Luath nó mall ní bheidh aon dul as ag an Rialtas ach coinníollacha oibre níos fearr a thairiscint…

Is eol do gach páirtí conas múinteoirí, dochtúirí agus altraí a earcú agus a choimeád sa tír. Faraor, ní hionann eolas agus gníomh

Luath nó mall ní bheidh aon dul as ag an Rialtas ach coinníollacha oibre níos fearr a thairiscint…

Moltar do gach rialtas uaireanta tabhairt faoina ghnó ar nós comhlachtaí príobháideacha. Dá nglacfaí le cur chuige tráchtála, a deirtear, chuirfí srian ar mhoilleadóireacht, ar útamáil, agus go háirithe ar róchaiteachas.

Maítear uaireanta eile nach réiteofar na deacrachtaí sa tseirbhís sláinte mar shampla, mura gcuirtear saoi i gceannas a rinne éacht san earnáil phríobháideach. Michael O’Leary, abair.

Raiméis. Ar ndóigh, bíonn ceachtanna le foghlaim i gcónaí ón tslí ina dtéann lucht gnó i mbun oibre, agus i mbun atheagair go háirithe. Is furasta colún faoin ábhar seo a scríobh am ar bith. Ná bí buartha, ní colún dá leithéid atá á scríobh anseo.

Fág eiseamláirí éagsúla as an áireamh agus tuigimid ar fad nach ionann seirbhís phoiblí agus comhlacht príobháideach. Admhaíonn Michael O’Leary fiú amháin nach mbeadh rath ar an HSE dá mbeadh sé á riaradh, toisc nach n-oirfeadh meon Ryanair don tseirbhís sláinte.

Ó chuir ceardchumainn na múinteoirí tús lena gcomhdhálacha an tseachtain seo, bhí an t-aer lán le caint ar éagothromaíocht phá. Ba léir óna ndúirt ceannairí agus toscairí chomhdhálacha an INTO, an TUI agus an ASTI go rachfar ar stailc de chineál éigin sa bhfómhar mura bhfógraíonn an rialtas roimhe sin go gcuirfear deireadh leis an éagothromaíocht atá i bhfeidhm ó 2011.

Déanfaidh an rialtas iarracht láidir na múinteoirí a shásamh. Dúirt Richard Bruton ag comhdhálacha éagsúla go raibh cúis mhaith acu a bheith ag lorg ‘dul chun cinn’ maidir leis an éagothromaíocht.

Ar ndóigh, bhí a fhios ag an Aire Oideachais go maith nach ‘dul chun cinn’ a theastaíonn ó na múinteoirí óga. Mar shampla, nuair a labhair sé ag comhdháil Aontas Múinteoirí Éireann (TUI) i Loch Garman, bhí sé ag breathnú síos ón ardán ar lear mór póstaer, a dúirt ‘EQUAL PAY NOW’.

Beidh pá laghdaithe gach oibrí nua sa tseirbhís phoiblí a fostaíodh le seacht mbliana (60,500 duine) á phlé ag cainteanna idir ionadaithe rialtais agus ceardchumainn ag deireadh na míosa. Deirtear i dtuairisc a d’fhoilsigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an mhí seo caite (ar féidir í a léamh anseo) go mbeadh €200 milliún sa bhliain ag teastáil leis an éagothromaíocht a chur ar ceal go hiomlán.

Beidh brú ar an rialtas amscála gairid chun feabhas a chur ar chúrsaí a thairiscint sna cainteanna. Is díol suntais é áfach nach bhfuil pá cothrom ar an toirt iarrtha ag Fianna Fáil.

Is casta fós ná comhréiteach a aimsiú faoi éagothromaíocht pá fadhbanna earcaíochta agus coinneála an rialtais, fadhbanna atá ag teacht chun solais de réir a chéile i réimsí éagsúla.

Mura mbíonn múinteoirí nó altraí nó dochtúirí sásta leis na tuarastail agus na coinníollacha oibre atá á dtairiscint ag an stát, ní féidir iachall a chur orthu fanacht sa tír.

Dá mba chomhlacht príobháideach an rialtas, bheadh réiteach na faidhbe simplí go leor. Bíonn comhlachtaí príobháideacha toilteanach tuarastail a ardú, más acmhainn dóibh breis airgid a íoc chun oibrithe a theastaíonn go géar a earcú agus a choinneáil.

Luath nó mall, ar bhealach éigin, ní bheidh aon dul as ag an rialtas ach breis airgid agus coinníollacha níos fearr a thairiscint ar an gcúis chéanna.

Beidh beartais áirithe réasúnta simplí – breis múinteoirí meánscoile, mar shampla, a chur ar bhuanchonradh lánaimseartha. Ní theastaíonn ach airgead chun déileáil leis an éagóir.

Beidh go leor achrainn ag baint le go leor beartas eile, toisc nach ionann an riachtanas. Is é bun agus barr an scéil go gcaithfear breis airgid a thairiscint do dhaoine áirithe. Ní chuirfear seirbhísí éagsúla a theastaíonn go géar ar fáil dá n-uireasa.

Fág freagra ar 'Luath nó mall ní bheidh aon dul as ag an Rialtas ach coinníollacha oibre níos fearr a thairiscint…'

  • Deirdre B

    Níl an grianghraif seo oiriúnach don cholún. Éagothromaíocht idir óg and sean sa tseirbhís phoiblí atá i gceist anseo. Níl aon éagothromaíocht idir na fir agus na mná toisc nach bhfuil a leithéid ann sa tseirbhís phoiblí. Tá coinníollacha iontacha ar fáil do mháithreacha sa tseirbhís phoiblí faoi láthair, is múinteoir mé tuigim go domhain é :D Tá easpa fir sa mhúinteoireacht agus i leigheas ach sin é.