Luachálaithe neamhspleácha á gceapadh chun praghas a chur ar Aerfort na Mine

Tá sé tugtha le fios ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go bhfuil sé socraithe Roinn na Gaeltachta le Aer Arann go gcaithfear deireadh a chur leis an idirbheartaíocht faoi cheannach Aerfort na Mine roimh Mhárta na bliana seo chugainn

Luachálaithe neamhspleácha á gceapadh chun praghas a chur ar Aerfort na Mine

Tá luachálaithe neamhspleácha á gceapadh ag Roinn na Gaeltachta agus Aer Arann chun praghas a chur ar Aerfort na Mine i gCois Fharraige.

Seo an chéad chéim eile sa phróiseas idirbheartaíochta maidir le plean na Roinne Aerfort na Mine a cheannach ón Seanadóir Gaeltachta Pádraig Ó Céidigh, úinéir an aerfoirt i gCois Fharraige agus Aer Arann Islands.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne leis an gclár News at One ar RTÉ inniu go gcuirfí tús leis an eadrán maidir le luach an aerfoirt ach a bpraghas a bheith faighte ag an dá dhream. Dúirt sé áfach go gcaithfí deireadh a chur leis an idirbheartaíocht faoi cheannach an aerfoirt roimh Mhárta na bliana seo chugainn mar gurb in a bhí aontaithe ag an Roinn le Aer Arann.

Dúirt an tAire Stáit gur “chun leas an uile dhuine” a bhí sé go gceannódh an Stát Aerfort na Mine do phobal Árann agus go raibh “muinín” aige nach mbeadh aon bhriseadh sa tseirbhís aeir le linn na Nollag ná sa bhliain nua. Bhí lánmhuinín aige, a dúirt sé, go dtiocfaí ar chomhlacht chun an tseirbhís a chur ar fáil sa ghearrthréimhse.

Tá Roinn na Gaeltachta ag iarraidh Aerfort na Mine a cheannach don Stát mar réiteach ar an éiginnteacht atá ann faoi aersheirbhís na n-oileán Árann ó d’fhógair Aer Arann an samhradh seo go raibh fúthu éirí as an tseirbhís mar gheall ar easaontas faoi théarmaí a gconartha.

D’fhógair an tAire Stáit Dé hAoine seo caite go raibh ‘Ceannteidil Chomhaontaithe’ sínithe ag a roinn agus Aer Arann Islands a fhágann go leanfaidh an comhlacht sin leis an tseirbhís aeir go dtí an 20 Nollaig, go mbeidh Aerfort na Mine ar fáil don tseirbhís go dtí Meán Fómhair 2021 agus go gcuirfear tús le próiseas idirbheartaíochta faoi phlean na Roinne Aerfort na Mine a cheannach.

Dúirt Micheál Ó Goill ó Choiste Cosanta na Seirbhíse Aeir go hÁrann ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu go rabhthas sásta leis an dul chun cinn a bhí á dhéanamh maidir le teacht as an tsáinn ina bhfuil an aersheirbhís.

Dúirt sé, áfach, nach bhféadfaí talamh slán a dhéanamh den tseirbhís aeir nó go mbeadh Aerfort na Mine ceannaithe ag an Stát agus conradh nua aontaithe a mbeadh níos mó “solúbthachta” ag baint leis.

Fág freagra ar 'Luachálaithe neamhspleácha á gceapadh chun praghas a chur ar Aerfort na Mine'