Is ó lámh beirt úsáideoirí “nach bhfuil Gaeilge mhaith acu” a tháinig formhór na n-alt atá ar an Vicipéid – an leagan Gaeilge den chiclipéid ar líne Wikipedia – dar leis an saineolaí ar úsáid na Gaeilge ar líne, an tOllamh Kevin Scannell.
Tá os cionn 61,000 alt ar an Vicipéid agus 95 “eagarthóir gníomhach” a bhíonn ag obair ar na hailt sin. An sainmhíniú atá ag an Vicipéid ar “eagarthóir gníomhach” ná úsáideoir a dhéanann eagarthóireacht cúig huaire sa mhí.
Dúirt Kevin Scannell, ollamh leis an matamaitic agus an ríomheolaíocht in Ollscoil St Louis i Stáit Aontaithe Mheiriceá, gur “síolta” (nó stub i mBéarla’) an chuid is mó de na hailt atá ar an Vicipéid. Is ionann ‘síol’ agus alt nach bhfuil ach abairt nó dhó ann agus deir Scannell gur chruthaigh beirt úsáideoirí nach bhfuil Gaeilge mhaith acu formhór na n-alt sin.
Mhaígh sé freisin go bhfuil roinnt mhaith alt ar Vicipéid na Gaeilge a aistríodh tríd an meaisínaistriúchán agus nach ndearnadh aon eagarthóireacht orthu ina dhiaidh sin.
Dúirt sé go bhfágann na rudaí seo ar fad go bhfuil droch-cháil ar an Vicipéid i measc cainteoirí dúchais agus cainteoirí líofa agus nárbh fhéidir glacadh ach le 1% den 61,000 alt ar an suíomh sa chorpas Gaeilge nua a seoladh ag deireadh na bliana seo caite.
Is beag is féidir a dhéanamh faoin gcás, dar le Scannell, ó tharla go bhfuil an meon ann i measc riarthóirí Wikipedia nár cheart d’easpa cumais i dteanga bac a chur ar dhuine ábhar a chruthú don suíomh. Dúirt sé go bhfuil “gortghlanadh” déanta aige féin le cúpla bliain anuas agus go bhfuil “go leor drochábhar agus ríomhaistriúcháin scriosta” aige.
“Cuirtear cosc ar dhaoine mar gheall ar dhrochiompar, ach glactar le drochGhaeilge (agus le drochBhéarla ar Vicipéid an Bhéarla. ‘Don’t let your lack of command of the language stop you from contributing’, sin an meon atá i réim faraor,” a dúirt Scannell.
Dúirt Amy Uí Ríordáin, Oifigeach Gaeilge Phobal Wikimedia, go bhuil drochGhaeilge údair na n-alt ar an Vicipéid ar cheann de na “dúshláin is mó” atá roimh lucht riartha an tsuímh ach go bhfuil “an-obair” déanta le deich mbliana anuas an leagan Gaeilge de Wikipedia a chur chun cinn.
“Is cinnte go bhfuil sé ar cheann de na dúshláin is mó atá ag an ardán. Táimid ag obair ar acmhainní agus for-rochtain i Wikimedia Ireland agus tá riarthóirí Vicipéide ann. Ach tá níos mó eagarthóirí ag teastáil uainn – go háirithe rannpháirtithe le cruinnscríobh na Gaeilge acu.
“Chomh maith leis sin, tá tacaíocht ag teastáil chun acmhainní a thabhairt do rannpháirtithe chun deise a thabhairt dóibh a gcuid Gaeilge a fheabhsú chomh maith.
“Is féidir teagmháil a dhéanamh linn i Wikimedia nó teachtaireacht a chur ar an Lárionad Comhphobail más gá duit úsáideoir nó leathanach éigin a thuairisciú maidir lena chuid cionta,” a dúirt Uí Ríordáin.
Dúirt sí nach bhfaigheann Pobal Wikimedia na hÉireann “a lán tacaíochta” ó stát na hÉireann ach go bhfuil cúrsaí “ag feabhsú” ar an suíomh ainneoin na ndúshlán atá roimh an bhfoireann dheonach riarthóirí agus roimpi féin, atá fostaithe ag an eagraíocht.
“Le deich mbliana anuas, tá an-obair déanta chun Wikimedia a chur chun cinn gan a lán tacaíochta ón stát ná aon mhaoiniú taobh amuigh den mhaoiniú a chuireann Fondúireacht Wikimedia é féin ar fáil. Táimid ag feabhsú an t-am ar fad.
