Ní léir, áfach, cé a dhein an leasú sin ná an athrú chun feabhais a bhí ann:

“And if they are, I want to say in my best Arkansas accent, céad míle fáilte—beatha saol agus sláinte.”

Bhí 80,000 duine ag Faiche an Choláiste don óráid a thug Clinton le linn a chuairte ar Éirinn i 1995.

Dhírigh sé san óráid ar an bpróiseas síochána a bhí ar siúl ag an am, próiseas a raibh baint mhór ag Clinton leis. Thagair sé chomh maith d’fhoireann peile Bhaile Átha Cliath a bhuaigh craobh na hÉireann cúpla mí roimhe sin agus don uair dheireanach a bhí sé ar Fhaiche an Choláiste, i 1968.

Fág freagra ar '‘If the President of the United States wanted a few words in Irish I had to do it’ – cuimhní ar chuairt Clinton'

  • Lillis Ó Laoire

    Ní raibh sé ródhona muise. “Fad saoil agus sláinte” nó “saol fada agus sláinte”. Ach díbríodh “fada” as an chuntas oifigiúil ar chúis éigin…

  • Carraig

    Ar mh’anam ach nár mhiste leis go gcuirfí an ghuí chéanna leis féin anois.