Líon na mbásanna de bharr Covid-19 sa Tuaisceart beagnach 30% níos airde

Tá triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe ó thuaidh agus 2,087 duine ar a laghad básaithe in Éirinn ó thús na ráige

Líon na mbásanna de bharr Covid-19 sa Tuaisceart beagnach 30% níos airde

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá fógartha ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt go bhfuil triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

2,087 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,583 duine ó dheas den teorainn agus 504 ó thuaidh di.

23 cás eile den ghalar a deimhníodh ó thuaidh tráthnóna, rud a fhágann gur 28,895 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 24,391 cás ó dheas den teorainn agus 4,504 cás ó thuaidh

Ach de réir an eolais is déanaí a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) amach inniu, Dé hAoine, tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 504.

664 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 15 Bealtaine. 472 bás a thuairiscigh an Roinn Sláinte don tréimhse chéanna, rud a fhágann go bhféadfadh líon na mbásanna de bharr Covid-19 sa Tuaisceart a bheith beagnach 30% níos airde ná mar a thugtar le fios sna figiúirí oifigiúla éagsúla.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó NISRA tharla leath de na básanna de bharr Covid-19 in ionaid chúraim.

Básanna sna hospidéil den chuid is mó a fhógraíonn an Roinn Sláinte sa Tuaisceart agus ní chuireann siad ar an taifead ach cásanna a deimhníodh le tástáil go raibh Covid-19 i gceist. Cuireann NISRA san áireamh gach cás ina bhfuil Covid-19 luaite mar shiocair bháis ar theastas báis.

Idir an dá linn, tá Rialtas na hÉireann chun iachall a chur ar gach duine a thagann chun na hÉireann iad féin a leithlisiú ar feadh coicíse agus an seoladh ag a mbeidh sin á dhéanamh acu a thabhairt do na Gardaí.

Beidh ar an uile dhuine a thagann i dtír ag calafoirt agus aerfoirt na tíre é seo a dhéanamh agus cion a bheidh ann ag aon phaisinéir gan an fhoirm a thabharfaidh le fios cá mbeidh sé á leithlisiú féin a líonadh isteach.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an IRFU Philip Browne inniu go dtógfadh sé “glúin”sula mbeadh an rugbaí gairmiúil ar a chosa arís mura gcuirfeadh an rialtas tacaíocht ar fáil dóibh.

I Sasana léirigh taighde nua a rinne UCL agus Scoil Londan um an tSláinteachas agus an Leigheas Trópaiceach nach bhfuil ach leath an seans ann go dtolgfaidh páistí agus daoine óga an Covid-19. Meastar gur lú seans go scaipfidh páistí an galar chomh maith, ach deirtear nach bhfuil dóthain fianaise ann fós chun an méid sin a chruthú.

De réir an áirimh is déanaí atá déanta ag Ollscoil Johns Hopkins, nach mór 335,000 duine ar a laghad atá curtha den saol go dtí seo ag an gcoróinvíreas agus tá sé deimhnithe gur bhuail an galar breis is 5.1 milliún duine ar fud na cruinne.

Tá breis is 20,000 duine, ar a laghad, a raibh an galar orthu básaithe sa Bhrasaíl agus é ina imní go mbeidh Meiriceá Theas ar an gcéad eipealár eile ag an bpaindéim.

Fág freagra ar 'Líon na mbásanna de bharr Covid-19 sa Tuaisceart beagnach 30% níos airde'