Tá mé féin sa phost seo le bliain go leith anuas agus is mór an cúnamh post mar seo a bheith ann. B’fhéidir le ceithre nó cúig bliana anuas tá tionscadail mhóra déanta againn – Erasmus+ agus Wikiwomen mar shampla – agus tá próifíl níos mó ag an Vicipéid. Tá aithne ag níos mó daoine orainn agus tá mé i dteagmháil le níos mó daoine a bhfuil Gaeilge acu.
“Le sé mhí anuas – an dara leath den bhliain 2024 – tá b’fhéidir scór daoine níos mó ar an ardán ag cur leis na hailt nó ag déanamh eagarthóireachta ar ailt atá ann cheana féin.
“Tá liosta riarthóirí Vicipéide ar fáil ar an suíomh agus tá slí ann chun tuairisc a dhéanamh faoi aon duine atá ag déanamh rudaí nach bhfuil ceart. Tá leathanach plé ar gach leathanach ar an Vicipéid freisin agus táthar in ann plé a dhéanamh faoi na botúin agus aiseolas a fhágáil ann,” a dúirt Uí Ríordáin.
Tháinig sé chun solais cúig bliana ó shin gur duine gan Albainis a scríobh formhór na n-alt Albainise ar an ‘Wikipaedia’ – an leagan Albainise den chiclipéid. Tuairiscíodh gur déagóir Meiriceánach gan Albainis a scríobh agus a chur in eagar na mílte alt ar an suíomh. Maíodh nach Albainis a bhí ann dáiríre ach “Béarla nár litríodh i gceart agus corrfhocal Albainise caite ann go fánach”.
Nocht an t-úsáideoir Reddit ‘Ultach1’ an scannal in 2020. Agus é ag póirseáil ar Wikipaedia, tháinig sé ar alt a bhí “gann ar stór focal na hAlbainise” agus a raibh “gramadach an Bhéarla” i bhfeidhm air.
“Bhí gach leathanach a chruthaigh sé ar an gcaoi chéanna. Díreach mar a chéile leis an leagan Béarla den alt ach an litriú athraithe anseo agus ansiúd, agus uair sa chéad bhí focal Albainise caite isteach ina lar,” a dúirt sé ar Reddit.
Conspóideach
Níl i ndroch-Ghaeilge Vicipéide ach léiriú ar an bhfadhb. Is é an mheon seo an fhadbh (‘Don’t let your lack of command of the language stop you from contributing’). Tá sé an-fhíor-leathan in Éirinn. Seo an mheon atá thaobh thair den frása damnaithe sin “Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste” (nó Gaeilge briste mar a deirtear go minic; gan dabht is fearr leo Gaeilge a bheith briste). Leithscéal é sin gan feabhsú, gan Ghaeilge cheart nádúrtha a fhoghlaim. Déanann sé dochar don teanga, go háirithe agus droch-Ghaeilge le léamh ar achmainní mar Vicipéid ach sa bhfíorshaol chomh maith nuair nach bhfuil daoine ag iarraidh teanga na Gaeltachta a fhoghlaim (daoine nach ndéanann idirdhealú idir na consain chaola/leathna, /k/ agus /x/, srl). Is minic (ní i gcónaí, admhaím) nach mbíonn ann ach Béarla le focla Gaeilge agus an méid sin aicmeachais i leith cainteoirí na Gaeltachta. Tá níos mó i gceist leis as an bhfadhb ná droch-Ghaeilge Vicipéide, gan dabht, ach níl daoine ag iarraidh labhairt air sin!
Aistritheoir
Caithfear rud éigin a dhéanamh faoi seo. Ráiméis atá sa chuid is mó de na haltanna Wikipedia i nGaeilge atá feicthe agam. Ní fiú iad a bheith in ann mura féidir le gnáthchainteoir Gaeilge bun ná barr a dhéanamh díobh. Ach ní féidir a bheith ag súil le mórán agus gan aon íocaíocht ag gabháil leis an obair…
Colin Ryan
Tá a lán alt fada scríofa agam don Vicipéid agus a lán alt eile (síolta ina measc) ceartaithe agam, agus aontaím lena bhfuil ráite thuas. Tá gá lena thuilleadh eagarthóirí ach Gaeilge chruinn a bheith acu, ach ní furasta teacht orthu, go háirithe daoine a bhfuil saineolas acu ar ábhar áirithe. Tá athchóiriú déanta agam ar ábhar i dteangacha eile, agus is maith an tseift é sin chun cur leis an Vicipéid, ach tar éis an tsaoil ní mór duit Gaeilge réasúnta maith a bheith agat.
