LITIR ÓN EASTÓIN: Na ‘daoine maithe’ aiséirithe i ndiaidh imeacht na Rúise

Tá saoirse iontach teangan, ceoil, rínce, ealaíon agus aon ní bundúchasach san Eastóin

LITIR ÓN EASTÓIN: Na ‘daoine maithe’ aiséirithe i ndiaidh imeacht na Rúise

Bhí sé d’ádh orm gur tugadh cuireadh athuair dom filleadh ar an oileán Eastónach seo Ruhnu, amuigh sa Mhuir Bhailt an samhradh seo.

Is amach ó chósta na Liotuáine atá sé ach gur ag an Eastóin atá buannacht air. Turas ceoil ab ea é dhomsa ag múineadh ceoil agus amhránaíochta do suas le 25 ceoltóir, veidhleadóirí a bhformhór, idir aois a 14 agus 48, agus cailíní is mó a bhí ann.

Bhíos ann cheana i samhradh na bliana 2017 agus mé ar an gcúram céanna lem mhac Conchúbhair a bhí ag múineadh chomh maith. Óir gurb í seo an deichiú bliain acu ag eagrú an champa ceoil áirithe seo, thugadar leo na haíonna mar mise a bhí acu i gcaitheamh na mblian san. Bhí acu mar sin ceol na Polainne, ceol dheisceart na Fraince (nó thuaisceart na Meánmhara mar a thugadar fhéin air le beagáinín seanbhlas ar pharlaimint Pháras!), ceol na Catalóine, na Gréige, na Créite agus na Brasaíle.

Thugas na cheithre lá deireanacha i Viljandi i mórthír na hEastóine ag féile mhór cheoil a raibh ar a laghad céad míle duine ar fad ann i gcaitheamh an deireadh seachtaine.

Ba é seo mo dhosaenú turas ar a laghad ar an Eastóin ó chuas ann an chéad lá riamh i 1988 le dream a thug Co-Operation North orthu fhéin agus dhein UTV taifeadadh ar an dturas agus Gerry Kelly á chur i láthair.

Bhí na Rúisigh i réim an uair sin agus geallaimse dhuit gur fearr de thír go mór inniu í ná an uair sin. Tuigim don Úcráin is a ndoicheall an Rúiseach a scaoileadh isteach athuair. Tá saoirse teangan, ceoil, rínce, ealaíon agus aon ní bundúchasach Eastónach anois acu, rud ba léir ná raibh an uair sin.

An turas sin, Lúnasa na bliana 1988, bhí cead againne ceoltóirí Éireannacha dul isteach i mbialanna áirithe ná raibh cead isteach iontu aige’s na ceoltóirí Eastónacha a bhíodh lenár gcois. Níor mhaith an bhraistint dúinne san, sinne mar mhóruaisle ó Éirinn mar dhea, is fáilte romhainn chun go scaipfimis cáil na féile is na flaithiúlachta ar an gCumannachas a bhí i réim agus ár gcairde ceoil, na fíor-Eastónaigh gan cead thar tairseach acu.

Tugadh amach ar dhá oileán an uair sin sinn, Hiiumaa agus Saaremaa, agus bhíomar ar an gcéad dream ó lasmuigh d’Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha (USSR) ar na hoileán sin le daichead bliain roimhe sin. Bhí gan amhras cad é caint ar Perestroika agus Glasnost an uair sin agus ba ghearr ina dhiaidh go bhfuaireadar a saoirse.

Is deacair cur síos i gceart ar an bhfáilte a cuireadh romhainn an uair sin. Tar éis coirm amháin thug bean úll dom. Duine eile brat beag na hEastóine a bhí i bhfolach laistigh de lipéad a casóige aici mar ná raibh sé ceadaithe ag an Rúiseach é bheith ar taispeáint go poiblí. Ghabh fear chugham tar éis seimint agus dúirt “When you play, you bring the fairies back to the room. The Russians have killed all ours.”

Bhuel óm thuras deireanach go dtí an dtír sin, tá na ‘fairies’ aiséirithe san Eastóin.

