Léirmheas Teilifíse: RTÉ Investigates

Ba iad scóp agus cuimsitheacht imscrúdú RTÉ is mó a chuaigh i bhfeidhm ar ár gcolúnaí

 

Screen Shot 2015-12-08 at 14.02.29

‘Camasgail’ agus ‘caimiléireacht.’ Dhá fhocal a seoladh ó chuntas giolcaireachta Fhoclóir an Duinnínigh inné is tagairt á dhéanamh do chlár RTÉ Investigates: Standards in Public Office (RTÉ1, aréir).

Tá sé deacair dul ag áiteamh leis an gcur síos sin agus is cinnte go dtarraingeoidh ábhar an chláir raic agus tuilleadh conspóide inniu agus sna laethanta amach romhainn. D’imigh na meáin shóisialta bán ar fad agus faoi 11.00 aréir, bhí breis agsu 14,000 giolc faoin ábhar agus a haischlip féin ag #iwantloadsofmoney, tagairt ghreannmhar, léanmhar do ráitis duine de na comhairleoirí gur beireadh amuigh orthu.

Ach oiread leis an gclár an tseachtain seo caite (inar díríodh ar thionscal an ghnéis in Éirinn), ba iad scóp agus cuimsitheacht an imscrúdaithe is mó a chuaigh i bhfeidhm orm, agus is léir go bhfuil míonna oibre i gceist le gach clár acu. Chuir botúin chlúmhillte Mission to Prey Prime Time Investigates go tóin poill agus piardaí nuachta sinsearacha de dhroim seoil in 2011. D’eascair Aonad Imscrúdaithe RTÉ as aimléis na tréimhse sin. Tá ciall ceannaithe acu, agus bhí an cháiréis agus an chríochnúlacht le sonrú go láidir dá réir.

Sa chéad chuid den chlár, díríodh ar na dearbhuithe leasa a chaitheann gach duine den 1,200 polaiteoir áitiúil, náisiúnta agus Eorpach a líonadh agus tá an t-eolas cuimsitheach seo ar fáil ar shuíomh idirlín RTÉ.

Ba léir go bhfuiltear ar nós ‘cuma liom’ faoin bhfoirm, go mb’fhéidir go gcuireann sí mearbhall orthu siúd a líonann í nó go bhfuilid ag ganfhiosaíocht lena mba féin a chur thar abhainn. “Munar féidir leo foirm shimplí a líonadh amach, ní cheart dóibh a bheith ina n-ionadaithe tofa,” ba ea an sleais a caitheadh leis an leithscéal sin ar chlár Claire Byrne Live (RTÉ, aréir). Ní nach ionadh, ba é Fintan O’Toole a tugadh i lár an aonaigh sa chlár sin le seanmóir camastaíola a thabhairt uaidh.

Ba é an dara cuid den chlár imscrúdaithe a bhain an anáil den lucht féachana agus a ghin an rabharta giolcanna. Sa chuid seo den chlár, bhí iriseoir ag ligint uirthi féin go raibh sí obair do chomhlacht infheistíochta a bhí ag iarraidh muillte gaoithe a thógaint in Éirinn.

Roghnaíodh buíon polaiteoirí le dul i dteagmháil leo agus faoi dheireadh, d’éirigh leo triúr a fháil ar cheamara: an Comhairleoir Hugh McElvaney ó Mhuineachán, an Comhairleoir Joe Queenan ó Shligeach, agus an comhairleoir John O’Donnell ó Dhún na nGall.

Bhí an triúr acu glic go maith agus iad ag iarraidh go bhfanfadh an chomhghuaillíocht ar chúla téarmaí ach, ag an am céanna, iad ag lorg cúitimh, an loads of money úd.

Cúpla babhta, do rith sé liom go raibh an rud ar fad cosúil le háiféis Fr. Ted. Go deimhin, tá cuid de na leithscéalta atá cloiste againn ó shin níos áiféisí ná “the money was only resting in my account.”

Bhí an rud ar fad ionann is dochreidte agus nuair a chonac an mhír ina raibh an Comhairleoir McElvaney ag éirí as Fine Gael go drámatúil agus stadán den Bull McCabe sa chúlra, ní raibh a fhios agam an gceart dom gáire a dhéanamh nó an bhróg a chur tríd an scáileán.

Fág freagra ar 'Léirmheas Teilifíse: RTÉ Investigates'