Luimneach chun cinn ar a gcéilí comhraic go fóill

Beidh sé thar a bheith deacair curaidh na hÉireann a bhualadh i mbliana ach níl an grúpa tóraíochta gan dóchas

Luimneach chun cinn ar a gcéilí comhraic go fóill

Pictiúr: INPHO/James Crombie

A leithéid de lá iománaíochta a bhí againn Dé Domhnaigh seo caite. Bhí bua gan choinne na bliana againn nuair a fuair Loch Garman an ceann is fearr ar Chill Chainnigh agus bhí taispeántas foirne na bliana againn ó Luimneach agus a thug greadadh ceart do Thiobraid Árann.

Maidir leis na Carmannaigh, bhí a fhios againn go léir go mbeadh an cluiche cothrom go maith ach cheap formhór na dtráchtairí, mise san áireamh, go mbuafadh na Cait. Ní mar sin a tharla agus bhuaigh an fhoireann ab fhearr ar lá stairiúil. Deirtear go raibh oíche go maidin sa chontae agus Corn Bob O’Keefe fillte ar Loch Garman den chéad uair ó 2004. An chéad dúshlán eile a bheidh roimh a mbainisteoir iomráiteach conspóideach Davy Fitzgerald ná na himreoirí a ghríosú arís agus iad a dhíriú ar an sprioc nua atá acu – áit i gcluiche ceannais na hÉireann. Tá duais amháin sa mhála acu ach tá an duais is mó fós le buachaint. 

Bhí formhór na dtráchtairí céanna ag tuar gurbh iad na Tiobraid Árannaigh a thabharfadh leo corn na Mumhan ach bhíodar mícheart arís. Thug Luimneach ceann de na taispeántais foirne is fearr a chonacthas riamh i gcluiche ceannais na Mumhan. Bhíodar chomh maith sin nach raibh aon gá in aon chor le haon ionadaithe a thabhairt isteach, fiú dá mba mhian leo. Ón gcúl báire Nicky Quaid go dtí an fear sa cúinne Graham Mulcahy, bhíodar ar fheabhas agus bhí an lámh in uachtar acu ar fud na páirce, cé gur éirigh le Brendan Maher Aaron Gillane a choinneáil faoi chois ar feadh tréimhsí fada. Sa dara leath bhí Luimneach dochreidte. Bhí an dúrúch oibre a bhí orthu dochreidte, bhí an chomhimirt eatarthu dochreidte agus bhí céad smachtú agus dáileadh na liathróide thar barr acu.

I bhfianaise an taispeántais seo, beidh sé thar a bheith deacair iad a bhualadh arís i mbliana. Bhí John Kiely ina roghnóir in 2013, an uair dheireanach a bhuaigh an contae craobh na Mumhan agus caithfidh go bhfuil tuiscint mhaith aige dá bharr ar conas an leas is mó a bhaint as an sos míosa atá rompu.

Leanfaidh an chraobh ar aghaidh amárach agus an dá chluiche cáilithe roimh na babhtaí ceathrú ceannais ar siúl. Beidh Corcaigh ar an Muileann gCearr chun tabhairt faoin Iarmhí a bhí lag go leor sa dara leath an Domhnach seo caite i gcoinne Laoise i gcluiche ceannais Chorn Joe Mhic Dhonncha. Tá imreoirí maithe acu amhail Aonghus Clarke agus Killian Doyle, ach ní dócha  go mbeidh an fhoireann láidir go leor do Chorcaigh. Beidh na reibiliúnaigh gan an tosaí Aidan Walsh a chuaigh faoi scian seachtain ó shin agus gortú méire ag cur as dó. Tá Corcaigh ar an mbóthar arís agus Cill Chainnigh agus Luimneach le sárú acu más leo áit a bhaint amach i gcluiche ceannais 2019. Tá caint arís sna meáin faoi iad a bheith ag prapáil chun luíocháin. N’fheadar faoi sin. Tá taispeántas maith nó dhó eile ag teastáil sula mbeimid ag caint faoi Liam a bheith ag filleadh cois Laoi.

An bhfuil aon seans go mbeidh an corn mór ag filleadh ar an ardchathair den chéad uair ó 1938? Déanfaidh Laois, sa bhaile, tástáil mhaith amárach ar Áth Cliath ach sin an méid. Ansin beidh Tiobraid Árann, Loch Garman agus Áth Cliath ar thaobh amháin den tarraingt agus beidh siad go léir den tuairim go bhfuil seans réalaíoch acu áit a bhaint amach sa chluiche ceannais. Tá an ceart acu.

Tá Áth Cliath ag feabhsú den dara bhliain anois ach ní féidir leo talamh slán a dhéanamh de chluiche an lae amárach. Tá taithí ollmhór mar imreoir  ag bainisteoir Laoise Eddie Brennan agus is cinnte go gcuirfidh sé ina luí ar a chuid imreoirí conas cos a choinneáil leis an bhfreasúra. Cheapfainn go mbuafaidh Áth Cliath sa deireadh, áfach.

Fág freagra ar 'Luimneach chun cinn ar a gcéilí comhraic go fóill'