Le linn do scoláire agus veidhleadóir óg ón Eastóin, Karolina Krentaal a bheith i gcoláiste i Malmo na Sualainne timpeall na bliana 2011, trí thimpiste tháinig sí trasna ar thaifead a dhein stáisiún raidió ón tSualainn i 1938 ar an oileán iargúlta seo sa Mhuir Bhailt ar a dtugtar Ruhnu. Veidhleadóir darbh ainm Elias Schönb a bhí ag seimint. Gabha geal agus fear déanta troscáin adhmaid ab ea é chomh maith le bheith ag bualadh an chloig sa tséipéal ar an oileán go dtí gur chaill sé a radharc i 1930. Bhí an oiread san meas aige ar throscán dá dtáinig sé trasna air gur chuaigh sé ar a ghlúine agus dúirt paidir dó. Níor léigh sé ceol ach sheinn sé a raibh aige sa taifead de réir mar a chuimhnigh sé orthu. Mar a chuir Karoliina é:  “He had all the songs in his mind.”

Ansan agus deireadh ag teacht leis an darna cogadh domhanda agus a fhios ag lucht an oileáin ná raibh faic i ndán dóibh ach dlíthe Stalin, thréig na héinne an t-oileán ach amháin dhá chlann agus seo leo chun na Sualainne. Tharla san ar an gceathrú lá de Lúnasa 1944. Bhí, áfach, dhá chlann a fhan inti agus clann amháin acu san ab ea mac an veidhleadóra, Peetet Rooslaid. Tmpeall 60 duine atá ar an oileán inniu agus is daoine ó ar fuaid na hEastóine a bhformhór acu seo agus cuid de threabhchas na ndaoine a theith an tSualainn agus a d’fhíll an chuid eile acu, chomh maith le síolrach an dá chlann a sheas an fód.

Agus Karolina Kreintaal armtha leis an gcúlra seo agus an taifead ceoil, bheartaigh sí scoil cheoil a bhunú ar an oileán deich mbliana ó shin chun an ceol a d’eascair ón oileán san a mhúineadh agus a sheimint athuair ar an oileán agus níor thugadar cúl le cine mar is ag dul ó neart go neart atá sé ó shin agus ba mhór an onóir dom a bheith iarrtha thar n-ais an tarna babhta i mbliana.

Tír aoibhinn is ea an Eastóin ina bhfuil pobal daoine fíorfháilteach. Siad an treibh is dathúla dá dtána trasna riamh orthu, idir fhearaibh is mhnáibh. Ní daoine mórfhoclach, glórach ard ag caint iad ach tá siad fíormhacánta nuair a éiríonn leat comhrá a bheith agat leo.

Aon locht amháin a fuaireas ar Ruhnu agus bíonn locht amháin i gcónaí ann pé áit dá dtéann tú agus sé sin ná go rabhas ite im bheathaigh ag focain mosquitoes. Bhíos tiomáinte le gealaigh acu, an paca bastairdí. Bhíodar chomh tomhaiste cliste sin go bhfanfaidís go mbeinn ag seimint, go háirithe ar stáitse, nuair a bhí a fhios acu go rabhas gafa agus ná féadfainn scaoileadh fúthu, agus ansan bhailídís orm agus bhíodh féasta mór acu. Ní raibh aon bhall ná poll dem chorp ná go gcuadar ceangailte ann. Tá an t-oileán fágtha agam le coicíos agus táim fós im thochas fhéin.

Mar a deireadh Nóra Bean Uí Shéaghdha, trócaire uirthi i Scoil na Feothanaí agus scéal eachtraithe aici dhúinn na blianta fada ó shin – “Sin é mo scéalsa, má tá bréag ann bíodh.”

Fág freagra ar 'LITIR ÓN EASTÓIN: Na ‘daoine maithe’ aiséirithe i ndiaidh imeacht na Rúise'

  • Séadna Mac Seoin

    Bhaineas an-taitneamh as do litir a léamh, Bhreanndáin., Go raibh maith agat.

  • Máire

    An-alt

  • Sibéal

    Ar fheabhas a Bhreandáin
    “Is tusa do chum agus do cheap.”