FÍSEÁN: An chéad chomhartha sráide Gaeilge crochta i mBéal Feirste faoi pholasaí nua – 661 iarratas eile le dul

Léirigh suirbhé a rinne Tuairisc ar an 11 comhairle ó thuaidh na deacrachtaí móra a bhíonn ag daoine atá ag iarraidh go gcrochfaí comhartha Gaeilge ar a sráid

FÍSEÁN: An chéad chomhartha sráide Gaeilge crochta i mBéal Feirste faoi pholasaí nua – 661 iarratas eile le dul

Tá an chéad chomhartha sráide Gaeilge crochta i mBéal Feirste faoi pholasaí nua a tugadh isteach nach mór bliain ó shin.

Cúis cheiliúrtha do lucht na teanga sa chathair an chéad chomhartha Gaeilge – Cáide Ard an Lao (Ardilea Drive) – a bheith curtha in airde, ach deir duine de na chéad daoine a rinne iarratas faoi pholasaí nua Chomhairle Chathair Bhéal Feirste go bhféadfadh daoine eile atá ag iarraidh Gaeilge ar a gcomhartha sráide a bheith ag fanacht “ocht mbliana”.

Léirigh figiúirí a foilsíodh ar Tuairisc an tseachtain seo gur cuireadh 662 iarratas ar chomharthaí sráide Gaeilge faoi bhráid Chomhairle Chathair Bhéal Feirste ó tugadh a bpolasaí nua isteach mí Iúil seo caite.

Ocht n-iarratas atá ceadaithe ag an Chomhairle go dtí seo agus an comhartha nua a crochadh in Ard Eoin inné an t-aon chomhartha Gaeilge atá curtha in airde sa chathair faoin pholasaí nua.

Ba ag Pádraig Ó Tiarnaigh, bainisteoir cumarsáide le Conradh na Gaeilge atá ina chónaí in iarthar Bhéal Feirste, an tríú hiarratas as an 662 iarratas ar chomhartha sráide faoin pholasaí nua.

Deir Ó Tiarnaigh gur “údar díomá” í an mhoill a bhaineann na hiarratais a cheadú.

“Tá mé i measc an chéad dream a chuir iarratas isteach. Tá an t-iarratas curtha fríd chéim an tsuirbhé agus é glanta ag céim na gcoistí ach fuair mé scéala le déanaí go mbeadh trí mhí eile ann sula mbeidh an comhartha á chur in airde.

“Má leanann rudaí ar aghaidh mar seo d’fhéadfadh sé go mbeadh an t-iarrthóir atá ag uimhir a 600 ar an liosta ag fanacht suas le seacht nó ocht mbliana ar chomhartha a bheith curtha in airde. Tá sé dochreidte go bhfuil a leithéid de mhoill ann,” a dúirt Ó Tiarnaigh.

Tá ceann de na polasaithe is láidre ag Comhairle Chathair Bhéal Feirste agus é mar aidhm aige é a dhéanamh níos fusa do dhaoine comhartha a bhfuil Gaeilge air a chur in airde.

 

De réir an pholasaí, d’fhéadfadh duine atá ina chónaí ar shráid, nó comhairleoir áitiúil, achainí a dhéanamh ar son comhartha sráide Gaeilge. Má ghlacann 15% de na toghthóirí a chónaíonn ar an tsráid sin leis an moladh, glactar leis.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Ó Tiarnaigh, gur léiriú é a laghad iarratas atá ceadaithe ag Comhairle Chathair Bhéal Feirste nach bhfuil an polasaí nua á chur i bhfeidhm “go héifeachtach” agus go bhfuil “easpa tola” sa chomhairle ina leith.

“Cé gur dul chun cinn agus céim shuntasach agus céim iontach siombalach atá ann gur ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le polasaí forásach a thabhairt isteach atá bunaithe ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta, ní fiú mórán an polasaí sin mura bhfuil sé á chur i bhfeidhm go héifeachtach.

“Is léir go bhfuil easpa tola, easpa acmhainní agus infreastruchtúir sa chomhairle ag cur bac ar an fhreastal atá á dhéanamh acu ar an éileamh mór i gcathair Bhéal Feirste ar chomharthaí Gaeilge. Níor cheart go mbeadh an deacracht sin ann.”

Cé gur ghlac Comhairle Chathair Bhéal Feirste le rún le déanaí go mbeadh suas le 100 comhartha Gaeilge curtha in airde roimh dheireadh na bliana seo, is cosúil gur beag seans go mbainfear an sprioc sin amach mura dtagann athrú mór ar an dóigh a phléitear le hiarratais.

“Tá an polasaí tábhachtach ach léiríonn cás Chomhairle Chathair Bhéal Feirste go bhfuil an obair riaracháin taobh thiar den pholasaí chomh tábhachtach céanna.

“Is gá go mbeadh polasaithe láidre in ann glacadh leis an éileamh. Tá roinnt de na comhairlí ag déanamh an-chuid moille ó thaobh an pholasaí a chur i bhfeidhm. Níl sé sásúil agus ní ceart go mbeadh íocóirí rátaí ag fanacht na mblianta ar sheirbhís bhunúsach ón chomhairle,” a dúirt sé.

Léiríonn an suirbhé a rinne Tuairisc ar an 11 comhairle ó thuaidh go bhfuil difear mór i gcónaí ann sa chur chuige atá ag na húdaráis áitiúla ó thuaidh i dtaobh comharthaí Gaeilge a cheadú.