Christina C
Is éard atá i Wikipedia ná láithreán gréasáin a bhfuil a chuid ábhair uile déanta go huile is go hiomlán ag daoine ar bhun deonach, mar mhaithe leis an gcraic nó pé rud. Dála an scéil, cé leis a mbeifí ag súil??
Chuirfeadh sé iontas an domhain orm dá mbeadh oiread is duine amháin a bhfuil Gaeilge ó dhúchas aige ag cuardach eolais ar an leagan Gaeilge den suíomh.
Níl a leithéid de dhuine in Éirinn atá ar a chompord ar an idirlíon agus nach bhfuil Béarla aige chomh maith le nó níos fearr ná Gaeilge. Níl sa leagan Gaeilge de Wikipedia ach token agus clós spraoi do Ghaeilgeoirí.
Éamonn Ó Gribín
Go hachomair, cé gur féidir le cumas dúchais cáilíocht teanga a fheabhsú, ó nádúr,níl sé níos tábhachtaí ná iad a bhfuil saineolas na n-ábhar eolaíoch atá á n-aistriú acu.
Is é an t-aistritheoir idéalach do théacsanna eolaíochta i mionteangacha cosúil leis an nGaeilge ná an duine a bhfuil scileanna láidre aige/aici sa dá réimse – nó foireann a bhfuil na buanna seo ag baint leo.
Mholfainn do gach aon duine bhfuil spéis acu san ábhar seo an téacsleabhar ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’, scríofa ag Antain Mac Lochlainn a léamh Ó! Seo a leanas mír as a théacsleabhar; “Cainteoirí dúchais Béarla , a d’fhoghlaim Gaeilge go leibhéil chumais éagsúla, is mó a bhíonn ag aistriú go Gaeilge . Tá mise ar dhuine acu. Ní léir dom go díreach cén chiall atá le ‘cumas cainteoir dúchais’ i gcomhthéacs na dtéacsanna ardréime a bhíonn á n-aistriú go Gaeilge. Bíonn soctheangeolaithe ag trácht ar an Ghaeilge ‘thraidisiúnta’ a labhraítear go fóill i gceantair Ghaeltachta na hÉireann. An leor an Ghaeilge thraidisiúnta sin don té a bheadh i ngleic le téacs dlí a aistriú? Feictear domsa gur mar a chéile , cuid mhór, na dúshláin chomhréire agus na téarmaíochta ag an chainteoir dúchais agus ag an fhoghlaimeoir chumasach.”
Éamonn Ó Gribín
NB. Le do thoil, an féidir leat an leagan nua seo a chur in áit mo chéad leagan?
Is daoine a d’fhoghlaim an Gheaeilge is mo a bhíonn ag cur Gaeilge ar théacsanna agus is mise ar dhuine acu. Chomh maith le sin, ní bhíonn ach dornán beag speisialtóirí ar fáil againn. I réimsí ar leith, d’fhéadfadh saineolas ábhair a bheith níos tábhachtaí ná gramadach fhoirfe. Bíonn sé ríthábhachtach an teanga fhoinseach agus miondifríochtaí teanga a thuiscint, agus b’fhéidir ligean do dhuine ar chainteoir dúchais an bhunteanga é/í, an t-aistriúchán a dhéanamh.
Mholfainn do gach aon duine bhfuil spéis acu san ábhar seo an téacsleabhar ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’, scríofa ag Antain Mac Lochlainn a léamh!
Seo a leanas mír as a théacsleabhar;
“Cainteoirí dúchais Béarla , a d’fhoghlaim Gaeilge go leibhéil chumais éagsúla, is mó a bhíonn ag aistriú go Gaeilge . Tá mise ar dhuine acu. Ní léir dom go díreach cén chiall atá le ‘cumas cainteoir dúchais’ i gcomhthéacs na dtéacsanna ardréime a bhíonn á n-aistriú go Gaeilge. Bíonn soctheangeolaithe ag trácht ar an Ghaeilge ‘thraidisiúnta’ a labhraítear go fóill i gceantair Ghaeltachta na hÉireann. An leor an Ghaeilge thraidisiúnta sin don té a bheadh i ngleic le téacs dlí a aistriú? Feictear domsa gur mar a chéile , cuid mhór, na dúshláin chomhréire agus na téarmaíochta ag an chainteoir dúchais agus ag an fhoghlaimeoir chumasach.”