‘Luath i mí Eanáir’ a bheidh an vóta cinniúnach in Westminster faoin mBreatimeacht

Bhí an Taoiseach Leo Varadkar i measc na gceannairí Eorpacha a rinne beag is fiú inniu den áiteamh go bhféadfaí dul i mbun idirbheartaíochta arís faoin margadh

‘Luath i mí Eanáir’ a bheidh an vóta cinniúnach in Westminster faoin mBreatimeacht

I mí Eanáir a bheidh an vóta cinniúnach i bParlaimint na Breataine faoin mBreatimeacht.

Thug urlabhraí de chuid Phríomh-Aire na Breataine Theresa May le fios tráthnóna gur ‘chomh luath agus is féidir’ i mí Eanáir a réachtálfar an vóta faoin margadh Breatimeachta, vóta ar cuireadh siar an tseachtain seo é.

Chuir an Príomh-Aire siar an vóta faoin margadh a bhí beartaithe do Westminster an tseachtain seo agus d’admhaigh sí nach n-éireodh lena bplean sa pharlaimint mar gheall ar an imní a bhí ar chuid mhór feisirí faoi cheist an chúlstop.

Idir an dá linn, tá Theresa May, a tháinig slán ó vóta mímhuiníne in Westminster aréir, ar a dícheall ag iarraidh leasaithe a fháil ar an gcúlstop d’fhonn tuilleadh feisirí parlaiminte a mhealladh chun tacaíocht a thabhairt dá margadh imeachta.

Bhí an Taoiseach Leo Varadkar, a raibh cruinniú fada aige le May ar maidin, i measc na gceannairí Eorpacha, a rinne beag is fiú inniu den áiteamh go bhféadfaí dul i mbun idirbheartaíochta arís faoin margadh.

I ndiaidh chruinniú an lae inniu, dúirt Varadkar go rabhthas sásta an margadh a ‘shoiléiriú’ agus ‘a mhíniú’ a thuilleadh chun go dtuigfeadh feisirí parlaiminte níos fearr é, ach nach raibh an cúlstop “ar an mbord”.

Dúirt Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron nach mbeidh aon dul siar ar an margadh Breatimeachta agus gur “comhrá faoi chúrsaí polaitíochta” amháin a dhéanfaí faoi ag cruinniú mullaigh an AE anocht.

Dúirt Macron gur socrú dlí a bhí sa mhargadh Breatimeachta agus nach bhféadfaí aon leasú a dhéanamh air dá réir.

Dúirt Macron go raibh sé tábhachtach “aon débhrí a sheachaint” faoin margadh Breatimeachta.

“Ní féidir linn filleadh ar shocrú dlí, ní féidir idirbheartaíocht a dhéanamh athuair ar rud éigin a chaitheamar roinnt míonna i mbun idirbheartaíochta faoi. Is féidir linn comhrá polaitiúil a bheith againn sa chomhthéacs seo.”

Dúirt Príomh-Aire na Breataine Theresa May féin nach raibh sí ag súil go ndéanfaí aon dul chun cinn ag cruinniú mullaigh dhá lá an Aontais Eorpaigh maidir le ceist theorainn na Breataine in Éirinn.

Dúirt sí tráthnóna go raibh fúithi leanúint ar aghaidh ag iarraidh “gealltanais” a fháil ón AE maidir leis an margadh chun dul i ngleic leis an “imní” atá ar go leor feisirí parlaiminte faoi.

Dúirt ceannairí Eorpacha éagsúla inniu nach rachfaí i mbun idirbheartaíochta arís faoin margadh.

Tá lucht an Aontais sásta gnéithe áirithe den socrú maidir le ceist na teorann “a shoiléiriú”.

Is ar éigean a shásódh a leithéid na feisirí parlaiminte a bhfuil sé i gceist acu vótáil i gcoinne an mhargaidh nuair a chuirfear faoina mbráid é.

Cé gur éirigh léi teacht slán ó vóta muiníne na hoíche aréir in Westminster, tá Theresa May faoi bhrú mór agus é ag dul di a margadh Breatimeachta a dhíol le dóthain feisirí in Westminster. 

Bhuail May inniu leis an Taoiseach Leo Varadkar mar chuid de na cainteanna éigeandála atá ar bun aici faoi athruithe a dhéanamh ar an gcúlstop, an socrú sa mhargadh Breatimeachta chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint agus an dris chosáin is mó roimh an margadh i Westminster.

Fág freagra ar '‘Luath i mí Eanáir’ a bheidh an vóta cinniúnach in Westminster faoin mBreatimeacht'