Dúirt urlabhraí ón gCoiste ar Riar Ceartais (CAJ) ó thuaidh le Tuairisc, gur léir ó na figiúirí is déanaí faoin chomharthaíocht Ghaeilge go bhfuil “i bhfad níos mó oibre” le déanamh ag comhairlí le cinntiú go bhfuil a ndualgas reachtúil á chomhlíonadh acu.

“Bhí sé mar aidhm ag Comhaontú Aoine an Chéasta deireadh a chur leis na bacanna ar chur chun cinn na Gaeilge, lena n-áirítear comharthaí sráide Béarla amháin.

“Anois, fiche a cúig bliain ar aghaidh ó Chomhaontú Aoine an Chéasta, léiríonn na figiúirí seo go bhfuil i bhfad níos mó oibre le déanamh le cinntiú go gcomhlíonfar na gealltanais a tugadh ann,” a dúirt urlabhraí an CAJ.

Tá sé cinn de chomhairlí ó thuaidh, a bhfuil tromlach aontachtóirí iontu, nár ghlac riamh le hiarratas ar chomhartha Gaeilge agus nach bhfuil aon chomhartha Gaeilge curtha suas acu.

Tá comhairle amháin fós gan aon pholasaí maidir le comharthaí sráide, Comhairle Lár agus Oirthear Aontroma.

Tá cúig chomhairle, a bhfuil móramh náisiúnaithe iontu, a chuireann fáilte roimh iarratais ar chomharthaí Gaeilge agus a chuireann comharthaí Gaeilge in airde, cé go bhfuil moill mhór i gceist le hiarratais a cheadú i gcomhairlí áirithe.

Comharthaí sráide Gaeilge ar bith curtha in airde faoi pholasaithe nua

“Bhí sé mar aidhm ag Comhaontú Aoine an Chéasta deireadh a chur leis na bacanna ar chur chun cinn na Gaeilge, lena n-áirítear comharthaí sráide Béarla amháin.

“Anois, fiche a cúig bliain ar aghaidh ó Chomhaontú Aoine an Chéasta, léiríonn na figiúirí seo go bhfuil i bhfad níos mó oibre le déanamh le cinntiú go gcomhlíonfar na gealltanais a tugadh ann,” a dúirt urlabhraí an CAJ.

Tá sé cinn de chomhairlí ó thuaidh, a bhfuil tromlach aontachtóirí iontu, nár ghlac riamh le hiarratas ar chomhartha Gaeilge agus nach bhfuil aon chomhartha Gaeilge curtha suas acu.

Tá comhairle amháin fós gan aon pholasaí maidir le comharthaí sráide, Comhairle Lár agus Oirthear Aontroma.

Tá cúig chomhairle, a bhfuil móramh náisiúnaithe iontu, a chuireann fáilte roimh iarratais ar chomharthaí Gaeilge agus a chuireann comharthaí Gaeilge in airde, cé go bhfuil moill mhór i gceist le hiarratais a cheadú i gcomhairlí áirithe.

Dúirt Ó Tiarnaigh go léiríonn na figiúirí go mbíonn “bacanna móra” á gcur roimh dhaoine ar mian leo Gaeilge a bheith ar a gcomhartha sráide.

“Tá muid ag caint ar logainmneacha dúchasacha sa tír seo a chur ar fáil, taobh leis an Bhéarla, agus 25 bliain ar aghaidh ó síníodh Chomhaontú Aoine an Chéasta, sílim gur éileamh thar a bheith réasúnta é sin.”

“Tá comhairlí ann, a chuireann bac i ndiaidh baic ar chónaitheoirí iarratais a dhéanamh agus a chuireann srian chomh mór sin ar an phróiseas nach n-éiríonn le hiarratas ar bith. Tá na polasaithe ann i bhfoirm scríofa amháin agus ní féidir le cónaitheoirí aon fheidhm phraiticiúil a bhaint astu.”
Dúirt Ó Tiarnaigh go raibh súil ann go bhféadfadh an Coimisinéir Teanga nua atá geallta don Tuaisceart struchtúr “ceart agus cothrom” a leagan síos a mbeadh ar na comhairlí ar fad cloí leis.

Comhairle Dáta an pholasaí Líon na  n-iarratas Iarratais a ceadaíodh Comharthaí curtha in airde
Comhairle Chathair Bhéal Feirste Iúil 2022 662 8 1
Comhairle Ceantair Lár Uladh Bealtaine 2021 442 355 352
Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí Nollaig 2021 421 100 42
Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin Meitheamh 2015 315 295 276
Comhairle Dhoire agus an tSratha Báin 2015 181 118 116
Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach Bealtaine 2022 1 0 0
Comhairle Ceantair na hArda agus an Dúin Thuaidh Márta 2023 0 0 0
Comhairle Cathrach Lios na gCearrbhach agus an Chaisleáin Riabhaigh 2015 Níor tugadh an t-eolas 0 0
Comhairle Buirge Chathair Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Craigavon Deireadh Fómhair 2020 3 0 0
Comhairle Chósta an Chlocháin agus na nGlinnte 2015 Níor cuireadh aon eolas ar fáil
Comhairle Buirge Lár agus Oirthear Aontroma Gan aon pholasaí 0 0

 

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: An chéad chomhartha sráide Gaeilge crochta i mBéal Feirste faoi pholasaí nua – 661 iarratas eile le dul'

  • Carraig53@protonmail.com

    ‘Céide Ard an Lao’. Tá súil agam go mbeidh litriú na sráidainmneacha srl níos beaichte acu ná mar bhíonn ó dheas.