Beidh sé an-fhuar arís maidin inniu agus sioc agus oighear forleathan ann chomh maith chomh maith le paistí ceo seaca a sheasfaidh ar feadh an lae in áiteanna.
Tiocfaidh rabhadh oráiste nua teocht íseal agus oighir i bhfeidhm ag a sé a chlog tráthnóna sna contaetha go léir i gCúige Mumhan, Cúige Laighean agus Cúige Chonnacht agus in dhá chontae eile, Muineachán agus Cabhán. Beidh an foláireamh oráiste sin i bhfeidhm go dtí 11am amárach, Déardaoin.
Níltear ag súil go ngabhfaidh an teocht os cionn an reophointe in aon chor inniu in áiteanna go leor agus reofaidh sé an athuair leis an tráthnóna.
Imní eile a bhaineann leis an bhfuacht seo go bhféadfadh ceo seaca a bheith in áiteanna ar maidin agus nach nglanfadh sé i rith an lae, rud a chuirfeadh leis an gcontúirt ar bóthar.
Tá rabhadh oráiste seaca is fuachta i bhfeidhm in 22 contae go dtí 10 a chlog ar maidin. Tá an rabhadh seo i bhfeidhm i gCúige Mumhan ar fad, Cúige Chonnacht ar fad agus 11 contae eile – Muineachán, Cabhán, Cill Mhantáin, Cill Chainnigh, Cill Dara, Ceatharlach, Uíbh Fhailí, Laois, Longfort, an Mhí agus an Iarmhí.
Tá rabhadh buí sneachta agus oighir i bhfeidhm go dtí meán lae inniu in Aontroim, Ard Mhacha, an Dún, Fear Manach, Tír Eoghain agus Doire.
Tá Rabhadh Buí i bhfeidhm sa stát ar fad mar gheall ar theocht íseal agus oighear agus seasfaidh an rabhadh sin as seo go dtí a 6.00 a chlog maidin Dé hAoine.
Beidh tréimhsí gréine agus ceathanna scaipthe geimhriúla ann inniu, sa tuaisceart agus san iarthar den chuid is mó. Éireoidh sé níos scamallaí ar feadh tamaill taobh le cósta an deiscirt agus d’fhéadfadh paistí báistí a bheidh ann. Idir -1 agus +4 Céim Celsius a bheidh an teocht is airde agus leoithne bhog aduaidh ann, a bheidh níos boige taobh leis an gcósta theas.
Beidh an oíche anocht an-fhuar, ach beidh sé tirim agus glan den chuid is mó. Tá ceathanna geimhriúla á dtuar don iarthuaisceart. Idir -8 to -2 céim a bheidh an teocht i bhformhór áiteanna ach d’fhéadfadh sí a bhí níos ísle in áiteanna áirithe.
Beidh páistí ceo seaca ann le gaoth éadrom aniar aduaidh.
Beidh an chéad chúpla lá eile an-fhuar ar maidin le sioc agus oighear forleathan de lá agus d’oíche.
Tiocfaidh ardú ar an teocht diaidh ar ndiaidh oíche Déardaoin agus maidin Dé hAoine de réir mar a imíonn an bháisteach, an flichshneachta agus an sneachta siar ó thuaidh trasna na tíre.
Táthar ag tuar go dtosóidh an choscairt leis an deireadh seachtaine, go dtiocfaidh deireadh leis an ráig seo fuachta is seaca agus go mbeidh aimsir níos séimhe againn.
Bhí oibrithe Uisce Éireann ar a gcroí díchill ag iarraidh an soláthar uisce a chur ina cheart do na mílte custaiméir, an chuid is mó díobh sna trí chontae i gCúige Mumhan is measa a buaileadh ag an deireadh seachtaine – Tiobraid Árann, Luimneach agus Ciarraí. Níl an soláthar slán ó chontúirt fós mar d’fhéadfadh an fuacht neamhghnách atá geallta an soláthar a thachtadh arís.
Bhí thart ar 17,000 duine d’uireasa córas uisce tráthnóna aréir, feabhas ar an 30,000 duine a bhí amhlaidh ar an Luan.
D’fhógair An Post go gcuirfeadh an Rabhadh Oráiste isteach tuilleadh ar dháileadh an phostais in áiteanna éagsúla ar fud na tíre, de bharr bóithre a bheith dúnta is cúram le déanamh do shábháilteacht a n-oibrithe.
Chuir an sioc agus an sneachta seo ag cur as don tseirbhís traenach agus bus i gceantair áirithe – bhí moill ar chuid díobh, cuireadh roinnt ar ceal nó laghdaíodh líon na dturas.
Bhí scoileanna fós dúnta ar maidin i gcuid de na contaetha is measa atá buailte.
Gerry Sóna
An rabhadh oráiste a bheas ag tarlú i Meiriceá ar 20ú lá Eanair an rabhadh is measa.