Leithscéal gafa ag an Roinn Oideachais le bean Ghaeltachta ar dúradh ‘Speak English’ léi

Rinneadh gearán le hOifig an Choimisinéara teanga faoi eachtra inar dúradh le bean as Gaeltacht Chonamara Béarla a labhairt agus inar dúradh léi nach raibh ‘aon Ghaeilge sa Roinn Oideachais’

Leithscéal gafa ag an Roinn Oideachais le bean Ghaeltachta ar dúradh ‘Speak English’ léi

Tá leithscéal gafa ag an Roinn Oideachais le bean Ghaeltachta ar dúradh ‘Speak English’ léi nuair a ghlaoigh sí orthu ag lorg eolais.

Rinne an té atá i gceist gearán faoin eachtra le hOifig an Choimisinéara Teanga agus cuireadh in iúl di an tseachtain seo go raibh leithscéal gafa ag an Roinn léi as an méid a tharla agus go bhfuil “céimeanna glactha acu ó shin chun chuile iarracht a dhéanamh nach dtarlódh a leithéid arís”. 

Thug an Roinn le fios d’Oifig an Choimisinéara Teanga go raibh plé inmheánach déanta acu faoin eachtra inar dúradh leis an mbean as Gaeltacht Chonamara Béarla a labhairt agus nach raibh ‘aon Ghaeilge sa Roinn Oideachais’.

Mar thoradh ar an eachtra mheabhraigh lucht bainistíochta na Roinne do gach duine a bhíonn ag freagrairt na bhfón in oifigí na Roinne, i mBaile Átha Cliath agus i mBaile Átha Luain, na dualgais atá orthu faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Tuigtear gur meabhraíodh dóibh chomh maith na “nósanna imeachta atá socraithe agus ba cheart a leanúint” i dtaobh seirbhís a chur ar fáil don phobal i nGaeilge. 

Gheall lucht na Roinne d’Oifig an Choimisinéara chomh maith go n-eiseofaí “meabhrúcháin” i dtaobh na ceiste seo don fhoireann “go rialta as seo amach”. Dhéanfaí seiceáil “ó am go chéile” an raibh na dualgais teanga a gealladh á gcomhlíonadh.

Tuigtear do Tuairisc.ie go measann Oifig an Choimisinéara Teanga gur dócha gur cás a bhí anseo a bhain le duine aonair a chaith go dona leis an mbean nuair a labhair sí i nGaeilge leis.

Tuigtear go mbeadh sé i gceist ag Oifig an Choimisinéara Teanga tuilleadh fiosruithe a dhéanamh sa chás go gcruthófaí gur fadhb chórasach atá ag an Roinn maidir le seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge nó “go bhfuil patrún ann” i dtaobh na ceiste seo.

Tá Scéim Teanga aontaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ina bhfuil gealltanas tugtha maidir le seirbhís ar an nguthán a chur ar fáil do dhaoine a labhraíonn Gaeilge leo.

Tharla an eachta mí ó shin nuair a chuir an bhean glaoch ar phríomhuimhir na Roinne Oideachais ag cuardach eolais. Nuair a labhair sí Gaeilge leis an bhfáilteoir fir a d’fhreagair an fón, dúirt sé léi go borb agus gan aon leithscéal a dhéanamh, ‘Speak English’.

Nuair a d’fhiafraigh an bhean ansin den fháilteoir i mBéarla an amhlaidh nach raibh ‘aon Ghaeilge fágtha sa Roinn Oideachais’, dúradh léi nach raibh.

Fág freagra ar 'Leithscéal gafa ag an Roinn Oideachais le bean Ghaeltachta ar dúradh ‘Speak English’ léi'

  • Lillis Ó Laoire

    Níl mórán maitheasa sna meabhrúcháin gan cumas ná toil na foirfe. Dá mbeadh an cumas ann, leanfadh an toil é.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Ní rófhada ó sin gur bhuail duine atá cóngarch dom féin isteach i bpríomhoifig na Roinne i Sráid Maoilbhríde, nó an Roinn Oideachais agus Scileanna (sic.) lena teideal iomlán a thabhairt. Nuair a labhair mo chara i nGaeilge faoina cúram, dúradh léi, “I’ll get the person who has Irish.” Is cosúil, mar sin, go bhfuil duine amháin le Gaeilge ar a laghad ann agus seans nach raibh an té sin i láthair nuair do chuir an bhean ó Chonamara an glaoch.

  • Breathnóir1

    Chuir mise r-phost i nGaeilge chuig an Roinn Oideachais cúpla bliain ó shin.
    Thug siad neamhaird air. Chuir mé r-phost faoin ábhar céanna chucu i mBéarla tamall ina dhiaidh sin agus d´fhreagair siad láithreach me…

  • Máiread

    Níos measa lá i ndiadh lae.

  • Éamonn Ó Dónaill

    Bliain amháin agus mé ag cruinniú sa Roinn, d’fhiafraigh mé den dream a bhí i láthair an raibh mórán glaonna Gaeilge á bhfáil acu. Arsa cigire a bhí os mo chomhair amach, ‘Yeah, you get the odd fanatic.’

  • Béarla Teanga an Stáit

    Ní chuireann seo,íontas ar bith ar éinne. Nach é an Roinn Oideachas céanna atá ag cur bac docht ar fhás an Ghaeloideachais. Tá 25% de thuismitheoirí an deiscirt ag iarraidh go mbeadh a bpáistí ag freastal ar Ghaelscoil agus níl ach 5% de pháistí an deiscirt ag freastal Ghaelscoil!

  • An Roinn Éadóchais Neamhoilte

    An té a bhaist ‘Roinn an Éadóchais air, ba í a bhí grinn!

  • Séadna Mac Seoin

    Ní fiú faic brón a chur in iúl mura bhfuil gníomh dearfach leanúnach ina dhiaidh. An bhfuil sé i gceist mír den Ghaeilge a bheith ar gach cúrsa oiliúna a ritear do na státseirbhísigh, ionas go gcuirfí An Ghaeilge os a gcomhair go rialta.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Caithfidh nach bhfuil aird ar bith ar an Ghaeilg sa láthair oibre – sna hoifigí sin – atá ag an Roinn Oideachais. Caithfidh nach bhfuil tacaíocht ar bith a thabhairt daofa siúd san oifig a bhfuil Gaeilg acu. Agus caithfidh nach bhfuil plean teanga ar bith ag an roinn seo – samhnachsach. An bhfuil plean teanga ag ceann ar bith de na ranna stáit sa tír seo…

  • Mac an Mheiriceánaigh

    B’fhearr tír gan roinn oideachais ar bith ná tír leis an roinn uafásach seo.
    D’fhéadfainn féin polasaithe ní b’fhearr a scríobh agus mé gan saineolas ar bith san ábhar.
    Shílfeá go raibh daoine ag cruinniú le chéile go rialta ag cur ceiste ar a chéile céard is féidir linn a dhéanamh chun an Ghaeilge a dhíbirt den tír.