Tá leithscéal gafa ag na páirtithe polaitíochta as ábhar bolscaireachta i mBéarla amháin a scaipfear ar mhuintir na Gaeltachta sa chéad olltoghchán eile.
Dúirt na páirtithe go léir gur chúis mhór aiféala dóibh go scaipfear bileoga Béarla san olltoghchán, a mheastar a bheidh ar siúl ag deireadh na bliana seo nó an bhliain seo chugainn.
Gheall na páirtithe go léir nach dtarlódh a leithéid arís in olltoghchán 2025.
Idir an dá linn, tá geallta ag iarrthóirí fud fad na tíre atá ag seasamh i dtoghcháin na seachtaine seo, gur Gaeilge amháin a labhróidh siad feasta má thoghtar Dé hAoine iad, bíodh is nach bhfuil aon fhocal Gaeilge ina bpluc ag cuid acu.
Gheall na hiarrthóirí an méid sin agus a thuilleadh go sollúnta i suirbhé a chuir Conradh na Gaeilge faoina mbráid.
Chuir na páirtithe agus na hiarrthóirí go léir tic le fonn san uile bhosca a cuireadh faoina bpus sa suirbhé agus dúradh gur fianaise eolaíoch an-dearfach go deo é sin ar rath na teanga agus ar an bhfeachtas stocaireachta is déanaí ag Conradh na Gaeilge.
Dúirt urlabhraí de chuid Chonradh na Gaeilge gur léirigh an feachtas, a bhfuil comhfhocal nua éigin agus haischlib roimhe mar theideal air, gur údar dóchais é toradh an tsuirbhé.
“Táimid an-sásta leis an bhfeachtas seo mar beidh tionchar dearfach aige ar normalú agus feiceálacht na teanga a éascú,” arsa urlabhraí thar ceann Chonradh na Gaeilge.
Fág freagra ar 'Leithscéal gafa as bileoga Béarla a scaipfear sa Ghaeltacht sa chéad olltoghchán eile'