Rabhadh oráiste seaca is fuachta eisithe, é chomh fuar le 10 gcéim faoin reophointe anocht

Tá fainic á cur ag Met Éireann go mbaineann contúirt leis an sioc, an t-oighear agus an sneachta carntha d'aon duine a bheidh ar bhóthar nó ar chosán 

Rabhadh oráiste seaca is fuachta eisithe, é chomh fuar le 10 gcéim faoin reophointe anocht

Tá rabhadh oráiste seaca is fuachta eisithe ag Met Éireann do na hoícheanta beaga seo romhainn agus an rabhadh sin i bhfeidhm do bheagnach gach aon chontae sa tír.

Táthar á thuar go bhfeicfimid uimhir ar an teirmiméadar anocht nach bhfuil mórán taithí againn uirthi sa tír seo, agus é chomh fuar le deich gcéim faoin reophointe.

Tá fainic á cur ag Met Éireann go mbaineann contúirt leis an sioc, an t-oighear agus an sneachta carntha a chothós an fuacht feannta sin d’aon duine a bheidh ar bhóthar nó ar chosán mar go mbeidh siad ina reothalach le titim na hoíche. Beidh cúram breise ar fheilméaraí agus daoine a bhfuil ainmhithe faoina gcúram agus súil ghéar le coinneáil orthu ó thaobh sábháilteachta, beatha agus uisce.

Ag a 8.00 anocht a thiocfaidh an chéad fhógra Oráiste i bhfeidhm in 22 contae. Beidh an rabhadh seo i bhfeidhm i gCúige Mumhan ar fad, Cúige Chonnacht ar fad agus 11 contae eile – Muineachán, Cabhán, Cill Mhantáin, Cill Chainnigh, Cill Dara, Ceatharlach, Uíbh Fhailí, Laois, Longfort, an Mhí agus an Iarmhí.

Beidh an fógra sin i bhfeidhm go dtí a 10.00 maidin amárach.

Chomh maith leis an rabhadh faoi fhuacht dainséarach na hoíche anocht, tá Rabhadh Buí i bhfeidhm sa tír ar fad mar gheall ar  theocht íseal agus oighear agus seasfaidh an rabhadh sin as seo go dtí a 6.00 a chlog maidin Dé hAoine.

Cé go bhfuil grian scéiniúil an gheimhridh againn anseo i gConamara inniu, deir Met Éireann linn a bheith ar an airdeall mar nuair a ghabhfas an ghrian i dtalamh d’fhéadfadh go mbeadh an teocht chomh híseal le deich gcéim Celsius faoi bhun an reophointe i rith na hoíche agus aon dromhchla fliuch ina reothalach.

Tá oibrithe Uisce Éireann ar a gcroí díchill ag iarraidh an soláthar uisce a chur ina cheart do na mílte custaiméir, an chuid is mó díobh sna trí chontae i gCúige Mumhan is measa a buaileadh ag an deireadh seachtaine – Tiobraid Árann, Luimneach agus Ciarraí. Níl an soláthar slán ó chontúirt fós mar d’fhéadfadh an fuacht neamhghnách atá geallta an soláthar a thachtadh arís.
Bhí thart ar 17,000 duine d’uireasa córas uisce tráthnóna, feabhas beag ar an 30,000 duine a bhí amhlaidh ar an Luan.

Tá sé fógartha ag An Post go gcuirfidh an Rabhadh Oráiste isteach tuilleadh ar dháileadh an phostais in áiteanna éagsúla ar fud na tíre, de bharr bóithre a bheith dúnta is cúram le déanamh do shábháilteacht a n-oibrithe.

Tá an sioc agus an sneachta seo ag cur as don tseirbhís traenach agus bus i gceantair áirithe – bhí moill ar chuid díobh, cuireadh roinnt ar ceal nó laghdaíodh líon na dturas.

Níltear ag súil go ngabhfaidh an teocht os cionn an reophointe in aon chor amárach agus reofaidh sé an athuair leis an tráthnóna.

Imní eile a bhaineann leis an bhfuacht seo go bhféadfadh ceo seaca a bheith in áiteanna maidin amárach agus nach nglanfadh sé i rith an lae, rud a chuirfeadh leis an gcontúirt ar bóthar.

Comhairle mhaith d’aon duine ar féidir leis fanacht ina nead theolaí na trí oíche seo romhainn mar meastar nach n-ardóidh an teocht thar chúig phointe faoin reophointe.

D’fhéadfadh go gcaithfeadh sé corrmhúr sneachta ach is fánach é agus ceaptar gur beag cith a fheicfimid as seo go hAoine.

Is í an chomhairle a thugann Met Éireann dúinn le Rabhadh Oráiste “ba chóir do gach duine sna ceantair ina bhfuil an rabhadh sin i bhfeidhm iad féin a ullmhú ar bhealach cuí” i gcomhair an cineál aimsire atá geallta agus breathnú ar aon obair nó gníomhaíocht a d’fhéadfaí “a chur ar athló nó a chur ar ceal, de réir mar a oireann”.

Deir Met Éireann go n-úsáidtear rabhadh oráiste i gcás aimsir nach mbíonn againn ach go hannamh, agus i gcás cineál aimsire a d’fhéadfadh a bheith “contúirteach, a chuirfeadh isteach ar dhaoine, nó a bheadh contúirteach do bheatha an duine nó dá maoin”.

Táthar ag tuar go dtosóidh an choscairt leis an deireadh seachtaine agus go dtiocfaidh deireadh leis an ráig seo fuachta is seaca.

Fág freagra ar 'Rabhadh oráiste seaca is fuachta eisithe, é chomh fuar le 10 gcéim faoin reophointe anocht'