Luimneach v Tiobraid Árann, Cill Chainnigh v Loch Garman agus na cluichí móra eile an deireadh seachtaine seo

Tá na foirne is mó a bhfuil seans acu ar chluiche ceannais iomána na hÉireann a bhuachan ag imirt sa chraobh den chéad uair agus Cill Channaigh ag tabhairt aghaidh ar Loch Garman agus Tiobraid Árann á fhéachaint le Luimneach

Munster GAA Hurling Senior Championship Semi-Final, Semple Stadium, Thurles, Tipperary 1/6/2014 Tipperary vs Limerick Tipperary's Seamus Callanan with Richie McCarthy of Limerick's Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
 ©INPHO/James Crombie

Níl sé ach bliain ó shin ó tháinig Loch Garman aniar aduaidh ar chách chun curaidh na hÉireann a dhíbirt gcraobh. An Domhnach seo i bPáirc Uí Nualláin, tá sé mar aidhm acu an rud céanna a dhéanamh arís.

Dar ndóigh, is iad Cill Chainnigh seaimpíní na hÉireann i mbliana agus is iad a bheidh ag tabhairt aghaidh ar Loch Garman. As craobh an chúige amháin a bheidís díbeartha, seachas as craobh na hÉireann go hiomlán, ach ina dhiaidh sin féin, chuirfeadh sé an oiread céanna iontais ar dhaoine dá n-éireodh le Liam Dunne agus a chuid imreoirí an gaisce céanna a dhéanamh i mbliana.

Cúis amháin nach bhfuil daoine ag súil le toradh mar sin ná go mbeidh ceann de na himreoirí is tábhachtaí do Loch Garman in easnamh dóibh. Tháinig sé amach i rith na seachtaine nach mbeidh an tosach Jack Guiney ag glacadh aon pháirt sa chluiche tar éis do Loch Garman pionós a ghearradh air mar gheall ar chúrsaí smachta. Is mór an chailliúint é fear Rath an Iúir, go háirithe tar éis dó an tsraith a chríochnú mar phríomhscórálaí an chontae, é ag aimsiú 2-26 i gcúig chluiche san earrach.

Ní raibh feachtas sraithe iontach ag Loch Garman agus is i lár an tábla a chríóchnaigh siad tar éis buanna in aghaidh Aontroma, Laoise agus Uíbh Fhailí ach chaill siad in aghaidh an dá fhoireann is láidre i Roinn 1B, Luimneach agus Port Láirge.

Is foireann eile iad Cill Chainnigh a raibh feachtas sraithe díomách acu. Is ar éigean a choinnigh fir Brian Cody greim ar a stádas sa phríomhroinn tar éis dóibh an cluichí dícháilithe in aghaidh an Chláir a bhuachan ag deireadh an Mhárta.

Ní bheidh fáil, dar ndóigh, ar Henry Shefflin tar éis dó éirí as tar éis 15 bliain a thabhairt ag imirt dá chontae. Cé gurbh é fear Bhaile hÉil an laoch is mó ar an bhfoireann, seans mhaith go mbeidh níos mó deacrachtaí ag Brian Cody áiteanna Bhrian Hogan agus JJ Delaney a líonadh. Meastar go leanfaidh Kieran Joyce air ag imirt mar leathchúlaí agus go dtabharfar isteach Joey Holden, a bhí ina lánchúlaí ar fhoireann Bhaile hÉil a bhuaigh craobh na hÉireann, chun áit Delaney sa líne lánchúl a líonadh.

Ó tharla gan cluiche imeartha ag Cill Chainnigh le thart ar 10 seachtaine, beidh Loch Garman ag iarraidh tús maith a chur leis an gceann áirithe seo, ach fiú má éiríonn leo sin a dhéanamh, is deacair tada eile seachas bua do Chill Chainnigh a shamhlú.

Rogha Tuairisc.ie: Cill Chainnigh

Allianz Hurling League Division 1 Quarter-Final, Wexford Park, Wexford 30/3/2014 Wexford vs Kilkenny Wexford's Matthew O'Hanlon with Colin Fennelly of Kilkenny Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer
©INPHO/Donall Farmer

Tá Éamonn O’Shea ina thríú bliain mar bhainisteoir Thiobraid Árann agus é fós ag cuardach a chéad bhua i gcraobh iomána Mumhan. Tá sé deimhnithe cheana féin go mbeidh Michael Ryan ag teacht isteach mar bhainisteoir ar Thiobraid Árann don chéad shéasúr eile agus mura bhfaighidh O’Shea a chéad bhua sa chúige in aghaidh Luimnigh, ní bhfaighidh sé go brách é.

Mar a tharlaíonn sé, is iad a gcéilí comhraic i bPáirc na nGael inniu a fuair an ceann is fearr ar fhoireann O’Shea i 2013 agus arís anuraidh. Is i Staid Semple a chas na foirne ar a chéile anuraidh agus, bhreathnaigh sé gurb iad Tiobraid Árann a bhí chun cáiliú don chluiche ceannais go dtí gur aimsigh Luimneach 1-2 chun an bua a fháil sa deireadh.

Seo é an tríú bliain as a chéile a tháinig Tiobraid Árann díreach isteach sna babhtaí leathcheannais agus tá an chuma ar an scéal go dtógann sé tamall orthu dul i dtaithí ar luas na gcluichí. Anuas ar sin bhí cluiche crua cheana féin ag an bhfoireann baile, nuair a fuair siad an ceann is fearr ar an gClár le haon phointe amháin an mhí seo caite.

Tá an choimhlint seo ar cheann de na cinn is minic a feictear sa chraobh agus is é cluiche an lae inniu an 14 ceann idir Tiobraid Árann agus Luimneach ó thús an chéid. Is leis na Tiobradaigh a bhí an lá níos minice ná a mhalairt ó shin, le seacht gcinn de na cluichí buaite acu.

Chríochnaigh trí cinn de na cluichí sin ar comhscór chomh maith agus ní chuirfeadh sé aon orainn dá mbeadh a leithéid arís againn inniu.

Rogha Tuairisc.ie: Comhscór

 

Dé Domhnaigh, 21 Meitheamh

Craobh Peile Uladh – Babhta Leathcheannais

Muineachán v Fear Manach, Páirc Breffni, 4i.n.

Craobh Iomána Laighean – Babhta Leathcheannais

Cill Channaigh v Loch Garman, Páirc Uí Nualláin, 2i.n.

Craobh Iomána Mumhan – Babhta Leathcheannais

Luimneach v Tiobraid Árann, Páirc na nGael, 4i.n.

Craobh Iomána Uladh – Babhtaí Ceathrú Ceannais

Ard Mhacha v An Dún, Páirc Lúthchleasaíochta, 3.30i.n.

Doire v Dún na nGall, Páirc na gCeilt, 3.30i.n.

Fág freagra ar 'Luimneach v Tiobraid Árann, Cill Chainnigh v Loch Garman agus na cluichí móra eile an deireadh seachtaine seo'