Lucht na heite fíordheise coinnithe ó dhoras i dtoghcháin san Eoraip

Bhuaigh méara Bucharest Nicuşor Dan toghchán uachtaránachta na Rómáine

Lucht na heite fíordheise coinnithe ó dhoras i dtoghcháin san Eoraip

D’éirigh le polaiteoirí ón lár lucht na heite fíordheise a chóiméad ó dhoras i dtrí cinn de thoghcháin sa Eoraip – sa Rómáin, sa Pholainn agus sa Phortaingéil.

Tá toghchán uachtaránachta na Rómáine buaite ag méara Bucharest, Nicuşor Dan.

53.6% de na vótaí a bhí ag Dan, polaiteoir sa lár, agus é chun cinn ar George Simion na heite fíordheise arar 46.4%.

Mhaígh Dan roimh ré gur coimhlint a bhí sa toghchán idir an dearcadh gur tír “ar son an iarthair” í an Rómáin agus an dearcadh gur tír “in aghaidh an iarthair” í.

Dúirt Dan gur raibh an lá leis na daoine ar theastaigh athrú uathu. Bhí an lá, a dúirt sé, leis na daoine ar theastaigh institiúid stáit éifeachtacha uathu chomh maith le níos lú caimiléireachta, rath eacnamaíochta agus “sochaí bunaithe ar an bplé seachas ar an bhfuath”.

Ghéill Simion inniu gur chaill sé an toghchán. Mhaígh sé go raibh “cath caillte” ag lucht na heite fíordheise ach go mbuafadh siad “an cogadh”.

Bhí muintir na Polainne agus na Portaingéile ag na botháin vótála chomh maith ar lá mór toghchán san Eoraip.

I dtoghchán na Polainne, bhí iarrthóir an láir Rafał Trzaskowski, méara Vársá,  agus rogha na heite fíordheise, an staraí Karol Nawrocki, gob ar ghob ar thart ar 30% den vóta.

Beidh toghchán réitigh idir an bheirt faoi cheann coicíse a shocróidh cuid mhór cén chonair pholaitíochta atá i ndán don tír.

Sa Phortaingéil bhí an bua ag AD, páirtí ar dheis ón lár. Seo an tríú toghchán tobann sa Phortaingéil le trí bliana anuas agus iad go léir buaite ag AD, atá faoi stiúir phríomh-aire na tíre, Luís Montenegro.

Ach ní bhfuair AD ach 32% den vóta agus iad i dtaobh le 86 suíochán parlaiminte. Is gá 116 suíochán do mhóramh sa pharlaimint. Sa dara háit bhí an Páirtí Sóisialach ar 23.4% agus bhí Chega, an páirtí pobalach ar an eite dheis, sa tríú háit le 22.6%. 58 suíochán a ghnóthaigh an Páirtí Sóisialach, an líon céanna le Chega.

Mhaígh Luís Montenegro go raibh a dtoil léirithe go soiléir ag an bpobal agus iad ag iarraidh go rachadh sé i mbun rialtais arís.

Dúirt ceannaire Chega, André Ventura, ar éirigh lena pháirtí cur go mór lena vóta 18% go raibh deireadh tagtha le 50 bliain de rialtais coimeádacha agus sóisialacha. Buille maraithe na muice a bhí ann don chur chuige dépháirteach sa Phortaingéil, ar sé.

“Níor bhuamar an toghchán seo, ach rinneamar gaisce stairiúil,” arsa André Ventura.

Fág freagra ar 'Lucht na heite fíordheise coinnithe ó dhoras i dtoghcháin san Eoraip'